27 bunscoil ag cloí lena gcinneadh diúltú do stádas Gaeltachta tar éis cúig bliana

Tugadh le fios i dTithe an Oireachtais nach raibh aon athrú intinne tagtha ar 27 scoil atá suite i gceantair Ghaeltachta ach a chinn gan páirt a ghlacadh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta

27 bunscoil ag cloí lena gcinneadh diúltú do stádas Gaeltachta tar éis cúig bliana

Treasa Kirk, Príomhchigire Cúnta agus Ceannasaí ar an Aonad um Oideachas Gaeltachta, an Roinn Oideachais

Níor tháinig aon athrú intinne le cúig bliana anuas ar aon bhunscoil sa Ghaeltacht a dhiúltaigh cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta.

Thug Treasa Kirk, Príomhchigire Cúnta sa Roinn Oideachais agus Ceannasaí ar an Aonad um Oideachas Gaeltachta, le fios ag cruinniú i dTithe an Oireachtais inné go raibh 27 bunscoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht fós ag diúltú páirt a ghlacadh i scéim aitheantais na Roinne, in ainneoin go ndearnadh “gach uile iarracht” iad a mhealladh gach bliain ó 2017 i leith.

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta, aitheantas a mbeadh acmhainní breise ag dul leis.

Rinne an 29 iarbhunscoil sa Ghaeltacht iarratas ar an stádas, ach ní dhearna 105 den 132 bunscoil sa Ghaeltacht amhlaidh.

Rinne iarbhunscoil amháin cinneadh in 2019 cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta tar éis dóibh diúltú don stádas sin ar dtús.

Agus iad á gceistiú ag an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly, dúirt oifigigh na Roinne gur údar “díomá” a bhí ann dóibh nach ndeachaigh aon cheann den 27 bunscoil siar ar a gcinneadh gan páirt a ghlacadh sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta, ach go raibh “an-iarracht déanta. . . iad a mhealladh agus a spreagadh chun páirt a ghlacadh” ann.

Dúradh gur easpa Gaeilge i measc tuismitheoirí an chúis is mó a tugadh maidir leis an gcinneadh gan páirt a ghlacadh sa scéim.

Ar na cúiseanna eile a tugadh nach raibh scoileanna sásta aitheantas Gaeltachta a lorg, bhí an líon beag cainteoirí dúchais sna ceantair sin, múinteoirí nach raibh dóthain muiníne acu múineadh trí Ghaeilge agus “traidisiún” fada a bheith ag teagasc trí Bhéarla.

Dúirt Treasa Kirk go raibh gach scoil Ghaeltachta i gCiarraí agus i gCorcaigh tar éis páirt a ghlacadh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus gur i gCúige Chonnacht agus i nDún na nGall is mó a bhí na scoileanna nach raibh suim acu i stádas Gaeltachta.

Tá 11 bunscoil i gceantair Ghaeltachta i Maigh Eo nár léirigh spéis sa scéim, naoi gcinn i nGaillimh, sé bhunscoil i nDún na nGall agus ceann i gcontae na Mí.

Mhol an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee acmhainní breise a chur ar fáil chun na scoileanna nach bhfuil ag glacadh páirt sa scéim a mhealladh agus chun an meon i leith na Gaeilge a athrú sna ceantair sin.

Pléadh freisin ag an gcruinniú de Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge na gníomhartha a bhí déanta ag an Roinn Oideachais chun tuilleadh múinteoirí a chur ar fáil a bheadh in ann múineadh trí Ghaeilge.

Tugadh figiúirí ag an gcruinniú coiste i dTithe an Oireachtais inné chomh maith faoi líon na mac léinn atá ag freastal ar chúrsaí oiliúna nua a cuireadh ar bun le cur le líon na múinteoirí le Gaeilge líofa.

Dúradh go raibh an dara bliain críochnaithe ag 35 dalta atá ag tabhairt faoin B.Oid. trí mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino, cúrsa ceithre bliana do bhunmhúinteoirí ar cuireadh tús leis in 2019.

Dúradh go raibh 35 dalta eile tar éis an chéad bhliain a dhéanamh agus go rabhthas ag súil le 35 mac léinn nua san fhómhar.

Maidir leis an M.Oid in Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál, dúradh go raibh 29 mac léinn tar éis an chéad bhliain a dhéanamh agus 29 eile tar éis an dara bhliain a chríochnú.

Dúirt Kirk freisin go raibh méadú tagtha ar líon na mac léinn a thug faoin Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ó cuireadh acmhainní breise ar fáil don chúrsa agus go raibh an t-éileamh ar an gcúrsa sin “slán”.

Tugadh le fios freisin ag an gcruinniú go raibh grúpa oibre idir-rannach bunaithe ag an Roinn Oideachais agus Roinn na Gaeltachta chun ceisteanna oideachais a phlé.

Fág freagra ar '27 bunscoil ag cloí lena gcinneadh diúltú do stádas Gaeltachta tar éis cúig bliana'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tagann mearbhall intinne orm nuair a léim scéal mar seo.

