Téann beagnach leath de dhaltaí Gaelscoile an stáit ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil Béarla ar fhágáil na bunscoile dóibh.
De réir figiúirí nua 47.5% de dhaltaí Gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí scoil Bhéarla.
De réir figiúirí nua a craoladh ar an gclár 7Lá ar TG4 aréir, 6.7% de dhaltaí bunscoile an stáit a fuair oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sa scoilbhliain 2021-2022. B’ionann sin agus 37,742 dalta.
2.7%, nó 10,823, de dhaltaí iar-bhunscoile a fuair oideachas i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
5% de pháistí réamhscoile an stáit a bhí i naíonraí, nó 8,090 páiste.
29 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge atá lasmuigh den Ghaeltacht agus 149 bunscoil lán-Ghaeilge atá ann. Idir 350-400 naíonra lán-Ghaeilge atá ann.
Is ar éigean go bhfuil aon ardú ag teacht ar chéatadán na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas agus tá lucht an ghaeloideachais ag éileamh le fada go mbunófaí a thuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge.
Mhol Céad-Aire na Breataine Bige Mark Drakeford le déanaí gur cheart d’Éirinn tuilleadh muiníne a chur san oideachas lán-Ghaeilge chun an teanga a chur chun cinn.
Dúirt Mark Drakeford nár éirigh go rómhaith leis an mBreatain Bheag ó thaobh teagasc na Breatnaise nó gur cuireadh go mór le líon na scoileanna lán-Bhreatnaise.
Tá oideachas lán-Bhreatnaise á chur ar thart ar 24% de dhaltaí na Breataine Bige.
Tá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht á ullmhú ag an Roinn Oideachais faoi láthair.
Cé go raibh sé beartaithe go bhfoilseofaí an polasaí nua an mhí seo chugainn, táthar ag súil anois é a fhoilsiú an bhliain seo chugainn.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley sa Dáil le déanaí go mbeadh an dáta foilsithe ag brath ar cén fhad a thógfadh próiseas comhairliúcháin phoiblí faoin bpolasaí a chur i gcrích.
Mar chuid den pholasaí tá taighde nua á dhéanamh ag an Roinn le fáil amach cén éileamh atá ar an ngaeloideachas ar fud an stáit agus conas is fearr freastal ar an éileamh sin.
Deir Conradh na Gaeilge gur chóir don Rialtas cluas le héisteacht a thabhairt do Chéad-Aire na Breataine Bige agus cur go mór le líon na scoileanna lán-Ghaeilge sa stát.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le déanaí go raibh sé in am ag na rialtais abhus foghlaim ón mBreatain Bheag agus “mórspriocanna” don oideachas trí mheán na Gaeilge a leagan síos.
“Tá plean faoi leith ann sa Bhreatain Bheag leis an líon páistí atá ag foghlaim trí mheán na Breatnaise a ardú ó 23% go 40% faoi 2050. Tá fís agus sprioc shoiléir ann mar sin sa Bhreatain Bheag agus tá siad ag cur acmhainní taobh thiar den obair a bheidh ag teastáil leis na spriocanna sin a bhaint amach.
“Tá seo ar fad á thiomáint ag an Roinn Oideachais agus an Rialtas trí chéile sa Bhreatain Bheag. Níl aon chur chuige mar seo in Éirinn thuaidh nó theas.”
Gheall an Rialtas polasaí cuimsitheach do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge sa chlár rialtais a foilsíodh in 2020.
Dúradh go dtabharfaí isteach polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ar fad, ón oideachas réamhscolaíochta go dtí oiliúint na múinteoirí do gach cineál scoile.
Tá éileamh ar pholasaí náisiúnta don ghaeloideachas ann le fada agus bhí sé ar cheann de phríomhéilimh Chonradh na Gaeilge ar na páirtithe roimh an olltoghchán anuraidh.
