Agus díospóireacht faoi Bhuiséad Thuaisceart Éireann ar siúl i Westminster aréir, rinne Feisirí Parlaiminte de chuid an DUP ionsaí ar an Ghaeilge agus ar an éileamh ar acht Gaeilge.
Ba é Jim Shannon, urlabhraí Iompair agus Sláinte an DUP, ba dhiongbháilte a labhair i gcoinne an éilimh ar acht Gaeilge.
“Ní bheidh aon acht Gaeilge ann agus dá thúisce a thuigeann siad é sin, is ea is fearr é,” a dúirt Shannon.
Dúirt an Feisire do Bhaile Loch Cuan gur ceist í an Ghaeilge nach ngéillfidh ceachtar don dá thaobh ina leith agus go raibh daoine ina thoghcheantar féin i gContae an Dúin, glan i gcoinne aon achta teanga.
Dúirt sé nach raibh aontachtaithe ag iarraidh go gcuirfí airgead amú ar an Ghaeilge nuair nach raibh “gá leis” agus nár mhaith leo an Ghaeilge a bheith á teagasc sna scoileanna ná a bheith le cloisteáil sna cúirteanna nuair nach bhfuil tóir ar a leithéid.
“Níl uainn go mbeadh an Ghaeilge á múineadh i mbunscoileanna in aghaidh thoil fhormhór na ndaltaí agus na dtuismitheoirí. Níl uainn go mbeadh comharthaí sráide i nGaeilge thuas i dTamhnaigh Naomh [Saintfield],” arsa Jim Shannon.
Mhaígh Shannon, áfach, go n-aithníonn sé go bhfuil sé de cheart ag daoine an Ghaeilge a bheith acu agus nach bhfuil sé ina choinne sin.
Sammy Wilson agus Paul Girvan an bheirt fheisirí eile ón DUP a labhair amach i gcoinne na Gaeilge.
Dúirt Wilson go raibh “éagothroime i réim” sa Tuaisceart toisc “tús áite a bheith tugtha do reachtaíocht don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta”, rud a chiallaíonn, a dúirt sé, gur féidir scoileanna Gaeilge a bhunú agus gan ach líon beag daltaí a bheith ag freastal orthu.
Mhaígh sé gur osclaíodh “roinnt meánscoileanna nach bhfuil oiread agus 14 dalta iontu” agus gur gá an Feidhmeannas a chur ar bun arís le go bhféadfaí díriú ar thosaíochtaí eile seachas an Ghaeilge agus ar cheisteanna ina raibh éagothroime dáiríre i gceist maidir le maoiniú.
“…Ceann de na cúiseanna atáimid anseo ag plé an bhuiséid seo anocht ná go bhfuil 4,000 duine i dTuaisceart Éireann a mhaíonn gur cainteoirí Gaeilge iad. Deir Sinn Féin nach ligfidh siad d’aon dul chun cinn mura mbíonn acht Gaeilge ann a dhéanann teanga oifigiúil den Ghaeilge, rud a chosnódh na céadta milliún punt,” a dúirt Sammy Wilson, Feisire Parlaiminte d’Aontroim Thoir.
Cháin Wilson agus Shannon Sinn Féin agus dúirt Shannon gur beag ball den pháirtí sin atá ábalta Gaeilge a labhairt in ainneoin iad a bheith ag lorg maoinithe don teanga go minic.
Dúirt Wilson gur cuma le Sinn Feín droch-chinntí maidir le caiteachas a dhéanamh fad a bhíonn siad ag díriú ar “chuspóir idé-eolaíoch na Gaeilge”.
Mhaígh Paul Girvan, Feisire Parlaiminte d’Aontroim Theas go gcaitear £2,400 in aghaidh an dalta bunscoile ina thoghcheantar féin i gcomparáid leis an £15,000 in aghaidh an dalta atá a íoc “in earnálacha eile” bunoideachais.
Dúirt Emma Little Pengelly, an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP do Bhéal Feirste Theas, nach raibh a páirtí in aghaidh na Gaeilge agus go mbeidís sásta an Ghaeilge agus ceisteanna “divisive” eile a phlé dá gcuirfí an feidhmeannas ar bun arís in Stormont.
Cháin an grúpa feachtais ar son achta Gaeilge caint na bhfeisirí parlaiminte de chuid an DUP go láidir.
As #Brexit pulls British Government apart, @duponline find time for a bit of Irish language bashing ……
“There will not be an Irish language Act, and the quicker people catch on the better.”
Jim Shannon, DUP 9/7/18
pic.twitter.com/UDymmjQcSn— An Dream Dearg (@dreamdearg) 9 Iúil 2018
An Teanga Bheo
Na “Pian Dlithe” i fheidhim arist is cosuil go foire Dia orainn.
Cad is brí le plean teanga anois ?
leitheoir
An iad an DUP a bhí teanntaithe istigh sa phluais sin i Thailand?
Pádraig
An mbeidh Panti Bliss agus Blindboy Boatclub ag preabadh aníos ar an scáileán go dtí go mbeidh Bliain na Gaeilge thart? Cad é an teachtaireacht atá á cur chun cinn?