Cé atá ag iarraidh troid ar son na Bruiséile agus Juncker?

Is fada ceisteanna bunúsacha á gcur faoi fhorbairt an Aontais Eorpaigh agus níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil dream ar bith lena bhfreagairt go sásúil

Cé atá ag iarraidh troid ar son na Bruiséile agus Juncker?

An léann ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, The News Letter, an nuachtán Béarla is sine ar domhan? Is i mBéal Feirste a fhoilsítear é agus is nuachtán é a bhfuil luí le haontachtaithe aige.

Bhí alt ag comhfhreagraí polaitíochta an pháipéir, Sam McBride le déanaí faoi Shinn Féin agus an tAontas Eorpach – ‘Inherent tension in Sinn Féin’s EU stance will be difficult to balance’. Chuir McBride síos ar agallamh a rinne McDonald le The New Statesman, iris de chuid na heite clé sa Bhreatain. Thug McDonald le fios go meallfadh ballraíocht Phoblacht na hÉireann san Aontas Eorpach daoine i dtreo Éire aontaithe, daoine a bhí ar nós cuma liom faoi dheireadh a chur leis an chríochdheighilt roimhe sin.

Ach, a scríobh McBride, níor luaithe sin ráite aici gur thiontaigh Sinn Féin ‘its political guns on the EU, with salvo after salvo from senior party figures and the description of unspecificied EU leaders as ‘war mongers’’. Chuir McBride síos ar chaint a rinne Aengus Ó Snodaigh ag moladh do chinnirí Fhine Gael tarraingt siar ‘from the headlong rush to an EU army’.

Chreid McBride gur léirigh an eachtra ‘a wider difficulty for Sinn Féin – its inherent Euroscepticism, which survives in the South now, sits uneasily alongside its fervently pro-EU pitch in Northern Ireland’.

Mar bharr ar an donas, maisíodh an t-alt le grianghraf de Nigel Farage agus Mary Lou McDonald agus líne faoi: ‘The then Sinn Féin Deputy Leader Mary Lou McDonald and the then UKIP leader Nigel Farage on the same side of the 2009 Lisbon Treaty debate.’

Agus alt McBride i gcló, d’eisigh Sinn Féin ráiteas an lá céanna ag deimhniú go mbeadh a feisire parlaiminte reatha san Aontas Eorpach, Martina Anderson, ag seasamh arís sna toghcháin Eorpacha sa Tuaisceart– má bhíonn siad ann. Thug McDonald le fios go raibh Sinn Féin ‘euro-critical’:

‘There are fundamental questions to be asked about the direction of the EU. The north leaving is not the answer. Leaving was never the answer. All of Ireland should be in the EU, leading a fair and social Europe, opposing federalisation and the creation of an EU army.’

Is í an sórt reitrice í a bhíonn ag Sinn Féin agus ag gach aon uile pháirtí eile ar na saolta seo – níl muid ar a shon seo ach is fearr duitse muidinne a bheith ag plé leis an rud seo nach bhfuil muid ar a shon ná an dream eile.

Euro-criticiúil? Ceisteanna bunúsacha? Bhuel, sea. Is fada na ceisteanna bunúsacha sin á gcur faoi fhorbairt an Aontais Eorpaigh agus níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil dream ar bith lena bhfreagairt go sásúil.

Is minic a luann tráchtairí na hÉireann an dá vóta a chaith vótóirí na Poblachta in éadan chonarthaí Nice agus Liospóin mar léiriú ar easpa daonlathais an Aontais. Tugadh ar na vótóirí vótáil an dara huair agus na conarthaí a dheimhniú.  Ach tharla an rud céanna i gcás vótóirí na Fraince agus na hÍsiltíre i gcás mholtaí an Aontais. Vótáil siad go tuathal ach thug lucht an Aontais na conarthaí isteach go deiseal.

Ceann de na rudaí is mó a bhaineann leis an Bhreatimeacht go bhfuil an iaróg ar fad i ndiaidh a chur i gcuimhne dúinn arís eile go bhfuil fabht bunúsach in inneall daonlathach an Aontais. I mbeagán focal, tá cead agat vótáil in éadan mhianta an Aontais ach ní bhfaighidh tú do mhian.

