Níor diúltaíodh ach do 13.8% de na hiarratais ar chead pleanála a rinneadh i gceantair Ghaeltachta i gcontae na Gaillimhe in 2025 – titim shuntasach ar an 24.8% ar diúltaíodh an bhliain roimhe sin.
De réir eolais nua a chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe ar fáil don Chomhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht inné, ceadaíodh 324 iarratas ar chead pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe in 2025 agus diúltaíodh do 52 iarratas. Ceadaíodh 279 iarratas an bhliain roimhe sin, 2024, agus diúltaíodh do 92 acu.
Dúradh go raibh próiseáil déanta ar 80 iarratas ar chead pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí seo in 2026 (ón 1 Eanáir go dtí an 8 Márta) agus gur ceadaíodh 85.5% acu sin agus gur diúltaíodh 14.5% acu.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, ón mbrúghrúpa Bánú, ag an gcruinniú céanna i dTeach Laighean, go raibh dul amú ar an gcomhairle mar nach rabhthas á chur san áireamh gurb í an aidhm a bhí ann ná an Ghaeilge a shlánú sna ceantair ina bhfuil sí fós á labhairt mar theanga phobail.
Dúirt sé gur chóir polasaí a bheith ann a chinnteodh go gcoinneofaí ná cainteoirí Gaeilge as an nGaeltacht sa Ghaeltacht.
“Tá sé sin ceart go leor go dtí go dtí go dtagann tú go dtí cás an duine aonair. Mar shampla, le gairid diúltaíodh do bhean óg atá ag obair sa gceantar [Cois Fharraige], atá ag iarraidh socrú síos le fear eile as an nGaeltacht agus bhí an t-athair sásta talamh a chur ar fáil di agus ní raibh fadhb ar bith leis an suíomh. Scrúdaigh mé an cód, ní fhaca siad aon fhadhb leis an suíomh ach dúirt siad nach raibh aon riachtanas tithíochta aici.
“Seo bean atá i dtús na dtríochaidí ag iarraidh socrú síos agus níl aon riachtanas tithíochta aici. Cén fáth? Mar gheall go ndúradh go raibh cónaí uirthi i nGaillimh. Anois…is aisteach an meon sin ag an Comhairle Contae na Gaillimhe, mar níl sé ag tabhairt cúrsaí teanga isteach san áireamh in aon chor.
“Mar má tá daoine as an nGaeltacht ag iarraidh socrú síos sa nGaeltacht — agus b’fhéidir go bhfuil cónaí orthu faoi láthair taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá siad ag iarraidh bogadh ar ais go dtí an Ghaeltacht – ba cheart go mbeadh na polasaithe teanga ag an gcomhairle contae ag tacú leis sin, seachas a bheith ag cur bac air sin.”
Dúirt urlabhraí Bánú go raibh easpa tuisceana ag lucht pleanála faoi chás na teanga agus na Gaeltachta.
“Sin an meon ar bhealach a bhíonn go minic ag an gcomhairle contae, ní dhéanann siad cúrsaí teanga a chur san áireamh nuair atá siad ag déanamh breithiúnais faoi chásanna mar sin. Ceann de na rudaí a theastaíonn ná athbhreithniú a dhéanamh air céard a chiallaíonn riachtanas tithíochta. Céard a chiallaíonn riachtanas tithíochta, i ndáiríre?
“Táim i bhfabhar riachtanas tithíochta a bheith ag teastáil ach caithfear a aithint, i gcás cheantar Gaeltachta, má tá duine éigin ag iarraidh bogadh ar ais agus cur fúthu sa nGaeltacht, socrú síos, clann a thógáil ann agus a bheith i dtimpeallacht Ghaeilge, áit a mbeadh an tacaíocht ar fáil acu clann a thógáil le Gaeilge, ba cheart go bhfeicfeadh an Comhailre é sin mar cás a bhfuil riachtanas tithíochta [ann].”
Dúirt an Chomhairle Contae go léiríonn an ráta íseal diúltaithe go bhfuil “caighdeán ard” ag baint leis na hiarratais ar chead pleanála a chuirtear faoina mbráid agus go bhfuil an treoir a thugtar d’iarrthóirí cead pleanála “soiléir”.
Dar leis an gComhairle Contae, bhí trí mhórchúis le diúltú cead pleanála i gceantair Ghaeltachta le dhá bhliain anuas: athchóiriú “míchuí” ar fhoirgnimh thalmhaíochta nó iascaigh le hiad a ligean go gearrthéarmach; easpa eolais ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe; agus easpa sonraí sna pleananna faoi chúrsaí uisce agus drámhuisce.
Aon iarratas amháin a diúltaíodh mar gheall go rabhthas ag iarraidh teach a thógáil i Limistéar Speisialta Caomhnaithe, iarratas nach raibh Ráiteas Tionchair Natura leis. Diúltaíodh do dhá iarratas a rinneadh ar bhonn riachtanas tithíochta mar gheall go raibh an teach taobh amuigh den teorainn.
Tugadh le fios go bhfuil ráta an-ard i gConamara do chur i bhfeidhm na rialacha pleanála agus go raibh “réimse leathan cásanna” ann in 2025 agus 2026 inar ghá na rialacha pleanála a chur ina luí ar dhaoine.
