Tá seacht n-ainmniúchán faighte ag cláir raidió Gaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Raidió IMRO 2018.
Sé chlár ar fad atá ainmhithe sa rannóg ‘Craoltóireacht le Gaeilge’ agus tá an tsraith cheoil An Seisiún, a léirigh Cian Mac Carthaigh agus Lisa McGeough, ainmnithe sa rannóg ‘Clár Faisnéise Ceoil’.
Sraith cheoil í An Seisiún, a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mí an Mhárta seo caite, inar tugadh dúshlán do cheoltóirí amhráin i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh taobh istigh d’am teoranta i stiúideo ceoil i mBaile Átha Cliath.
I measc na gclár ceoil eile a mbeidh An Seisiún in iomaíocht leo don ghradam ‘Clár Faisnéise Ceoil’, tá The Recovery Café (BBC Radio Ulster), Conversations About the King (RTÉ Radio 1) agus Totally Irish – Music Makers (98FM).
San iomaíocht don ghradam craoltóireachta Gaeilge i mbliana, tá Fiona Ní Dhonnabháin’s Samhlaigh a bhíonn le cloisteáil ar Red FM, Splanc a chraoltar ar Newstalk gach oíche Dé hAoine, Rónán Beo@3, Rí Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Pop Raidió le Laois De Cantilliun ar Spin SW agus Scoil Bhríde – 100 Bliain d’Aois, clár faisnéise de chuid BBC Raidió Uladh.
Ba é Cormac ag a Cúig, an clár cúrsaí reatha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhuaigh an gradam Gaeilge anuraidh.
Painéal 90 moltóir a roghnaigh an 217 ainmniúchán atá ar ghearrliosta IMRO na bliana seo.
Ní féidir le stáisiúin phobail cur isteach ar ghradaim IMRO agus mar sin ní bhíonn aon chlár a chraoltar ar Raidió na Life, Raidió Fáilte ná Raidió na dTreabh san iomaíocht, ná aon chlár Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin phobail eile san áireamh.
Bronnfar 37 gradam éagsúil ag Gradaim Raidió IMRO i mí Dheireadh Fómhair.
Fág freagra ar '‘An Seisiún’, ‘Rí Rá ar RnaG’ agus ‘Pop Raidió’ i measc na gclár raidió Gaeilge ar ghearrliosta IMRO'