600 iarratas ar chomharthaí sráide Gaeilge i mBéal Feirste ach gan aon cheann curtha in airde

D’athraigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a polasaí maidir le comharthaí dátheangacha an samhradh seo caite chun é a dhéanamh níos éasca comhartha le Gaeilge air a chur in airde

600 iarratas ar chomharthaí sráide Gaeilge i mBéal Feirste ach gan aon cheann curtha in airde

Níl oiread agus comhartha sráide Gaeilge nua amháin curtha in airde i mBéal Feirste le sé mhí anuas in ainneoin 600 iarratas a bheith déanta ag baill den phobal.

D’athraigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a polasaí maidir le comharthaí dátheangacha an samhradh seo caite chun é a dhéanamh níos éasca comhartha le Gaeilge air a chur in airde.

Ach níl aon chomhartha nua le Gaeilge crochta ag an gComhairle ó mhí Iúil seo caite, cé go bhfuil na céadta iarratas déanta.

Moill le haistriúcháin agus easpa sonraí ó iarratasóirí ba chúis leis an bhfadhb, a dúirt ionadaí de chuid na Comhairle.

Is é an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Ronan McLaughlin, a tharraing aird ar an bhfadhb ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste le déanaí.

“Tháinig ár bpolasaí nua maidir le comharthaíocht sráide Ghaeilge i bhfeidhm i lár mhí Iúil seo caite. Sílim go raibh os cionn 600 iarratas ann le linn na tréimhse sin,” a dúirt McLaughlin.

Ina ainneoin sin, dúirt McLaughlin nár tháinig iarratas ar bith chomh fada leis an gcoiste sa Chomhairle a bhí le daingniú a dhéanamh orthu.

“Níl a fhios agam céard is cúis leis an moill,” a dúirt sé. “Sé mhí isteach sa phróiseas, gan fiú sráid amháin le comhartha nua cé go bhfuil an próiseas anois i bhfad níos éasca ná mar a bhí faoin seanpholasaí.”

Tá breis is dhá bhliain anois ann ó chinn comhairleoirí an polasaí maidir le comharthaí dátheangacha a athrú.

Faoin bpolasaí nua, tá duine atá ina chónaí ar shráid, nó comhairleoir áitiúil, ábalta achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis an moladh sin, glacfar leis.

Roimhe seo bhíodh ar an tríú cuid de na háitritheoirí ar an tsráid achainí a shíniú sula ndéanfaí suirbhé ar mhianta an phobail agus bhí ar dhá thrian glacadh leis an gcomhartha nua sula gcuirfí in airde é.

Dúirt Mora Largey, dlíodóir le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, gur trí ríomhphost a fuarthas go leor de na hiarratais chun comharthaí nua a chur in airde agus nach raibh foirm iarratais líonta. Dúirt Largey go raibh ar oifigigh na Comhairle teagmháil a dhéanamh le go leor de na hiarratasóirí chun tuilleadh sonraí a lorg.

Dúirt sí freisin go raibh deacrachtaí ann aistriúcháin a fháil ó Ollscoil na Banríona mar gheall ar dheacrachtaí foirne san ollscoil ach dúirt Largey go raibh súil aici go mbeadh an fhadhb seo réitithe go gairid.

D’admhaigh Largey nach raibh an mhoill sásúil ach go mbeadh iarratais á gcur faoi bhráid na Comhairle an mhí seo chugainn.

“Beidh ceann ann an mhí seo chugainn, péire an mhí ina dhiaidh sin…Tá a fhios agam nach bhfuil sé sin sách tapa agus tabharfaidh mé tuairisc cheart daoibh an mhí seo chugainn chun míniú a thabhairt air sin.

“Is féidir liom a chur in iúl, áfach, go bhfuil mé ag obair air seo agus ag iarraidh é a bhrú chun cinn chomh maith agus is féidir linn.”

Fág freagra ar '600 iarratas ar chomharthaí sráide Gaeilge i mBéal Feirste ach gan aon cheann curtha in airde'