    Tá 27 bunscoil taobh istigh de theorannach oifigiúil na Gaeltachta ag diúltú glacadh leis an gcuireadh aitheantas a lorg mar ‘Scoil Ghaeltachta’. Le fírinne ba cheart go mbeadh an figiúr níos airde. Tá cúiseanna an mhaith tugtha ag na scoileanna do réir an ailt: easpa Gaeilge i measc tuismitheoirí; an líon beag cainteoirí dúchais sna ceantair sin; múinteoirí nach raibh dóthain muiníne acu múineadh trí Ghaeilge agus iad le fada ag teagasc trí Bhéarla.

    An bhfuil muid ag iarraidh i ndáiríre go mbeadh aitheantas mar Scoil Ghaeltachta ag bunscoil nuair nach bhfuil dóthain Gaeilge ag na múinteoirí le múineadh trí Ghaeilge?

    Ní cúis ‘díomá’ ar cheart a bheith ann ach cúis buíochais do na scoileanna sin: níl siad sásta a bheith páirteach sa gcur i gcéill; níl siad sásta in ainneoinn an brú atá orthu le 4 bhliain anuas aitheantas a lorg mar scoil Ghaeltachta nuair nach bhfuil aon Ghaeilge, arbh fhiú trácht air, sna pobail ar a mbíonn siad ag freastal.

    Tharla sé leis an bpleanáil teanga gur tugadh aitheantas Gaeltachta do gach cheantar cé nach bhfuil aon Ghaeilge arbh fhiú trácht air ach i leath den Ghaeltacht oifigiúil. Tá níos mó Gaeilge in Uachtar Ard ná mar atá i mBaile an Chláir, do réir an daonáirimh i 2016, ach aitheantas Gaeltachta ag ceann agus níl ag an gceann eile.

    Tá sé thar am do na polaiteoirí atá imníoch faoi seo, do réir an ailt, an cheist a chur cén fáth a bhfuil daonra i n’Gaeltacht’ Chathair na Gaillimhe, sna eastáit tithíochta ar imeall na cathrach, ná mar atá i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad curtha le chéile? Is mar gheall ar faillí na bpolaiteoirí thar na blianta nach bhfuil sásta dul i ngleic le fadhb na dteorannacha Gaeltachta atá curtha chomh mór as riocht. Sin í an cheist ar cheart a bheith á ardú ag na polaiteoirí leis an rialtas in áit a bheith ag iarraidh scoileanna a náiriú is a mhealladh le dul isteach i scéim na scoileanna Gaeltachta nach bhfeileann dóibh, mar nach bhfuil mórán Gaeilge sna pobail ar a mbíonn siad ag freastal.

    Ba cheart bualadh bos a thabhairt don 27 scoil. Tá siad ionraic faoin scéal, rud nach bhféadfaí a chur i leith na bpolaiteoirí ná Roinn na Gaeltachta.

  • Caitríona

    A Dhonncha, faraoir nach tú atá i bhfeighil na scéime. Sár-mhìr uait. Is cur i gcéill iomlán atá ann! Tá an Béarlachas chun tosaigh i bhformhór de na scoileanna a ghlac páirt sa scéim. Is cuma le go leor den dream seo faoi teanga: is jabanna & stadas dóibh féin an ghnè us tábhachtaí. Níl le feiceáil ach cur i gcéill ag leibhéal go leor scoileanna atá sa scèim agus ag déanamh beag & fiú don teanga. Is beag ceannairí faraoir atá amuigh ansin i saol an oideachais a thuigeann go bhfuil an teanga i mbaol agus atá ag glacadh gnímh dà bharr. Ní bheifear buíoch dóibh sa todhchaí.

  • Éilís Ní Anluain

    In aon phobal Gaelscoile is gnáth nach mbíonn ach dream beag tuismitheoirí le Gaeilge ar a dtoil acu – ach nós deas a léiríonn dea thoil i measc na dtuismitheoirí i gcoiteann – beannú agus cúpla focal – scéal eile a bheadh ann mura mbeadh sí ag na múinteoirí.

  • Eimear

    Éilis, an ceart ar fad agat. Tá teagasc trí mheán Bhéarla ar siúl ag roinnt scoileanna atá sa Scéim Aitheantais. Náireach an rud é do Bhainistíocht na scoileanna úd!

  • Sinéad

    Goidè an costas atá ar an scèim seo? Cur i gcèill èile…

  • Éamonn Ó Gribín

    Má táimid chun glacadh le loighic Dhonncha, ba cheart dúinn Gaelscoileanna a dhícheadú i gceantair nach bhfuil sa Ghaeltacht!

    Is é atá ag teastáil ag Gaelscoil ná; tacaíocht iomlán ón Bhord Bainistíochta agus na gníomhaireachtaí Stáit, múinteoirí inniúla, curaclam oiriúnach, agus muinín na bpaistí agus na dtuismitheoirí.