2,139 cás nua fógartha, beagnach 100 othar buailte ag an víreas in aonaid dianchúraim

1,124 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

2,139 cás nua fógartha, beagnach 100 othar buailte ag an víreas in aonaid dianchúraim

Tá 2,139 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

513 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, suas ó 497 inné, agus bhí 97 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná mar a bhí ansin inné.

1,124 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,669 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

358 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, deichniúr níos mó ná inné, agus tá 34 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.

Fág freagra ar '2,139 cás nua fógartha, beagnach 100 othar buailte ag an víreas in aonaid dianchúraim'