24 bliain ó rinneadh ionsaí ar Guido Nasi, ní léir go bhfuil Baile Átha Cliath tada níos sábháilte

Tá sé in am dul i ngleic leis na fadhbanna a fhágann go mbíonn imní ar dhaoine agus iad ag siúl leo féin i lár Bhaile Átha Cliath agus i gcathracha eile sa tír

24 bliain ó rinneadh ionsaí ar Guido Nasi, ní léir go bhfuil Baile Átha Cliath tada níos sábháilte

Níor cheart go mbeadh faitíos ar dhaoine ag siúl trí shráideanna Bhaile Átha Cliath san oíche. Níor cheart, go deimhin, ná i gCorcaigh, i Luimneach ná i nGaillimh. Faraor agus ní le laethanta atá seo amhlaidh, ní bhíonn daoine, mná go háirithe, ar a suaimhneas ag siúl leo féin i gcathracha tar éis titim oíche. Ní mór a rá nach bhfuil aon sábháilteacht ar leith ag baint le bheith ag siúl leat féin san oíche i gceantair tuaithe ach an oiread.

Ba dhíol fonóide an dráma a reáchtáil Helen McEntee agus Paschal Donohoe i rith na seachtaine. An bheirt ag siúl trí lár na príomhchathrach agus Gardaí ina dteannta. Léiriú ar shábháilteacht na cathrach ach bhí cúpla rud neamhghnách faoin tsiúlóid – tharla sí i lár an lae ghléigil agus bhí beirt Ghardaí chomh maith le criú scannánaíochta (ceann ar a laghad) i dteannta na bpolaiteoirí. Ar chuir sé aon duine a mbeadh orthu siúl abhaile i ndorchadas na hoíche dár gcionn ar a suaimhneas? Ní dóigh liom é.

Deirtear linn gur easpa Gardaí is cúis leis an iompar bagarthach ar shráideanna na cathrach. Tá sé geallta ag polaiteoirí go mbeidh ar a laghad míle Garda breise ar fáil le dul ar dualgas ar na sráideanna i mbliana. Tá díomá léirithe ag Helen McEntee nach bhfuil an líon Gardaí faoi oiliúint ag méadú chomh sciobtha agus a bhí geallta. Fírinne an scéil, nach bhfuil an oiread tóir ar ghairm na nGardaí agus a bhíodh lá den saol. Baineann sé le saothrú agus le sealanna oibre míshóisialta. Baineann sé freisin le contúirt ar shráideanna cathrach.

Tá an buachaill a cúisíodh in ionsaí an turasóra Stephen Tremini ceithre bliana déag. An chéad rud a ritheann liomsa ná cén fáth go mbeadh a leithéid ag imeacht leis féin nó le buíon déagóirí eile i ndorchadas na hoíche i lár na cathrach? Cén fáth go mbíonn an oiread fonn troda ar na daoine a dhéanann na hionsaithe seo? Faraor, tarlaíonn siad ar bhonn rialta. Ní fheabhsaíonn an scéal in aghaidh na bliana.

Guido Nasi i 2001. Pictiúr: RollingNews.ie

Is cuimhin liom scéal Guido Nasi a fágadh i gcathaoir rothaí i 1999 nuair a d’ionsaigh scata déagóirí é le buidéal i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar a chéad turas taobh amuigh den Iodáil. Ní raibh aon Bhéarla ag a mháthair nuair a tháinig sí go hospidéal Beaumont tar éis an ionsaithe.

Ní léir ceithre bliana fichead dár gcionn go bhfuil an chathair tada níos sábháilte. Ná go leor áiteanna eile sa tír. Mar chéad chéim i dtreo réiteach ar an bhfadhb meas tú ar cheart dúinn mar thír breathnú ar a laghad agus a bhíonn le déanamh ag déagóirí atá díomhaoin agus ag plé leis an ól nó drugaí? B’fhéidir, nár mhiste, ach an oiread a chur ina luí ar dhaoine nach bhfuil glacadh le bagairtí ná le foréigean ar na sráideanna lá ná oíche?

Fág freagra ar '24 bliain ó rinneadh ionsaí ar Guido Nasi, ní léir go bhfuil Baile Átha Cliath tada níos sábháilte'

  • Sean Ó Floinn

    Nach bhfuil locht ar bith ar thuismitheoirí an déagóra a rinne an t-ionsaí? Bítear ag trácht ar bhochtaineacht agus díomhaointeas ach féach go raibh an tír i bhfad níos boichte agus níos lú siamsaíochta ann ó thaobh na teicneolaíochta de, spóirt, etc. ach ní tharlaíodh ionsuithe mar seo gan chúis. Easpa tógála, easpa luachanna, fiú nihileachas is cúis leis, Dar liom.

  • Tiarnan de Fréine

    Cuirim cuid mhór den milleán ar na tuismitheoirí. Is léir nár tógadh na déagóirí a rinne an ionsaí tubaisteach seo le haon luachanna nó tuisceant ar cad tá ceart agus mícheart. Tá na daoine óga a léirigh an meon bruidiúlach freagrach freisin gan aon amhras. Caithfidh go mbeidh píonós dian ag dul dóibh más ciontach atá siad!

  • Pól Ó Braoin

    Is cuma faoi d’aois. Má tá tú in ann tabhairt faoi dhuine agus é a bhualadh chomh fada le geataí an bháis, tá tú in ann a bheith caite i gcillín go deireadh do sheanaoise. Róbhog uilig leis na hainmhithe allta úd atá muid agus muid á ligean amach ar bannaí agus muid buartha faoina leigheas amach anseo. Ná bac le leigheas ach coinnigh amach ón bpobal go deo iad. Bheadh an dara smaoineamh ag an gcéad mhathún óg daonna eile ag iarraidh cos a leagan ar an mbóthar céanna, cheapfainn…

  • jpmorley0@gmail.com

    Crochadh bean i Singapore le gairid toisc héaróin a bheith á reic aici. Rinneadh é sin d’fhonn “an tsochaí i gcoitinne a chosaint ar reiceadóirí drugaí.” Anchúinsí ar bith a ghabhfadh de chiceanna sa chloigeann ar dhuine scothchríonna nó eile agus é leagtha ar an talamh, bhéarfadh an chrí’ chéanna air…dá mba i Singapore a bheadh sé. Áit an-sábháilte, an-sibhialta is ea é ar a shon san! Féadfaidh tú bualadh amach aon am is maith leat agus tiocfaidh tú abhaile gan mhaisle gan mháchail. Mhairfinn féin ann murach an beirthean…