D’fhéadfadh gur beag athrú a bheidh ar dháileadh na suíochán i ndáilcheantar Chiarraí i ndiaidh an toghcháin Dé hAoine agus muintir Healy-Rae fós i mbarr láin sa Ríocht, de réir phobalbhreith TG4/Ipsos B&A.
De réir thorthaí na pobalbhreithe a cuireadh amach tráthnóna, an t-iarrthóir neamhspleách Michael Healy-Rae a bheidh go rábach chun cinn ar cheann an chomhairimh agus 27% den vóta céadrogha aige sa dáilcheantar cúig shuíochán.
Sin nach mór dúbailt an chéatadáin vótaí céadrogha atá ag an mbeirt iarrthóirí atá ina dhiaidh.
Ar comhtharrac sa dara háit sa phobalbhreith ar 14%, tá an tAire Oideachais Norma Foley ó Fhianna Fáil agus an t-aon iarrthóir atá ag Fine Gael, an t-iarpheileadóir idirchontae, Billy O’Shea.
Sna sála orthu sin, tá Pa Daly ó Shinn Féin, duine de chainteoirí Gaeilge an 33ú Dáil. Tá Danny Healy-Rae sa chúigiú háit agus 10% den vóta céadrogha aige, de réir na pobalbhreithe.
D’fhágfadh sin go mbeadh vóta muintir Healy-Rae méadaithe ó 34% go dtí 37% ó 2020 nuair a fuair Danny Healy-Rae an ceathrú suíochán ar an séú comhaireamh.
Sa séú háit sa phobalbhreith tá an dara hiarrthóir ag Fianna Fáil, an comhairleoir contae seanbhunaithe Michael Cahill, atá ar 7%, agus ina dhiaidh sin tá an tríú hiarrthóir ag an bpáirtí, Linda Gordan-Kelleher, atá ar 3%.
Fágann sin 24% den vóta céadrogha ag Fianna Fáil, méadú ón 21% a bhí ag a dtriúr iarrthóirí in 2020 nuair a bhí an páirtí i dtaobh le suíochán amháin, an ceann deireanach, ar éirigh le Norma Foley é a fháil ar an ochtú comhaireamh agus í timpeall 1,000 vóta faoi bhun an chuóta.
De réir na pobalbhreithe, tá vóta Fhine Gael tite sa dáilcheantar agus straitéis aon iarrthóra – cur chuige a tharraing achrann sa pháirtí – á chur i bhfeidhm acu. 18% a bhí ag a mbeirt iarrthóirí in 2020 nuair a fuair Brendan Griffin, atá éirithe as, an tríú suíochán i ndiaidh aistriú vótaí a leathbhádóra, Mike Kennelly, ar an séú comhaireamh.
I bhfianaise na pobalbhreithe, d’fhéadfadh go mbeidh ceathrar de na Teachtaí Dála céanna ó Chiarraí sa 34ú Dáil – na deartháireacha Healy-Rae, Norma Foley agus Pa Daly – agus gurb é an t-aon athrú a bheidh ann ná go dtiocfaidh Billy O’Shea i gcomharbacht ar Bhrendan Griffin d’Fhine Gael.
Deineadh an phobalbhreith Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite, rud a chiallaíonn nach raibh pé tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag díospóireacht teilifíse cheannairí na mórpháirtithe le brath ann.
Ar na hiomaitheoirí eile sa dáilcheantar tá Stephanie O’Shea Shinn Féin (3%) agus Cleo Murphy an Chomhaontais Ghlais (3%). Tá Mike Kennedy, ón Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, atá ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre ar 2%.
De réir na pobalbhreithe 1% an duine atá ag Brandon Begley, cainteoir dúchais Gaeltachta atá ag seasamh don Irish Freedom Party, Catherina O’Sullivan atá ag seasamh d’Aontú, Cian Prendiville atá ag seasamh do Phobal seachas Brabús. Tá 1% an duine chomh maith Thomas McEllistrim, iarTheachta Dála de chuid Fhianna Fáil atá le Independent Ireland agus ag an mbeirt neamhspleách, Michelle Keane agus Mary Fitzgibbon.
Tá 0.5% nó níos lú ag John O’Leary atá ag seasamh d’Independent Irealand i seacht ndáilcheantar.
Fág freagra ar '37% ag muintir Healy-Rae agus iad fós i mbarr láin sa Ríocht – pobalbhreith TG4'