432 duine a bádh ag ‘Geataí ifrinn’ amach ó Chonamara

Sa mbliain 1832 chuaigh bád, The Rival, go tóin poill ag na Sceirde

432 duine a bádh ag ‘Geataí ifrinn’ amach ó Chonamara

Is maith a thuigeann an comhlacht atá ag iarraidh muilte gaoithe a chur ar na Sceirde amach ó Charna go séideann an ghaoth go láidir ansin. Stoirm a bhíonn inti go minic.

“Geataí ifrinn” a thug an tAthair Éamon Ó Conghaile ar an réimse farraige céanna.

Bhí sé féin agus a chomrádaí Beairtle Ó Cathasaigh amuigh ann oíche nuair a d’éirigh sé chun feochain agus as sin chun gaoithe móire. Ní nach ionadh d’impigh Éamon ar Chríost iad a thabhairt slán.

Bhí sé ar cheann de na cúiseanna ar lean sé Críost ina dhiaidh sin agus a ndeachaigh sé le sagartóireacht. Rinne sé amhrán breá faoin athrú saoil sin, ‘The Nazarene’. Tá sé taifeadta ag cuid mhaith amhránaithe, ach is deacair dul thar an leagan de atá ag John Beag Ó Flatharta.

Sa mbliain 1832 chuaigh bád, The Rival, go tóin poill ag na Sceirde. Bruig 350 tonna a bhí inti a bhí ag tabhairt óglach as Greenock in Albain go dtí Oporto sa bPortaingéil.

Bhí cogadh cathartha sa bPortaingéil ag an am agus bhí údaráis na Breataine ag taobhú le ceannaire a raibh Don Pedro mar ainm air in aghaidh ceannaire darbh ainm Don Miguel.

Ar dhuine acu siúd a thug tacaíocht do Don Pedro bhí an tiarna talún as contae an Chláir, Tom Steele. Cara a bí ansin le Dónall Ó Conaill. Chaill Steele meall airgid leis an gcogadh.

432 óglach a bhí ar bord an bháid a báthadh ag na Sceirde. Níor tháinig duine amháin féin acu slán.

Nuair a tuigeadh go raibh an bád i dtrioblóid cuireadh scéala chuig an nGarda Cósta ar Inis Leacan amach ó Chloch na Rún ach bhí an stoirm chomh tréan nach raibh siad in ann cur chun farraige.

Tháinig cuid de na coirp agus den raic i dtír i gCloch na Rón. Thosaigh lucht an Gharda Cósta ag coinneáil súil ar an gcladach ansin. Theastaigh ó na húdaráis an scéal faoin mbáthadh a phlúchadh.

Bhí imní orthu i dtosach gur long as an gCabhlach Ríoga a bhí inti ach fiú amháin nuair a fuair siad amach nárbh ea bhí imní fós orthu. Faitíos a bhí orthu ansin go bhfaigheadh ceannaircigh Éireannacha na gunnaí. Chuaigh siad chomh géar sin ar an scéal gur chuir siad tumadóirí ag tóraíocht na ngunnaí.

Is aisteach nár fhan caint ar bith i mbéaloideas Chonamara faoin mbáthadh uafásach seo. Is dócha nár cuireadh suim an-mhór ann ó tharla gur eachtrannaigh a báthadh. Ansin aríst níor tugadh aon tuairisc bharainneach do na daoine ar an tragóid a tharla.

Ní mar sin a bhí in Albain. Cumadh amhrán ann dar teideal ‘The Brave Volunteers’. Seo é an tús atá leis;

One cold stormy night in the month of November,

I heard a poor widow her sad fate deplore,

And many a mother had cause to remember

That Wednesday night on Galway’s shore.

Fág freagra ar '432 duine a bádh ag ‘Geataí ifrinn’ amach ó Chonamara'