Mallacht na Gaeltachta ar Mhícheál Breathnach agus Gaelú déanta ar fhear Bhaile Bhuadáin san Astráil

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a imríodh i gcraobhacha na gclubanna ag an deireadh seachtaine

Mallacht na Gaeltachta ar Mhícheál Breathnach agus Gaelú déanta ar fhear Bhaile Bhuadáin san Astráil

Kieran Walsh (Fánaithe an Ruiséalaigh) agus Breandán Ó Conghaile (Micheál Breathnach). Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Mallacht na Gaeltachta ar Mhícheál Breathnach

Briseadh croí a bhí i ndán d’iománaithe Mhicheál Breathnach inné nuair a chlis ar an bhfoireann as Conamara i gcluiche leathcheannais Chraobh Shóisir Iomána na hÉireann.

Bhí cuma na maitheasa ar an bhfoireann Ghaeltachta agus an t-am beagnach caite. D’aimsigh an lántosach, Rónán Ó Beoláin, cúl chun na Breathnaigh a chur dhá phointe chun tosaigh, 1-15 in aghaidh 0-16 agus 60 nóiméad imeartha. Níor ghéill a gcéilí comhraic, Fánaithe an Ruiséalaigh as Corcaigh, áfach, agus d’aimsigh siad dhá phointe in am cúitimh chun teacht ar ais ar comhscór.

D’aimsigh James Kennifick cúl do sheaimpíní na Mumhan ag tús na tréimhse breise chun borradh a chur fúthu agus bhí rith an ráis le Fánaithe an Ruiséalaigh as sin go deireadh. D’éirigh leo ocht bpointe as a chéile a aimsiú agus an cluiche a bhuachan, 1-26 in aghaidh 1-15.

Imreoirí Micheál Breathnach in ísle brí ag deireadh an chluiche. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

D’fhág an toradh gurb iad na fir as Corcaigh a bheidh ag imirt sa chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh ar an 18 Eanáir agus go mbeidh foireann Ghaeltachta eile ag iarraidh teacht chucu féin tar éis dóibh cliseadh i mbabhta leathcheannais na hÉireann.

D’éirigh le ceithre chumann Gaeltachta áit a bhaint amach i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann le trí bliana anuas, Micheál Breathnach (sóisir, iomáint 2019-20), Gaoth Dobhair (sinsir, peil 2018-19), An Spidéal (idirmheánach, peil 2018-19) agus An Ghaeltacht (idirmheánach, peile2018-19), ach theip orthu ar fad an cluiche ceannais a bhaint amach.

In 2014 an uair dheireanach ar éirigh le cumann Gaeltachta áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais in aon ghrád, nuair a bain Cill tSéadhna as Maigh Eo áit amach i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann

Fear Bhaile Bhuadáin Gaelaithe san Astráil

James Madden ag imirt do Bhaile Buadáin in 2018. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Thart ar seacht nóiméad fágtha sa chluiche idir Chill Chua agus Baile Buadáin Naomh Éanna i mbabhta leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann nuair a shocraigh seaimpíní Átha Cliath ionadaí amháin eile a chur chun páirce. Bhí Baile Buadáin ceithre phointe chun deiridh ag an am ach, aisteach go leor, chinn siad imreoir nár imir dóibh in aon chluiche roimhe sin san fheachtas a thabhairt isteach.

Is beag aithne a bheadh ag mórán ar an bhfear a tháinig chun páirce, Séamus Ó Maidín, ach thuig roinnt daoine a bhí i láthair céard a bhí ag tarlú. D’fhág James Madden, fear óg a d’imir faoi aois d’fhoirne iomána agus peile Átha Cliath, an tír seo in 2018 agus conradh sínithe aige leis na Brisbane Lions san AFL. Bhí Madden ar ais anois, áfach, agus a ainm Gaelaithe aige.

Níl aon líomhaintí á ndéanamh go raibh Baile Buadáin ag déanamh aon ní as bealach agus ní chuirfidís Madden chun páirce i gcluiche chomh tábhachtach murach go raibh sé cláraithe.

Le blianta beaga anuas, tugadh rabhadh do roinnt imreoirí AFL a d’imir cluichí CLG nuair a bhí siad sa bhaile in Éirinn, Conor McKenna agus Mark O’Connor ina measc, ach deirtear go raibh cead faighte ó na Brisbane Lions ag Madden/Ó Maidín imirt sa chluiche.

