5 cinn d’imeachtaí Gaeilge ag féile idirnáisiúnta liteartha ‘Cúirt’…

Tá an fhéile idirnáisiúnta liteartha ‘Cúirt’ ar siúl i nGaillimh an tseachtain seo. Seo agaibh rogha de na himeachtaí Gaelacha agus Gaeilge atá ar chlár na bliana seo

5 cinn d’imeachtaí Gaeilge ag féile idirnáisiúnta liteartha ‘Cúirt’…

Tá an fhéile idirnáisiúnta liteartha ‘Cúirt’ ar siúl i nGaillimh an tseachtain seo. Seo agaibh rogha de na himeachtaí Gaelacha agus Gaeilge atá ar chlár na bliana seo

1.) Sraith ceardlann do dhéagóirí: Caroline Busher agus Réaltán Ní Leannáin/Déardaoin 26 Aibreán, Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Sráid Dhoiminic,9.30-1pm.

Cuirfidh an t-údar ficsin Caroline Busher brí agus beocht úr in eachtraí Strongbow sa cheardlann seo faoi laoch mór na Normannach. Ina diaidh beidh ceardlann scríbhneoireachta agus cumadóireachta i nGaeilge leis an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin, agus an ceann sin dírithe ar dhaltaí Gaelscoileanna agus Gaeltachta. Deis a bheidh sa tríú ceardlann freastal ar thaispeántas de chuid an ealaíontóra Sam Winston, in Ionad Ealaíon na Gaillimhe, agus píosa ealaíne a fhreagraíonn de shaothar Winston a chruthú ina dhiaidh. Tá an tsraith ceardlann seo dírithe ar dhaltaí iarbhunscoile ón chéad go dtí an tríú bliain. Áirithintí do ghrúpaí amháin. |€5

2.) Amharclannaíocht: ‘Aislingí Grádha Oídhche Lughnasa’/Déardaoin 26 Aibreán, Amharclann Oileán Altanach 1pm

Déanfar léiriú drámata ar mhíreanna ón dráma nua-scríofa Aislingí Grádha Oídhche Lughnasa, le Micheál Óg Mac Aoidh, a scríobhadh i gcomhar le Beartla M. Ó Flatharta agus Tom Sailí ó Flaithearta. Athshamhlúchán Gaelach is ea an léiriú seo ar cheann de mhórshaothair Shakespeare A Midsummers Night’s Dream. I measc na n-aisteoirí a bheas páirteach sa léiriú tá Fionnuala Ní Fhlatharta (Ros Na Rún), Seán Mistéal (Ros na Rún) agus Eoin Mac Diarmada (Rásaí na Gaillimhe/Ros na Rún).  Tá cead isteach saor in aisce ach is gá ticéad a chur in áirithe.

3) Caint agus craoladh beo: ‘Motherfoclóir’/ Déardaoin 26 Aibreán, Amharclann Oileán Altanach ag 4in.

Tráthnóna Déardaoin beidh Darach Ó Séaghdha, scríbhneoir agus láithreoir an phodchraoladh Motherfoclóir, i mbun cainte le Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ agus blagálaí ‘As an Nua’. Tá an-dúil ag an bheirt acu i saothar Flann O’Brien/Myles na gCopaleen/Brian O’Nolan agus beidh Siún ag tabhairt léargais ar shaothar Gaeilge an údair agus eagrán den phodchraoladh Motherfoclóir á chraoladh beo ó fhéile Cúirt. Scríobh Ó Séaghdha an leabhar mór-ráchairte Motherfoclóir:Dispatches from a Not-So Dead Language, agus ba é a bhunaigh an podchraoladh Motherfoclóir, dhá thogra a d’eascair as an rath atá ar a chuntas Twittter @theirishfor. Costas €6.00

4.) Léamh filíochta: ‘Cúirt Cois Farraige’ le hÁine Durkin agus Paddy Mhéime Ó Súilleabháin/Dé hAoine 27 Aibreán, Tigh Pheadair Mhóir ar an mBánrainn, Ros an Mhíl, @ 8:30in|saor in aisce

Beidh beirt fhilí as Conamara, Áine Durkin agus Paddy Mhéime Ó Súilleabháin, ag léamh óna saothar ag an ócáid seo atá á reáchtáil mar chuid den tsraith imeachtaí ‘Cúirt Cois Farraige’ i mbliana. Is blagálaí aitheanta í Áine Durkin, atá ag cur fúithi anois in Inis Eoghain. Bhuaigh Durkin an chéad duais do Scríbhneoirí Úra i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge anuraidh as Mise Áine: An Bhean Istigh, an chéad chnuasach filíochta agus amhrán léi. Cloisfear rogha dánta le Paddy Mhéime Uí Shúilleabháin ar an oíche fosta, file as Loch Con Aortha a bhfuil duaiseanna bronnta air ag féilte i gConamara, ag Oireachtas na Gaeilge, agus Oireachtas Cheanada. Fáilte roimh chách.

5) Ceol agus filíocht: An focal ‘Cuisle’, le Marcus Mac Conghail, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Simon Ó Faoláin/ Dé Sathairn 28 Aibreán, Amharclann Oileán Altanach ag 2in.

Seo ceann de phríomhimeachtaí Gaeilge Fhéile ‘Cúirt’ i mbliana, ina ndéanfar ceiliúradh ar an fhocal scríofa agus labhartha. Triúr ealaíontóirí – an ceoltóir agus cumadóir Marcus Mac Conghail agus na filí Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Simon Ó Faoláin – a bheas i mbun ceoil agus filíochta agus iniúchadh á dhéanamh acu ar an fhocal ‘Cuisle’. Ticéad: €10 / €8

Fág freagra ar '5 cinn d’imeachtaí Gaeilge ag féile idirnáisiúnta liteartha ‘Cúirt’…'