Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil obair ar bun faoi láthair ar pholasaí chun tithe i bhforbairtí i gceantair Ghaeltachta an chontae a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
Glacadh i bPlean Forbartha Dhún na nGall, 2024-30 le coinníoll teanga a fhágann gur gá 85% de na tithe úra i bhforbairt tithíochta a chur ar leataobh do dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
Tá sé i gceist go gcuirfí an coinníoll i bhfeidhm ar scéim tithíochta nua atá le tógáil ar an bhFál Carrach. Bronnadh cead pleanála le gairid ar iarratas 25 teach a thógáil ar Bhóthar an Stáisiúin ar an bhaile. Faoin choinníoll, caithfear 21 teach a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu.
Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil próiseas feidhmiúcháin “á fhorbairt san am i láthair” don pholasaí agus go mbeidh sé curtha i bhfeidhm “sula mbogfaidh na chéad tionóntaí isteach sna tithe atá faoi chaibidil”.
Nuair a bheidh an polasaí go hiomlán forbartha, tá sé ráite ag an Chomhairle Contae gur faoin “iarratasóir/forbróir” a bheidh sé, “a chinntiú” go mbeidh an “coinníoll [teanga] a luaitear leis an chead pleanála á chomhlíonadh,” agus go mbeidh dualgas ar an iarratasóir/forbróir, teagmháil a dhéanamh “leis an Údarás Pleanála sula mbeidh na chéad tionóntaí ina gcónaí sna tithe”.
Níl aon sonraí faoi leith tugtha ag an Chomhairle Contae faoi céard a d’fhéadfadh a bheith i gceist – an leibhéal Gaeilge a chaithfeadh a bheith ag tionóntaí chun an coinníoll a chomhlíonadh, mar shampla, nó an céatadán de tionóntaí i dteach a chaithfeadh an Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu.
Tá an coinníoll teanga á phlé ag coiste Gaeilge na Comhairle Contae, a bhfuil an Comhairleoir Neamhspleách Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig ina chathaoirleach air. Deir Mac Giolla Easbuig le Tuairisc go gcaithfidh an coiste treoir a thógáil ó leithéidí Údarás na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus “daoine a bhfuil cáilíocht faoi léith acu” sa réimse seo, chun an cheist a réiteach.
Tá Mac Giolla Easbuig ag súil go gcaithfeadh “duine amháin ar a laghad” a bheadh go hiomlán líofa sa Ghaeilge a bheith ina chónaí i dteach chun an coinníoll a chomhlíonadh agus go bhfuil cinneadh le déanamh go fóill faoi mholadh ó Conradh na Gaeilge go mbeadh caighdeán “TEG B2” ag tionónta, a dúirt sé.
Deir Mac Giolla Easbuig nár chóir go mbeadh “knee-jerk reaction” ann faoin choinníoll mar go raibh an scéal “róthábhachtach”.
Deir Mac Giolla Easbuig go bhfuil ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall “nach bhfuil an Ghaeilge láidir iontu ar chor ar bith” agus go gcaithfear é sin a chur san áireamh. Deir sé nach féidir tithe a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus ansin a rá le daoine, “Níl cead isteach agaibh, níl Gaeilge ar bith agaibh”.
Roimhe seo, níor leag Comhairle Contae Dhún na nGall aon choinníoll teanga ar fhorbairtí tithíochta i gceantair Ghaeltachta sa chontae ach sa chás go raibh deich dteach nó níos mó le tógáil. Sa Phlean Forbartha Contae reatha, caithfear clásal teanga a chur i bhfeidhm in aon fhorbairt dhá theach nó níos mó sa Ghaeltacht.
Lonán Fiach Ó Lorgnáin
An bhfuil samhail/léaráid de na háitribh úra so le feiceáil áit éigin?