‘There will not be an Irish language Act, and the quicker they catch on the better’ – an Ghaeilge faoi ionsaí ag an DUP i Westminster

Rinne Feisirí Parlaiminte de chuid an DUP ionsaí ar an nGaeilge agus ar an éileamh ar acht Gaeilge le linn díospóireacht in Westminster aréir faoi chúrsaí buiséid

‘There will not be an Irish language Act, and the quicker they catch on the better’ – an Ghaeilge faoi ionsaí ag an DUP i Westminster

Agus díospóireacht faoi Bhuiséad Thuaisceart Éireann ar siúl i Westminster aréir, rinne Feisirí Parlaiminte de chuid an DUP ionsaí ar an Ghaeilge agus ar an éileamh ar acht Gaeilge.

Ba é Jim Shannon, urlabhraí Iompair agus Sláinte an DUP, ba dhiongbháilte a labhair i gcoinne an éilimh ar acht Gaeilge.

“Ní bheidh aon acht Gaeilge ann agus dá thúisce a thuigeann siad é sin, is ea is fearr é,” a dúirt Shannon.

Dúirt an Feisire do Bhaile Loch Cuan gur ceist í an Ghaeilge nach ngéillfidh ceachtar don dá thaobh ina leith agus go raibh daoine ina thoghcheantar féin i gContae an Dúin, glan i gcoinne aon achta teanga.

Dúirt sé nach raibh aontachtaithe ag iarraidh go gcuirfí airgead amú ar an Ghaeilge nuair nach raibh “gá leis” agus nár mhaith leo an Ghaeilge a bheith á teagasc sna scoileanna ná a bheith le cloisteáil sna cúirteanna nuair nach bhfuil tóir ar a leithéid.

“Níl uainn go mbeadh an Ghaeilge á múineadh i mbunscoileanna in aghaidh thoil fhormhór na ndaltaí agus na dtuismitheoirí. Níl uainn go mbeadh comharthaí sráide i nGaeilge thuas i dTamhnaigh Naomh [Saintfield],” arsa Jim Shannon.

Mhaígh Shannon, áfach, go n-aithníonn sé go bhfuil sé de cheart ag daoine an Ghaeilge a bheith acu agus nach bhfuil sé ina choinne sin.

Sammy Wilson agus Paul Girvan an bheirt fheisirí eile ón DUP a labhair amach i gcoinne na Gaeilge.

Dúirt Wilson go raibh “éagothroime i réim” sa Tuaisceart toisc “tús áite a bheith tugtha do reachtaíocht don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta”, rud a chiallaíonn, a dúirt sé, gur féidir scoileanna Gaeilge a bhunú agus gan ach líon beag daltaí a bheith ag freastal orthu.

Mhaígh sé gur osclaíodh “roinnt meánscoileanna nach bhfuil oiread agus 14 dalta iontu” agus gur gá an Feidhmeannas a chur ar bun arís le go bhféadfaí díriú ar thosaíochtaí eile seachas an Ghaeilge agus ar cheisteanna ina raibh éagothroime dáiríre i gceist maidir le maoiniú.

“…Ceann de na cúiseanna atáimid anseo ag plé an bhuiséid seo anocht ná go bhfuil 4,000 duine i dTuaisceart Éireann a mhaíonn gur cainteoirí Gaeilge iad. Deir Sinn Féin nach ligfidh siad d’aon dul chun cinn mura mbíonn acht Gaeilge ann a dhéanann teanga oifigiúil den Ghaeilge, rud a chosnódh na céadta milliún punt,” a dúirt Sammy Wilson, Feisire Parlaiminte d’Aontroim Thoir.

Cháin Wilson agus Shannon Sinn Féin agus dúirt Shannon gur beag ball den pháirtí sin atá ábalta Gaeilge a labhairt in ainneoin iad a bheith ag lorg maoinithe don teanga go minic.

Dúirt Wilson gur cuma le Sinn Feín droch-chinntí maidir le caiteachas a dhéanamh fad a bhíonn siad ag díriú ar “chuspóir idé-eolaíoch na Gaeilge”.

Mhaígh Paul Girvan, Feisire Parlaiminte d’Aontroim Theas go gcaitear £2,400 in aghaidh an dalta bunscoile ina thoghcheantar féin i gcomparáid leis an £15,000 in aghaidh an dalta atá a íoc “in earnálacha eile” bunoideachais.

Dúirt Emma Little Pengelly, an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP do Bhéal Feirste Theas, nach raibh a páirtí in aghaidh na Gaeilge agus go mbeidís sásta an Ghaeilge agus ceisteanna “divisive” eile a phlé dá gcuirfí an feidhmeannas ar bun arís in Stormont.

Cháin an grúpa feachtais ar son achta Gaeilge caint na bhfeisirí parlaiminte de chuid an DUP go láidir.

Fág freagra ar '‘There will not be an Irish language Act, and the quicker they catch on the better’ – an Ghaeilge faoi ionsaí ag an DUP i Westminster'

  • An Teanga Bheo

    Na “Pian Dlithe” i fheidhim arist is cosuil go foire Dia orainn.
    Cad is brí le plean teanga anois ?

  • leitheoir

    An iad an DUP a bhí teanntaithe istigh sa phluais sin i Thailand?

  • Pádraig

    An mbeidh Panti Bliss agus Blindboy Boatclub ag preabadh aníos ar an scáileán go dtí go mbeidh Bliain na Gaeilge thart? Cad é an teachtaireacht atá á cur chun cinn?