‘An Seisiún’, ‘Rí Rá ar RnaG’ agus ‘Pop Raidió’ i measc na gclár raidió Gaeilge ar ghearrliosta IMRO

Seacht n-ainmniúchán faighte ag cláir raidió Gaeilge do Ghradaim Raidió IMRO 2018 agus sé cinn acu sin sa rannóg don chlár Gaeilge is fearr

‘An Seisiún’, ‘Rí Rá ar RnaG’ agus ‘Pop Raidió’ i measc na gclár raidió Gaeilge ar ghearrliosta IMRO

Inni-K, duine de na ceoltóirí a ghlac páirt sa tsraith cheoil 'An Seisiún'

Tá seacht n-ainmniúchán faighte ag cláir raidió Gaeilge ar ghearrliosta Ghradaim Raidió IMRO 2018.

Sé chlár ar fad atá ainmhithe sa rannóg ‘Craoltóireacht le Gaeilge’ agus tá an tsraith cheoil An Seisiún, a léirigh Cian Mac Carthaigh agus Lisa McGeough, ainmnithe sa rannóg ‘Clár Faisnéise Ceoil’.

Sraith cheoil í An Seisiún, a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mí an Mhárta seo caite, inar tugadh dúshlán do cheoltóirí amhráin i nGaeilge a chumadh agus a thaifeadadh taobh istigh d’am teoranta i stiúideo ceoil i mBaile Átha Cliath.

I measc na gclár ceoil eile a mbeidh An Seisiún in iomaíocht leo don ghradam  ‘Clár Faisnéise Ceoil’, tá The Recovery Café (BBC Radio Ulster), Conversations About the King (RTÉ Radio 1) agus Totally Irish – Music Makers (98FM).

San iomaíocht don ghradam craoltóireachta Gaeilge i mbliana, tá Fiona Ní Dhonnabháin’s Samhlaigh a bhíonn le cloisteáil ar Red FM, Splanc a chraoltar ar Newstalk gach oíche Dé hAoine, Rónán Beo@3Rí Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Pop Raidió le Laois De Cantilliun ar Spin SW agus Scoil Bhríde – 100 Bliain d’Aois, clár faisnéise de chuid BBC Raidió Uladh.

Ba é Cormac ag a Cúig, an clár cúrsaí reatha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhuaigh an gradam Gaeilge anuraidh.

Painéal 90 moltóir a roghnaigh an 217 ainmniúchán atá ar ghearrliosta IMRO na bliana seo.

Ní féidir le stáisiúin phobail cur isteach ar ghradaim IMRO agus mar sin ní bhíonn aon chlár a chraoltar ar Raidió na Life, Raidió Fáilte ná Raidió na dTreabh san iomaíocht, ná aon chlár Gaeilge a chraoltar ar stáisiúin phobail eile san áireamh.

Bronnfar 37 gradam éagsúil ag Gradaim Raidió IMRO i mí Dheireadh Fómhair.

Fág freagra ar '‘An Seisiún’, ‘Rí Rá ar RnaG’ agus ‘Pop Raidió’ i measc na gclár raidió Gaeilge ar ghearrliosta IMRO'