Is léir, áfach, go raibh daoine áirithe fós ag iarraidh an scéal sin a choinneáil faoi cheilt.

Is i mBéarla amháin a bhíodh ainm Madden agus é ag imirt do Bhaile Bhuadáin roimhe seo agus cé gur chuir cuntas Twitter Bhaile Buadáin tvuíteanna amach ag fógairt gach ceann de na cúig athrú eile a rinne siad, ní raibh tásc ná tuairisc ar tvuít faoi theacht chun páirce Madden (ná Ó Maidín).

Údar mór díomá ag Sleacht Néill ar an lá mór arís

An réiteoir Fergal Horgan ag déanamh cinneadh le linn an chluiche. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Má bhí ábhar díomá ag foirne Gaeltachta i gCraobhacha na hÉireann le blianta beaga anuas, ní tada é i gcomparáid leis an gcrá croí a bhí ann do Shleacht Néill as Doire san achar céanna.

Níor tugadh seans ar bith do Shleacht Néill i mbabhta leathcheannais Chraobh Shinsir Iomána na hÉireann agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Héil inné. Cé nár éirigh le seaimpíní Uladh sa deireadh, bhí siad ar fheabhas sa chluiche agus ardmholadh tuillte acu.

Is beag an chabhair é sin d’imreoirí Shleacht Néill, áfach, agus cluiche mór eile sciobtha uathu.

Idir an pheil agus an iomáint, tá Craobh Shinsir Uladh buaite sé huaire ag fir Shleacht Néill le cúig bliana anuas ach fós níor éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan. Chlis orthu ceithre huaire i mbabhtaí leathcheannais agus faoi dhó i gcluichí ceannais.

Tá buíon imreoirí den scoth ag imirt le Sleacht Néill faoi láthair agus is mór an trua a bheadh ann mura n-éireodh leo Craobh na hÉireann amháin a bhuachan.

D’fhéadfadh dea-scéal a bheith ag an gcumann i mbliana fós, áfach. Tá gaiscí déanta ag foireann chamógaíochta Shleacht Néill agus Craobh Shinsir na hÉireann tugtha leo acu gach bliain le trí bliana anuas agus tá siad anois sa tóir ar an gceathrú craobh as a chéile.

Cora Finne ina gcrá croí ag Nemo

Jason Leonard ag ceiliúradh agus an cluiche buaite ag Cora Finne. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Nuair a chas Cora Finne agus Raonaithe Nemo ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann 2018, rinne Cora Finne slad ar sheaimpíní Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh. D’aimsigh fir na Gaillimhe 2-19 an lá sin agus ní raibh Raonaithe Nemo in ann acu ar chor ar bith.

Agus na foirne ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís an deireadh seachtaine seo, rinneadh go leor tagairtí don chluiche sin ach measadh nach mbeadh rudaí chomh héasca ag an bhfoireann as Gaillimh an uair seo.

Ceapadh go mbeadh cúrsaí níos deacra ag Cora Finne agus iad ag imirt i bPáirc Uí Chíosóg in Inis seachas i bPáirc an Chrócaigh agus, níos tábhachtaí fós, measadh go raibh Raonaithe Nemo níos láidre ná mar a bhí.

Ní raibh cúl ar bith géillte ag Nemo le sé chluiche anuas ach níor thóg sé ach 33 soicind ar Chora Finne an brat glas a ardú in Inis nuair a d’aimsigh Micheál Lundy cúl gleoite. D’aimsigh Cora Finne ceithre phointe eile as a chéile ansin chun iad a fhágáil seacht bpointe chun tosaigh leath bealaigh tríd an gcéad leath agus an chuma ar an scéal go raibh rás Nemo rite cheana féin.

Tháinig Nemo ar ais de bheagán ag deireadh an chéad leatha agus cé nach raibh an cluiche chomh haontaobhach agus a bhí an ceann in 2018, ní raibh Cora Finne i mbaol ag am ar bith.

Casfaidh siad anois ar Chill Chua i gcluiche ceannais na hÉireann faoi cheann coicíse agus iad ag iarraidh Corn Andy Merrigan a thabhairt leo den tríú bliain as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ag aon chumann roimhe seo.

Fág freagra ar 'Mallacht na Gaeltachta ar Mhícheál Breathnach agus Gaelú déanta ar fhear Bhaile Bhuadáin san Astráil'