Tá 21 iontráil nua Ghaeilge curtha le Multilingual Dictionary of New Words Pharlaimint na hEorpa. Eisíodh an t-ochtú heagrán den fhoclóir, atá ar an bhfód ó bhí 2010 ann, ag tús na míosa seo agus tá beagnach trí scór téarma Gaeilge anois ann.
Ba sa bhliain 2019 a foilsíodh an t-eagrán deireanach den fhoclóir, rud a fhágann go bhfuil taithí mhaith ag pobal na Gaeilge ar chuid de na téarmaí a cuireadh leis an bhfoclóir i mbliana, ach téarmaí iad nach raibh aon chaint orthu bliain sular scaipeadh an víreas corónach ar fud na hEorpa.
Ar na téarmaí nua sin tá ‘dianghlasáil’ (‘tréimhse forfheidhmithe ag stáit le linn paindéim Covid-19 nuair a bhí daoine gaibhnithe sa bhaile’); ‘féinleithlisiú’ (‘fanacht amach ó dhaoine eile ar feadh tréimhse ama, go háirithe go seachnófaí galar tógálacha a tholgadh nó a scaipeadh’); agus ‘beannú uillinne’ (‘beannú neamhfhoirmiúil trí uillinn a leagan ar uillinn an duine eile, beannú ar tháinig borradh faoi le linn phaindéim COVID-19′).
Tá téarmaí eile ann a bhaineann le rudaí atá tagtha chun cinn sa saol ar líne le tamall de bhlianta:
- gruaimscrolláil – bheith ag brabhsáil agus ag léamh go leanúnach drochscéalta faoi eachtraí tubaisteacha agus uafáis ar líne
- ógánach ríomhghafa – duine, go minic duine óg, a chaitheann go leor ama os comhair scáileán (cluichí ríomhaireachta nó teilifís go hiondúil).
- claonmhealltóireacht ar líne – féiniúlacht nó persona bréagach a chruthú ar líne trí fhaisnéis agus íomhánna duine eile a úsáid go cealgach
- ag treochtáil – nuair a bhíonn ábhar go mór i mbéal an phobail ar líne nó haischlib á húsáid go minic laistigh de thréimhse ghearr
Bailiúchán téarmaí, frásaí, agus focail nuachumtha i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh atá sa Multilingual Dictionary of New Words agus na hiontrálacha cumtha ag aistritheoirí na 24 aonad aistriúcháin atá i bParlaimint na hEorpa. Ó foilsíodh an chéad eagrán in 2010, táthar ag cur leis ó shin.
Tá an 21 iontráil nua Ghaeilge i measc 512 iontráil nua ar fad. Tá 1,156 iontráil anois san fhoclóir agus is iad aonad aistriúcháin na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa a sholáthair 59 acu sin.
“Uirlisí ár gceirde is ea na focail, agus bíonn muid sa tóir seasta ar na cinn chearta, bíodh sé sin i gcomhthéacs na reachtaíochta nó i gcomhthéacs nach bhfuil chomh foirmiúil sin.
“Ciallaíonn sé seo go gcaitear ní hamháin an téarmaíocht cheart a chuardach don ábhar atá idir chaibidil againn ach súil a choinneáil ar an bhforbairt atá ag teacht ar ár dteanga sa bhaile, le go mbeidh an úsáid a bhainimid féin aisti ag teacht leis sin,” a dúirt Valter Mavrič, Stiúrthóir Ginearálta an Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa.
Cé go gcuirtear leis an bhfoclóir sna heagráin nua a fhoilsítear, baintear iontrálacha as ó am go chéile freisin. Bhí trí iontráil Ghaeilge sna heagráin níos luaithe den fhoclóir nach bhfuil rian anois orthu ann – ‘aip’, ‘scvá’, agus ‘taise’:
- aip – feidhmchlár fóin chliste, ríomhairí táibléid agus gléasanna soghluaiste eile
- scvá – bean de chuid na Meiriceánach Dúchasach (stairiúil)
- taise – duine atá ar an gcuma díreach céanna le duine eile
Is iad seo a leanas na hiontrálacha Gaeilge eile a cuireadh leis an ochtú heagrán den fhoclóir i mbliana, chomh maith leis na sainmhíníthe a thugtar dóibh:
- aireachas – bealach chun oiliúint a chur ar an aigne díriú ar an am i láthair, chun mothú níos suaimhní agus an mheabhairshláinte a fheabhsú
- cantal ocrais – cur síos ar nuair a éiríonn duine cantalach toisc ocras a bheith air
- cumasachas – leatrom córasach nó leanúnach ar dhaoine atá faoi mhíchumas
- deimhniúchán na claontachta – an treocht faisnéis a lorg, a léirmhíniú nó a mheabhrú atá i gcomhréir leis na tuairimí atá ag duine cheana féin
- éicealaoch – duine a ghlacann cur chuige teagmhálach agus a dhéanann bearta nithiúla chun comhrac i gcoinne an athraithe aeráide
- éicidhíothú – gníomhartha neamhdhleathacha nó gníomhartha gan fáth gan ábhar arna ndéanamh agus fios maith ag lucht a ndéanta gur dóichí go mór go ndéanfar damáiste tromchúiseach, cibé acu damáiste forleathan nó fadtéarmach é sin, don chomhshaol
- éistphéist – amhrán no tiúin a bhíonn sáinnithe san aigne ar feadh tamall fada
- geatóireacht – cleachtas ina rialaítear an rochtain ar fhaisnéis nó ardleibhéal oideachais do ghrúpa nó cuid ar leith den tsochaí
- sealaíocht deisce – cleachtas in áiteanna oibre gan deasc ar leith a shannadh d’oibrithe ach gur féidir leo pé ceann atá ar fáil a úsáid
- síor-ghéarchéim – cur síos ar na dálaí agus na himeachtaí cinniúnacha a chuireann isteach go mór ar an tsochaí agus a fhágann as a riocht í
- smacht comhéigneach – mí-úsáid síceolaíochta a chur ag obair le duine a choinneáil faoi smacht agus a bhfuil imeaglú agus ciapadh an íospartaigh mar thoradh ar an iompar sin
- spórtdalladh – urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí spóirt chun droch-cháil a fheabhsú nó aird a tharraingt ó dhrochiompar
- suasóg – gairmí óg uirbeach lena luaitear uaillmhian agus rachmas go minic
- teicneolaíochtaí domhainbhrionnúcháin – teicníc sintéise íomhá dhaonna atá bunaithe ar IS a úsáidtear chun íomhánna agus físeáin atá ann cheana a chomhcheangal agus a fhorshuí ar íomhánna nó ar fhíseáin fhoinseacha
ETR
Is iontach an rud é go bhfuil na téarmaí nua-aimseartha seo ag teacht chun cinn agus muid ag dul i ngleic le coincheapa nua sa saol. Molaim freisin go bhfuil sainmhíniú as Gaeilge ar na téarmaí sin san alt agus nach bhfuiltear ag dul i muinín an Bhéarla lena míniú.
Carraig
‘smacht comhéigneach’, ón gComhairle Eorpach an ceann sin is dóichí.
JP
féinleithlisiú: fanacht amach ó dhaoine eile.
An mar a chéile ‘fanacht amach’ ó dhaoine agus ‘fanacht GLAN orthu (díobh)?
Ní dóigh liom é.
Focal níos beaichte é ‘glan’ a chuireann i gcéill gur baol duit an neach eile ar shlí, gur ‘galar tógálach’ is ea é, gur nimh is ea é, go háirithe le linn paindéime…
Tá ‘ná bain leis’, nó ‘ná drannaigh leis’ ann chomh maith !