Níl aon dream níos fearr chun spior spear a dhéanamh den script ná Tír Eoghain

Seans go mbeidh Maigh Eo ag fanacht tamaill chun seans níos fearr a fháil cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan ach ní bheidh aon trócaire ag Tír Eoghain dóibh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna

Níl aon dream níos fearr chun spior spear a dhéanamh den script ná Tír Eoghain

Ní haon rud nua é do pheileadóirí Mhaigh Eo a bheith ag prapáil do chluiche ceannais na hÉireann – seo an deichiú ceann acu le 25 bliain anuas (cluichí athimeartha san áireamh). Rud iomlán nua dóibh é a bheith mar rogha na coitiantachta.

Is beag atá idir na foirne i ndáiríre, i bpraghsanna na ngeallghlacadóirí ná ó thaobh cumais peile de. Beidh a fhios ag gach duine i Maigh Eo, áfach, gurb é seo an seans is fearr a bhí acu Craobh na hÉireann a bhuachan ó bhuadar í go deireanach i 1951.

Bua thar a bheith tábhachtach a bhí i gceann Mhaigh Eo ar Áth Cliath an mhí seo caite agus ba léir sin i ndiaidh an chluiche. Crá croí ceart a bhí i bhfoirne na príomhchathrach do Mhaigh Eo thar na blianta ach cloíodh faoi dheireadh iad. An fhadhb atá ag Maigh Eo ná nach bhfuil tada buaite acu go fóill agus caithfidh siad cromadh ar an obair uair amháin eile má tá siad chun Corn Sam Mhig Uidhir a thabhairt leo. Níl aon rud a thabharfadh le fios gur easpa díocais a bhainfidh tuisle as Maigh Eo.

Nuair a d’fhill James Horan mar bhainisteoir do thús 2020, measadh go mbeadh cúpla bliain ag teastáil ón bhfoireann sula mbeadh siad ar ais i measc na mboc mór ach seo iad ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann den dara bliain as a chéile.

Táthar ann a deir go bhfuil bua ar an lá mór tuillte ag Maigh Eo ach ní bheidh aon trócaire ag Tír Eoghain dóibh. Is iad fir na Láimhe Deirge an dream is fearr sa tír chun meon léigir a chothú, mar a chonaiceamar sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chiarraí. Déarfaidh siad leo féin an geábh seo nach bhfuil seans ar bith á thabhairt ag aon duine dóibh sa chluiche ceannais agus, bíodh sé fíor nó ná bíodh, spreagfaidh an meon sin muintir Thír Eoghain.

Maidir le cúrsaí ar pháirc na himeartha, bhí na cúpla seachtain bhreise roimh chluiche an lae inniu ina bhuntáiste do Mhaigh Eo mar cé nach bhfuil Eoghan McLaughlin in ann dul chun páirce go fóill cúnamh mór atá i bhfilleadh Oisín Mullin, go háirithe agus Tír Eoghain rompu.

Beidh Mullin in ann ag aon duine de thosaithe na Láimhe Deirge. Bheadh an neart aige do Mattie Donnelly, tá sé chomh fuinniúil le Peadar McKenna agus bheadh an choisíocht aige chun fanacht le Darren McCurry. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go n-éireoidh leis a chéile comhraic a choinneáil faoi chois ach is faoiseamh mór do James Horan é go bhfuil Mullin, Lee Keegan agus Pádraig O’Hora aige chun an triúr sin as Tír Eoghain a mharcáil. Níl cosantóirí eile Mhaigh Eo gan mhaith ach ní bheifeá chomh muiníneach céanna go mbeidís in ann ag McKenna, Donnelly ná McCurry.

Níor bhraith Maigh Eo Cillian O’Connor uathu rómhór go dtí seo sa chraobh ach chuirfeadh siad fáilte chroíúil roimhe inniu dá mbeadh sé ar fáil. Tá an beart déanta arís agus arís eile ag O’Connor dá fhoireann i gcluichí móra agus cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar fhir óga Mhaigh Eo le dhá bhliain anuas, ní fhéadfaí a bheith cinnte go fóill nach bhfaigheadh an brú na ceann is fearr orthu.

Tabharfaidh cosantóirí Thír Eoghain ciceanna saora uathu ach caithfidh Maigh Eo na deiseanna sin a thapú. Ocht gcinn de phointí a fuair Ciarraí ó chiceanna saora sa chluiche leathcheannais ach níl aon duine ag Maigh Eo atá chomh maith le Seán O’Shea ná David Clifford chun an sprioc a aimsiú ó na ciceanna saora.

Tá ag éirí go réasúnta maith le Ryan O’Donoghue i mbliana agus é i mbun na gciceanna saora agus ba é duine de na himreoirí is fearr a bhí ag Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Ní raibh duine ar bith sna seastáin an lá sin in aghaidh Átha Cliath, áfach, agus cé nach mbeidh Páirc an Chrócaigh ach leathlán inniu, beidh na chéad chúpla iarracht ag O’Donoghue an-tábhachtach dó féin agus do Mhaigh Eo.

D’éirigh go maith le fir ionaid Mhaigh Eo sa chluiche leathcheannais ach is ag Tír Eoghain atá an buntáiste ó thaobh neart na n-ionadaithe. Triúr tosaithe den scoth iad Cathal McShane, Darragh Canavan agus Mark Bradley, agus d’fhéadfadh an-tionchar a bheith acu ar chúrsaí nuair a thiocfaidh siad isteach sa dara leath. Tabharfaidh leithéidí Tiernan McCann, Ben McDonnell agus Rory Brennan, má tá sé ar fáil, fuinneamh breise do Thír Eoghain freisin.

Oiread na fríde a bheidh idir na foirne de réir cosúlachta. Tá formhór na tíre lasmuigh de Thír Eoghain, Gaillimh agus Ros Comáin, ag súil go gcuirfidh Maigh Eo deireadh leis an ngorta ach níl aon dream níos fearr chun spior spear a dhéanamh den script ná Tír Eoghain.

Fág freagra ar 'Níl aon dream níos fearr chun spior spear a dhéanamh den script ná Tír Eoghain'