271 cás nua fógartha, duine ar bith leis an víreas in aonad dianchúraim ó thuaidh

77 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó dheas inniu agus 27 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim

271 cás nua fógartha, duine ar bith leis an víreas in aonad dianchúraim ó thuaidh

Tá 271 cás nua den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

77 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil agus 27 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly tráthnóna go raibh breis is trí mhilliún dáileog den vacsaín faighte ag daoine. Tá dáileog amháin ar a laghad ag breis is 50% de dhaoine fásta sa stát. Tá dhá dháileog den vacsaín faighte ag thart ar 25% de dhaoine fásta.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 81 cás nua a deimhníodh.

15 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,094,478 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 719,800.

7,091 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

384,702 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 263,111 cás ó dheas den teorainn agus 123,267 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '271 cás nua fógartha, duine ar bith leis an víreas in aonad dianchúraim ó thuaidh'