Breis is 13,000 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana.
B’ionann an 13,285 dalta nach ndearna aon scrúdú Gaeilge agus 18% den 72,828 dalta a fuair torthaí scrúduithe na sraithe sóisearaí inné.
82% de dhaltaí a rinne scrúdú Gaeilge, i gcomparáid le 99% a rinne scrúdú Béarla, 98% a rinne scrúdú matamaitice agus 97% a rinne scrúdú staire.
Don tríú bliain as a chéile rinne níos mó daltaí scrúdú i gceann d’ábhair roghnacha na sraithe sóisearaí – an Tíreolaíocht – ná mar a rinne scrúdú sa Ghaeilge, atá ina hábhar riachtanach.
61,498 a rinne an scrúdú tíreolaíochta, i gcomparáid le 59,543 a rinne scrúdú Gaeilge.
Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daltaí gan scrúduithe stáit a dhéanamh, ach meastar go mbíonn díolúine ag timpeall 60% de na daltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge.
2,634 dalta a rinne an scrúdú Gaeilge T1 ag an ardleibhéal, an líon ceannann céanna a rinne é anuraidh, agus 119 dalta a rinne ag an ngnáthleibhéal é.
Is scrúdú níos dúshlánaí an scrúdú T1 atá dírithe ar chainteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.
Ba é seo an tríú bliain ag an scrúdú nua Gaeilge do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge.
Tháinig ardú 3% ar líon iomlán na ndaltaí a thug faoi scrúdú na Sraithe Sóisearaí.
Idir ardleibhéal agus ghnáthleibhéal, 56,790 dalta a rinne an scrúdú don chúrsa Gaeilge do dhaltaí scoileanna Béarla na tíre, an scrúdú T2.
Ag an ardleibhéal, is mó daltaí T1 ar éirigh leo na marcanna is airde a fháil. D’éirigh le 3.8% de dhaltaí ardleibhéil T1 an toradh is airde a fháil, sin idir 90-100.
I gcás scrúdú an T2, d’éirigh le 3.3% de dhaltaí ardleibhéil an toradh is airde a fháil, i gcomparáid le 3.1% anuraidh.
MicheálÓBroin
Ábhar roghnach anois de bharr lucht an aonteangachais ag rialú!