Bua gan stró i ndán do Chiarraí ach coimhlintí géara a bheidh sna babhtaí cáilithe

Ba cheart go mbeadh Ciarraí i bhfad rómhaith do Chorcaigh i bPáirc Uí Chaoimh anocht ach beidh taispeántais mhaithe ag teastáil ó Mhaigh Eo agus ó Mhuineachán más leo fanacht sa chraobh

Bua gan stró i ndán do Chiarraí ach coimhlintí géara a bheidh sna babhtaí cáilithe

Paul Geaney. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Corcaigh v Ciarraí – Páirc Uí Chaoimh, 7.00pm (Beo ar RTÉ2)

Seacht bpointe dhéag a bhí idir na foirne seo nuair a chas siad ar a chéile i gcluiche ceannais na Mumhan in 2018 i bPáirc Uí Chaoimh agus cé go mbeidh peileadóirí Chorcaí ag súil nach mbuailfear chomh dona arís iad anocht, is deacair mórán seans a thabhairt dóibh i gcoinne Chiarraí.

Bhí cuma na maitheasa ar Chorcaigh i gcoinne Luimnigh i gcluiche leathcheannais an chúige cúpla seachtain ó shin agus bhuaigh siad leis an scór 3-18 in aghaidh 0-6. Bhuaigh siad ar Áth Cliath agus ar Ghaillimh i gcluichí dúshláin le gairid freisin, ach mar sin féin drochseans go mbeidh siad in ann ag Ciarraí anocht.

Díbríodh Corcaigh ó Roinn 2 na sraithe níos luaithe i mbliana agus cé go bhfuil torthaí maithe faighte acu le mí anuas, ní bheadh mórán údar dóchais agat go mbeidh cluiche nó dhó buaite acu i gcoinne foirne láidre.

Bhí a gcuid fadhbanna féin ag Ciarraí go dtí seo i mbliana ach níor cheart go gcuirfí mórán stró orthu i gcathair Chorcaí inniu.

Ní raibh fir na Ríochta thar mholadh beirte sa gcluiche i gcoinne an Chláir ach thug siad na cosa leo.

Tá James O’Donoghue gortaithe ach tá tosaithe eile den scoth ag Ciarraí amhail David Clifford, Seán O’Shea agus Paul Geaney. I gcás Chiarraí is faoi na himreoirí ar an taobh eile den pháirc is mó atá amhras.

Agus an tsraith curtha díobh acu, ba léir go raibh laigí le leigheas ag Ciarraí, ach ní bheidh a fhios ag Peter Keane ar éirigh leis na fadhbanna sin a réiteach go dtí go gcuirfear tástáil cheart orthu agus ní dóigh gur anocht a dhéanfar sin.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Cosantóir Mhaigh Eo, Lee Keegan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Dún v Maigh Eo – Páirc Esler, 9.00pm

Nuair a chlis Maigh Eo i gcoinne Ros Comáin i gcluiche leathcheannais Chonnacht, is dóigh go raibh siad ag súil go mbeadh cluiche níos éasca rompu i mBabhta 2 na gcluichí cáilithe. Is baolach nach amhlaidh a bheidh anocht agus iad ag taisteal go Páirc Esler chun aghaidh a thabhairt ar an Dún.

Tá an-bhorradh faoi fhoireann an Dúin i mbliana. Bhí mí-ádh ceart orthu nár éirigh leo ardú céime a fháil ó Roinn 3 na sraithe. Ní raibh siad ach aon phointe amháin chun deiridh ar Laois ar dhifríocht na scór, agus bhí an mí-ádh céanna orthu i gcraobh Uladh nuair a bhuail Ard Mhacha iad in am breise.

Bhuaigh an Dún ar Thiobraid Árann sa gcéad bhabhta de na cluichí cáilithe agus rachaidh sé crua ar Mhaigh Eo déileáil le Dónal O’Hare, Connaire Harrison, Caolán Mooney agus a leithéidí. Ní hamháin sin ach is maith an aithne atá ag bainisteoir an Dúin, Paddy Tally, ar Mhaigh Eo tar éis dó a bheith ina thraenálaí ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh faoi dhó orthu anuraidh.

Is iontach an buille é do James Horan nach mbeidh teacht aige ar Matthew Ruane atá gortaithe faoi láthair.

Más le Maigh Eo teacht slán, caithfidh siad dul go dtí an tobar uair amháin eile. D’fhéadfadh a rás a bheith rite anocht.

Rogha Tuairisc.ie: An Dún

Laoch Mhuineacháin, Conor McManus. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Muineachán v Ard Mhacha – Cluain Eois, 7.00pm

Amhail Mhaigh Eo, tá Muineachán ar cheann de na foirne is fearr sa tír le roinnt blianta anuas ach tá siadsan iad féin i mbaol anocht. Beidh Ard Mhacha ag tabhairt a n-aghaidh ar Pháirc Naomh Tiarnach i gCluain Eois agus buachaillí Kieran McGeeney sa tóir ar bhua tábhachtach dóibh féin.

Goillfidh sé go mór ar Ard Mhacha nár éirigh leo áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Uladh de bharr gur chaill siad san athimirt i gcoinne an Chabháin agus beidh siad ar a míle dícheall le fanacht sa chraobh.

Leamh go maith a bhí an taispeántas a thug Muineachán i gcoinne an Chabháin i gcraobh Uladh agus cé gur bhuaigh siad ar Fhear Manach roimhe seo sna babhtaí cáilithe, thug siad a ndóthain go maith le déanamh do Mhuineachán.

Tá Darren Hughes fós ar iarraidh ar Mhuineachán agus é ar fionraí ach beidh siad ag súil go dtiocfaidh feabhas ar Conor McManus agus a leithéidí. Níl faighte ag Mac Mánais ach dhá phointe ón imirt sa dá chluiche craoibhe atá imeartha aige i mbliana.

Ba cheart go mbeadh cluiche crua eile againn anseo ach d’fhéadfadh taithí Mhuineacháin a bheith cinniúnach.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Fág freagra ar 'Bua gan stró i ndán do Chiarraí ach coimhlintí géara a bheidh sna babhtaí cáilithe'