Os cionn 2,400 dalta Ardteiste le díolúine ón nGaeilge chun scrúdú i dteanga Eorpach eile a dhéanamh

Ag ardú atá líon na ndaltaí a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu de bharr deacrachtaí foghlama ach a bhfuil scrúdú Ardteiste á dhéanamh acu i nuatheanga Eorpach eile

Os cionn 2,400 dalta Ardteiste le díolúine ón nGaeilge chun scrúdú i dteanga Eorpach eile a dhéanamh

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu ag 2,408 dalta a bheidh ag déanamh scrúduithe Ardteiste an mhí seo chugainn, in ainneoin go mbeidh scrúdú á dhéanamh acu i dteanga Eorpach eile.

Méadú é seo ar an 2,325 dalta le deacrachtaí foghlama a fuair díolúine ón nGaeilge anuraidh ach a rinne scrúdú i dteanga Eorpach eile.

Bhí an scéal amhlaidh i gcás 2,168 dalta a rinne an Ardteist in 2015.

De réir an eolais nua seo atá faighte ag Tuairisc.ie, bhí díolúine ón nGaeilge ag 2,226 de na daltaí sin roimh thús na scoilbhliana 2016-2017, ach i gcás 180 dalta eile is i mbliain na hArdteiste féin a aithníodh den chéad uair go raibh deacrachtaí foghlama acu.

Tá na daltaí seo ar fad a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu cláraithe chun scrúdú a dhéanamh an mhí seo chugainn in ar a laghad ceann amháin de na teangacha seo a leanas, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus an Iodáilis.

Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc.ie cheana, gur deacrachtaí foghlama ba chúis leis an díolúine ón nGaeilge a bhí ag 70% den 8,363 dalta sa tsraith shinsearach anuraidh.

Daltaí atá ag déanamh na hArdteiste traidisúnta, na hArdteiste Feidhmí agus na hArdteiste Gairmiúla atá i gceist sna figiúirí is déanaí.

Tá díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama ag 679 dalta a bheidh ag déanamh scrúdú i dteanga Eorpach eile mar chuid den Ardteist thraidisiúnta an bhliain seo chugainn.

Tá díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu ag 764 dalta a bheidh ag déanamh na hArdteiste Feidhmí i mbliana, in ainneoin go mbeidh scrúdú á dhéanamh acu i dteanga Eorpach eile.

Tá an scéal amhlaidh i gcás 965 dalta a bheidh ag déanamh na hArdteiste Gairmiúla i mbliana.

Is ceadmhach do dhalta díolúine ón nGaeilge san Ardteist a fháil má chruthaítear go bhfuil deacrachtaí foghlama aige. Tá cead díolúine a fháil chomh maith ag daltaí as tíortha eile, ag daltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 11 bliain d’aois sa Tuaisceart nó thar lear agus ag daltaí Éireannacha a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide ach a d’fhill ar an oideachas in Éirinn ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Os cionn 2,400 dalta Ardteiste le díolúine ón nGaeilge chun scrúdú i dteanga Eorpach eile a dhéanamh'

  • Mánus

    Cén fáth nach mínítear riaimh sna meáin Ghaeilge an bunús eolaíocbta atá taobh thiar den diolúine? Tá an Ghaeilge ar liosta teangacha go mbíonn deacrachtaí ag daoine áirithe plé leo mar dara theanga. Nïl Fraincis ar an liosta sin.

  • Críostóir

    Tá go leor daoine ag baint leasa as an díolúine seo le fada an lá. Ní chreidim gur chóir go mbeadh daltaí in ann díolúine a fháil i dteanga amháin agus scrúdú a dhéanamh i dteanga eile. Má tá deacracht foghlamtha le teangacha, tá go maith- ach níor choir staidéar a dhéanamh ar aon teanga nach í an teanga dhúchais í sa chás sin. Tá gá le athrú polasaithe.

  • Jake

    Cuireann na líomhaintí atá taobh thiar den alt seo, agus atá curtha in iúl go risholéir sna tráchtanna, déistin orm. Ní chuireann an cineál dearcaidh chaolaigeanta seo le húsáid na teanga a chothú ar chor ar bith! Is cuma sa tsioc liom má tá fíordheacrachtaí foghlama acu nó muna bhfuil, is léir nach mbeidís tógtha go mór leis an teanga pé scéal é agus go bhforbrófaí a gcuid fuatha ina taobh. Dála an scéil, ní ach mionlach beag de na daltaí ardteiste go léir is ea iad siúd a bhfuil díolúine faighte acu. Má theastaíonn uaibh iad a mhealladh ar ais don teanga, is fearr lámh cúnta agus spreagadh a thabhairt dóibh ná iallach is náire a chur orthu.

  • Eoin

    Ráite go maith agat a Jake

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Tá cead díolúine a fháil chomh maith ag daltaí as tíortha eile, ag daltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 11 bliain d’aois sa Tuaisceart nó thar lear agus ag daltaí Éireannacha a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide ach a d’fhill ar an oideachas in Éirinn ina dhiaidh sin.’

    Nach dtig le córas oideachais na tíre seo sruth Gaeilg ar leith a chrúthú do na daltaí siúd a bhfuil ‘deacrachtaí foghlama’ acu? Rud inteacht macasamhail an TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) b’fhéidir? Ní ghlacaim leis go bhfuil cead díolúine iomlán a fháil ó foghlaim na Gaeilge sa tír seo. Is cosúil nach bhfuil múinteoirí eolach ar na deiseanna foghlama Gaeilge atá ar fáil ar líne an aimsir seo…