Ba iad na cúiseanna ba mhó leis sin i gConamara sa tréimhse sin ná forbairt chónaitheach neamhcheadaithe (síneadh leis an teach nó teach a ligean amach go gearrthéarmach), cúiseanna timpeallachta, ceisteanna faoi chúrsaí uisce agus dramhuisce, tráchtáil neamhcheadaithe (veaineanna bia), agus ceisteanna a bhain le sábháilteacht ar an mbóthar.
Dúradh go raibh “rátaí arda” oibreacha neamhcheadaithe ar thithe cónaithe i gConamara agus go raibh an earnáil turasóireachta taobh thiar de roinnt mhaith cásanna – tithe á ligean ar AirBnb, “seideanna tráchtála”, veaineanna bia agus oibreacha neamhcheadaithe ar an gcósta.
Dúirt Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go léiríonn na sonraí a roinn an t-údarás áitiúil lena Roinn go bhfuil “dul chun cinn” le feiceáil i réimse na tithíochta sa Ghaeltacht.
“Is léir ó na figiúirí atá curtha ar fáil go bhfuil iarratais ar chead pleanála á ndéanamh sna ceantair Ghaeltachta agus go bhfuil pleanáil á ceadú i bhformhór na gcásanna seo,” a dúirt Mac Cormaic.
Agus é ag labhairt ag an gcoiste, dúirt an Teachta Dála do Phort Láirge Conor McGuinness gur “géarchéim an-dáiríre” a bhí sa ghéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht ach gur “géarchéim eisiach” a bhí ann freisin mar gheall go bhfuil “todhchaí na Gaeltachta” i mbaol dá dheasca.
“Is géarchéim an-dáiríre í seo, géarchéim thithíochta ach géarchéim eisiach i dtaobh thodhchaí na Gaeltachta. Mar dhuine atá ag cur fúm i gceantar Gaeltachta a bhfuil an-chuid cairde liom ag streachailt mar gheall ar an ngéarchéim seo, agus mar dhuine atá an-bhródúil as ionadaíocht a dhéanamh ar Ghaeltacht na nDéise, tá an-chuid le rá agam ar an ábhar seo.
“An dtuigeann sibh [an Roinn Tithíochta] cé chomh dáiríre is atá an ghéarchéim thithíochta seo?” a dúirt McGuinness.
Mhaígh sé go raibh an baol ann go gcuirfí deireadh leis an nGaeltacht mar cheantar ina labhraítear an Ghaeilge mar theanga phobail taobh istigh de “ghlúin amháin” mura ngabhfaí i ngleic leis an bhfadhb agus leag sé an milleán sin ar an stát.
Labhair daoine eile a bhíonn ag feachtasaíocht ar son na tithíochta Gaeltachta ag an gcruinniú chomh maith.
Dúirt John Prendergast, san aighneacht a chuir Chonradh na Gaeilge faoi bhráid an choiste, go gcaithfí tabhairt faoin bhfadhb “phráinneach” maidir le tithíocht i gceantair Ghaeltachta láithreach agus gur ar na Teachtaí Dála agus ar na Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú a bhí an fhreagracht “polasaithe éifeachtacha” a chur le chéile leis an nGaeilge a thabhairt slán sa nGaeltacht.
Dúirt sé gur gá na geallúintí a tugadh cheana féin a “chomhlíonadh láithreach” agus nach raibh aon ghá le “tuilleadh éileamh a mheas” nó “staidéir féidearthachta a dhéanamh”.
“Ní fadhb í seo atá chun í féin a réiteach. Éiríonn sí níos measa agus níos doimhne gach aon seachtain, agus tá an easpa gnímh ag tachtadh na gceantar Gaeltachta atá fágtha in Éirinn,” a dúirt Prendergast.
Labhair bean óg Ghaeltachta, Eibhlín Ní Shlatara, atá ina hoifigeach pleanála teanga ina ceantar dúchais, Corca Dhuibhne, faoina taithí phearsanta leis an ngéarchéim thithíochta.
Dúirt Ní Shlatara go n-airíonn sí go bhfuil “bagairt” ann go gcaillfeadh sí an ceangal atá aici lena “dúchas” agus go bhfuil an “tearmann teanga agus oidhreachta” atá ag muintir na Gaeltachta i mbaol.
“Baineann fadhbanna tithíochta le níos mó ná díreach na tithe iad féin, tá ár dtearmann teanga agus ár n-oidhreacht i mbaol. Is iad ár n-oidhreacht agus ár dteanga atá mar sholas treoraithe againn ar chúrsaí an tsaoil agus ar ár bhféintuiscint agus cuireann sé imní orm don nglúin atá le teacht go gcaillfear an nasc san lena dteanga agus lena n-áit dúchais,” a dúirt sí.
Dúirt sí go bhfuil 35 teach ina baile fearainn féin i gCorca Dhuibhne ach nach bhfuil ach naoi dteach ann a mbíonn daoine ina gcónaí iontu go lánaimseartha.
“Tithe saoire folmha atá sna 26 theach eile agus níl anseo ach sampla de bhaile fearainn beag amháin,” a dúirt sí.
Dúirt Ní Shlatara go bhfeiceann sí “go laethúil” na himpleachtaí atá ag an ngéarchéim thithíochta ar an bpróiseas pleanála teanga agus nach fiú a bheith ag caint ar phróiseas dá leithéid “má tá daoine óga glanta amach as na Gaeltachtaí ag an ngéarchéim”.
Fág freagra ar '86.2% d’iarratais ar chead pleanála ceadaithe i nGaeltacht Chonamara anuraidh'