Chomh maith leis an bpolasaí don Ghaeilge, gealladh freisin sa chlár rialtais go ndéanfaí líon na ndaltaí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á fháil acu a dhúbailt laistigh de dheich mbliana agus go gcuirfí Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil san áit a bhfuil ‘éileamh láidir’ ar a leithéid.
Deirtear go bpléifidh polasaí nua na Roinne Oideachais le conas níos mó deiseanna a chruthú chun Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a bhunú.
Deirtear chomh maith go bhféachfar ar an gcur chuige i dtaobh naíonraí lán-Ghaeilge a fheabhsú. Tá sé i gceist chomh maith go ndéanfaí forbairt ar “pholasaí soiléir” maidir le hAonaid lán-Ghaeilge a bhunú in iarbhunscoileanna Béarla, polasaí conspóideach a bhfuil lucht an ghaeloideachais go mór in amhras faoi.
De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, tá beagnach an méid céanna daltaí ag freastal ar aonaid Ghaeilge is atá ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
13,871 dalta a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta sa stát i mbliana agus 13,597 dalta a chláraigh d’aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla.
Colm Ó Cearúil
Faraor is truamhéalach an céadatán seo. Níl an deis ann i bhformhór na cásanna. Udarás iar-bhunscoileanna áitiúla gan taithí ar an iar-bhunscolaíocht lán Ghaeilge.
Is muid ag fanacht le An Roinn Oideachais ghlacadh le polasaí úr nua don oideachais lán Ghaeilge Conradh na Gaeilge, is féidir ghníomhú go háitiúil.
Ról lárnach ag Bord, Tuistí, Príomhoide, Oidí, Pobal na Gaeilge na Gaelscoile le chur in iúil don Roinn, gach uile bliain trí suirbhéanna gur seo mhian na ndaltaí is a dtuistí. An teachtaireacht chéana a chur in iúil chuig ionadaí phoblaí na hUdaráis áitiúla go leanúnach gur seo mhian pobal na Gaeilge.
Mar atá, is ag snámh in aghaidh easa atá muid.
Fionnuala Ní Chaisil
Alt an suimiúil, creidim go bhfuil gá le comhdháil fé stúir an ROE nó COGG chun na mórcheisteanna a phlé maidir le polasaí don oideachais lán Ghaeilge. Níl gach éinne ar aon fhocail maidir le polasaí don todhchaí. Is gá an plé a oscailt agus rannpháirtithe uile a spreagadh a dtuairimí a roinnt. Tá ceannairearacht chun tosaigh ag teastáil, tá meon oscailte ag teastáil maidir le féidireachtaí oideachas trí Ghaeilge a sholáthair. Tá deascéalta againn maidir le scoil saitilíte agus Aonaid a chuireann oideachas d’ardchaighdean ar fáil trí Ghaeilge. Tugann múnla mar iad deiseanna iontacha do dhaltaí achmhainní scoile dochreidte a úsáid agus deis a bheith rannpháirteach le pobal scoile níos leithne mar atá sa domhain réalaíoch. Tugann a leithead deis do thuistí meanscolaíocht trí Ghaeilge a roghnú in aice baile lena gcomharsain áitiúil. Ar aghaidh linn ag obair Le meoin oscailte.
Cordelia Nic Fhearraigh
“Aonaid lán-Ghaeilge a bhunú in iarbhunscoileanna Béarla” – a leithéid de cheap magaidh!! B’fhearr i bhfad scoil bheag lán-Ghaeilge a bhunú a bheas scartha go hiomlán ón scoil Bhéarla nó is cinnte gur Béarla a bheas á bhrú ar an ‘t-aonad lán-Ghaeilge’ sa scoil Bhéarla an t-am ar fad.
Nach bhfuil sé in am leas a bhaint as an teicneolaíocht i dtaca le teagasc trí mheán na Gaeilge de? An bhfuil sé riachtanach múinteoir bheith i láthair sa tseomra ranga nó an bhfuil sé indéanta rang a theagasc ó chian?