Charlie Haughey agus an Ghaeilge

Tháinig an tIar-Thaoiseach i gcabhair ar Sáirséal agus Dill agus an comhlacht foilsitheoireachta i mbaol a dhúnta i 1969

File Photo: Final Programme of Charlie Drama on RTE This Sunday

Dála cuid mhaith eile d’oidhreacht Charlie Haughey, atá á cíoradh ar na meáin le tamall anuas i bhfianaise na sraithe dramaíochta Charlie ar RTÉ, tá dhá insint ar scéal an Iar-Thaoisigh agus ceist na Gaeilge.

Ach níl aon amhras ach go ndearna Haughey a chion ar son fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus é ina Aire Airgeadais ag deireadh na seascaidí.

Tá cuntas sa leabhar nua Sáirséal agus Dill 1947-1981 – Scéal foilsitheora ar conas mar a tháinig Haughey i gcabhair ar an gcomhlacht foilsitheoireachta a bhí ar tí litir a scaipeadh ar a scríbhneoirí ag cur in iúl dóibh go raibh “na doirse” le dúnadh “dhá bhliain ó bhás Sheáin Uí Éigeartaigh”.

Bhí Sáirséal agus Dill i mbaol a dhúnta ag an am de bharr aighnis leis an Roinn Oideachais, ciorruithe agus deacrachtaí maoinithe a d’fhág go raibh siad “briste glan” agus i bhfiacha le clódóirí.

Ag deireadh na seascaidí, tairgíodh scéim tacaíochta do Sháirséal agus Dill ach mhaígh na foilsitheoirí gur fhág a laghad maoinithe a bhí á thairiscint dóibh nach mairfeadh an comhlacht “thar cúpla mí eile”.

“…Is cosúil go bhfuil deireadh an bhóthair sroichte,” a dúirt Bríd Ní Éigeartaigh, a bhunaigh an comhlacht in éineacht lena fear Seán, i litir chuig státseirbhíseach sinsearach ar an 6 Bealtaine 1969.

Bhí an litir chuig scríbhneoirí Sáirséal agus Dill ag fógairt dhúnadh an chomlachta ar an 14 Meitheamh 1969 le seoladh ar an 12 Bealtaine, ach níor cuireadh sa phost riamh é.

Idir an dá linn, tháinig scéal ón Aire Airgeadais Charlie Haughey go raibh glactha aige le héileamh mhuintir Uí Éigeartaigh ar chruinniú práinne leis.

Sean&BridOhEigeartaigh
Seán agus Bríghid Ó hÉigeartaigh

Ar an 14 Bealtaine, chas Bríd Uí Éigeartaigh agus a mac Cian leis an Aire Airgeadais agus iad “ullamh chun troda, chun siúl amach agus an comhlacht a scor”.

Níor ghá dóibh aon troid a chur suas, áfach, mar thug Haughey le fios dóibh go gcuirfí maoiniú trí bliana ar fáil dóibh nach mbeadh aon “choinníolacha achrannacha” ag baint leis. Anuas air sin, thiocfadh an maoiniú díreach ón Roinn Airgeadais ionas nach mbeadh “deis ag an Roinn Oideachais aon phingin de a mhoilliú ná a dhiúltú”.

Blianta ina dhiaidh sin, thug Haughey a mhíniú fhéin do Labhrás Ó Slatarra, bádóir agus gabha i nDún Chaoin, ar cad ina thaobh gur ghéill sé chomh bog sin d’éileamh mhuintir Uí Éigeartaigh.

Dúirt an tIar-Thaoiseach go raibh póit air an mhaidin chéanna go raibh an cruinniú aige leis na foilsitheoirí; go raibh sé breoite agus drochghiúmar air.

De réir an scéil, dúirt Haughey go bhfaca sé roimhe an mhaidin sin bean dhiongbháilte a bhí an-chinnte den rud a bhí uaithi agus a raibh plean ciallmhar aici.

Ba leor é sin an mhaidin áirithe sin chun go nglacfadh leis an iarratas scun scan, in áit dul i mbun achrainn faoi mhionlochtanna air.

Le linn an chruinnithe dúirt Haughey go raibh “freagracht air féin os cionn gach Roinn eile in Athbheochan na teanga, agus go bhféadfaí an scéim a riar díreach óna Roinn féin, an Roinn Airgid”.

D’aontaigh Haughey £30,000 sa bhliain go ceann trí bliana a thabhairt don chomhlacht.

Dúirt sé go mb’fhearr chomh maith go ndéanfaí socrú láithreach maidir le maoiniú buan an chomhlachta nuair a bheadh an tréimhse trí bliana caite.

‘Cé mhéad a thabharfadh tú dúinn?’ a d’fhiafraigh Cian Ó hÉigeartaigh de.

‘£15,000,’ a dúirt Haughey. D’fhiafraigh Ó hÉigeartaigh ansin den Aire cén fhad a mhairfeadh an socrú seo.

‘Cibé fad is gá,’ arsa an tAire.

 

 

Fág freagra ar 'Charlie Haughey agus an Ghaeilge'

  • Maitiú de Hál

    Nach raibh sé féin mar Aire Gaeltachta tráth? An raibh mórán Gaeilge aige?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ba eisean an Taoiseach agus an Aire Gaeltachta a gheall ar Radio a hAon le linn an fheachtais toghchánaíochta i 1989 go gcuirfí TnaG ar bun, ach ní dhearna sé tada faoi ach an gheallúint a thabhairt. Cuireadh Michael D. Higgins ceist go rialta air faoi dul chun cinn a bhí déanta. Ar ndóigh ní fhreagródh sé an cheist é féin: bhíodh ar Pat the Cope an fhreagra céanna a thabhairt i gcónaí: go raibh an cheist á scrúdú i gcónaí blah blah blah. Níor deánadh aon dul chun cinn faoi Haughey, seachas geallúint folamh a fháil uaidh. Is faoi Reynolds a thosaigh rudaí ag bogadh.

    An fhad is a bhí sé ina Aire Gaeltachta/Taoiseach, bhí sé ráite faoi nár thug sé cuairt riamh ar Ceanncheathrú Údarás na Gaeltachta ná ar Ceanncheathú Roinn na Gaeltachta féin. D’usáid sé an beagán Gaeilge a bhí aige le íomhá bréagach náisiúnach a chur chun cinn.

    Chas mé leis uair amháin agus thug sé ‘bréagadóir’ orm ach sin scéal eile!