Tá 160 aighneacht faighte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin bplean atá leagtha amach ag an gComhairle le dul i ngleic le cúrsaí tráchta taobh amuigh de Scoil Sailearna in Indreabhán.
Tá an bhunscoil Ghaeltachta lonnaithe ar an taobh ó thuaidh de Bhóthar Chois Fharraige (R336) agus tá feachtas ar siúl acu, in éineacht le scoileanna eile i nGaeltacht na Gaillimhe, ‘Slí Shábháilte’ a dhéanamh do na daltaí a bhíonn ag siúl agus ag rothaíocht ar scoil maidin is tráthnóna.
Tá ocht mbeart sa phlean atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le dul i ngleic leis an gcontúirt a aithnítear a bheith ar an mbóthar gnóthach.
Tá sé i gceist trasrian do choisithe a thógáil; an luasteorainn a athrú idir Scoil Sailearna agus an iarbhunscoil, Coláiste Cholmcille; an bealach isteach chuig an scoil féin a chúngú leis an trácht a cheansú; áit shábháilte a chur ar fáil taobh amuigh den scoil ina bhféadfadh na daltaí cruinniú; comharthaíocht agus mullaird ‘Slite Sábháilte ar Scoil’ nua a chur in áit; an cosán a leathnú timpeall ar an trasrian nua; agus áiteanna páirceála a chur ar fáil do bhusanna scoileanna.
D’iarr an Chomhairle ar phobal na scoile agus ar mhuintir na háite aighneachtaí a sheoladh isteach lena dtuairim faoi na bearta a chur in iúl. Fuarthas 160 aighneacht sular dúnadh an tairseach ar líne ag deireadh na seachtaine seo caite.
Luadh i roinnt mhaith de na haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid na Comhairle go socrófaí soilse sráide sa cheantar taobh amuigh den scoil chomh maith leis na moltaí atá sa phlean cheana féin “ar mhaithe le sábháilteacht na bpáistí agus le pobal na scoile uile”.
Luadh i gcuid de na haighneachtaí freisin go bhfuil “roinnt eachtraí tarlaithe” ar an mbóthar le blianta anuas agus go bhfuil an baol ann go dtarlóidh “timpiste thromchúiseach” amach anseo.
San aighneacht a chuir Údarás na Gaeltachta faoi bhráid na Comhairle Contae, luadh “soilsiú poiblí” freisin agus go dtabharfaí “tosaíocht láithreach do sceideal ama” a leagan amach don togra.
“Tá an brú tráchta agus an luas ar an mbealach seo tar éis éirí chomh contúirteach sin gur baol sábháilteachta suntasach é siúl ar an mbealach seo,” a dúradh in aighneacht an Údaráis.
Bhain cuid de na haighneachtaí a cuireadh isteach le Scoil na bhForbacha freisin. Sna haighneachtaí faoin mbunscoil Ghaeltachta sin, iarradh go dtabharfaí isteach luasteorainn níos ísle ná an 50cm/u atá ceadaithe cheana féin, agus go dtógfaí trasrian coisithe taobh amuigh den scoil.
Níos luaithe i mbliana bhí agóidí ar siúl taobh amuigh de bhunscoileanna Chois Fharraige mar chuid den fheachtas le haird a tharraingt ar an mbóthar contúirteach. Ghlac na céadta dalta, tuismitheoirí, agus múinteoirí páirt sna hagóidí ó Bhearna siar go dtí an Tulaigh agus iad ag éileamh go ndéanfaí gníomh.
Dúirt duine amháin de na tuismitheoirí a ghlac páirt sna hagóidí seachtainiúla a bhí ar siúl san earrach le Tuairisc gur geall le “mótarbhealach” bóthar Chois Fharraige agus go mbíonn an trácht go dona ó cheann ceann an lae sa Spidéal.
“Tá sé cosúil le mótarbhealach ag dul trí lár an bhaile. Tá busanna, HGVs, leoraithe ag dul siar agus aniar chuile am den lá. Bíonn daoine ann, nuair a fheiceann siad an Prom agus bóthar leathan, cuireann siad an chos síos sa gcarr. Tá sé chomh contúirteach,” a dúirt Cathal Ó Flatharta.
Fág freagra ar '160 aighneacht curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi Bhóthar Chois Fharraige'