Ní hionann mata san Aontas agus sa chuid eile den domhan is cosúil. Vótáil 52 faoi gcéad de vótóirí na Ríochta Aontaithe le himeacht ach níor éirigh leo. Gach aon seans nár thuig siad nach ligfí an lá leo. Gach aon seans go raibh dearmad déanta acu ar vótóirí na Fraince, na hÍsiltíre agus na Poblachta roimhe seo. Gach aon seans fosta gur chreid vótóirí na Ríochta Aontaithe nach mbeadh an dánaíocht san Aontas cur ina n-éadan. Ba bheag a gciall.

Cad é is fiú, sa chomhthéacs sin, reitric Shinn Féin, Fhine Gael, Fhianna Fáil agus eile faoi arm Eorpach? Má bhunaíonn an tAontas arm dá gcuid féin, cé a chreideann nach mbeidh ar phobal uile na hÉireann, thuaidh agus theas, páirt a ghlacadh ann?

Luaigh McBride ráitis a rinne an Taoiseach, Leo Varadkar – ‘backed up by Fianna Fáil’ – faoi ‘a Europe that is worth building is a Europe that is worth defending’.  Mhaígh McBride gur léirigh na ráitis go gcreideann an Taoiseach ‘that it is necessary for Europe to defend itself rather than relying on the US’.

Mhaígh sé chomh maith gurb í an argóint atá ag Varadkar ‘that Ireland will be able to opt out of certain … elements’.

I bhfianaise chonarthaí Nice agus Liospóin agus an vóta ar son an Bhreatimeachta, cé a chreidfeadh go mbeidh deis ‘opt out’ ann dáiríre? Cé a chreidfeadh go mbeadh rogha de chineál ar bith ag an ghnáthdhuine san Aontas Eorpach faoin cheist sin nó faoi cheisteanna eile amach anseo?

Seans go mbeifeá sásta troid ar son na Banríona nó ar son na Poblachta. Ach cé atá ag iarraidh troid ar son na Bruiséile agus Juncker?

Fág freagra ar 'Cé atá ag iarraidh troid ar son na Bruiséile agus Juncker?'

  • Breathnóir1

    Fágadh ar lár san anailís seo: an chaimiléireacht a bhí ar bun ag an dream a bhí ar son Breatimeachta, rud atá cruthaithe anois, agus na bréaga gan náire a insíodh le daoine a mhealladh i dtreo na Breatimeachta.
    Níl an AE gan locht ach tá an ceart ag Sinn Féin tacú leis anois agus a seasamh frithAE a thréigean. B´fhearr liom bheith ar an taobh céanna le Donald Tusk agus Michel Barnier ná Nigel Farrage agus Boris Johnson.

  • Seàn Hade

    Ceann suimiúil, a Phóil. Mar a tharlaíonn, tá saighdiúirí ó dhá chuid an oileáin ar dualgas faoi scáth an Aontais le chéile le fada an lá. Siar in 2013 bhunaigh an tAontas EUTM MALI (EU Training Mission) faoi cheannas na hÉireann is na Ríochta Aontaithe. Gan aon amhras is grúpa oiliúna iad seachas Cathlán comhraic ach, dá dtarlóidh sé arís go mbeadh idirghabháil le déanamh (mar a rinne NATO sa Chosáiv/sa tSeirbia sna 1990aidí), an bhfuil tú ag rá gur dhrochrud a bheadh ann dá dtabharfadh an tAontas féin faoi “mar arm/mar fhórsa míleata”?

  • Eoin Ó Murchú

    Alt an-mhaith ar fad. Ach a Bhreathnóir1, luann tú “caimiléireacht an dream a bhí ar son Breatimeachta. Ach déanann tú dearmad ar an gcaimileireacht a rinne an dream a bhí in éadan Bhreatimeachta – dearmad ar nós an ráiteas go dtitfeadh eacnamaíocht na Breataine díreach an lá i ndiaidh an reifrinn dá vótáilfeadh móramh ar son imeachta. Bhuel, vótáil siad imeacht ach níor thit an eacnamaíocht go fóill cé go bhfuil lucht an fhaitís ag tabhairt foláirimh dúinn lá i ndiaidh lae i gcónaí go dtitfidh.

  • Breathnóir1

    A Eoin, níor fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach go fóill.