14% d’fhostaithe na hÉireann a bhí ag obair ón mbaile roimh an ngéarchéim – taighde nua

Léiríonn taighde nua gur mó an seans atá ann go mbeadh náisiúnaigh de chuid na hÉireann, fostaithe lánaimseartha agus daoine atá i ngairmeacha a bhfuil tuarastal maith ag dul leo, ag obair ón mbaile

14% d’fhostaithe na hÉireann a bhí ag obair ón mbaile roimh an ngéarchéim – taighde nua

Iarradh ar go leor oibrithe oibriú ón mbaile de bharr géarchéim sláinte Covid-19 ach is beag duine in Éirinn a bhíodh ag obair ón mbaile roimhe seo, de réir tuarascáil nua ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI).

Deirtear sa tuarascáil ‘Who can work from home in Ireland?’, nach raibh ach 14% d’fhostaithe na hÉireann ag obair go foirmiúil ón mbaile, bíodh sin anois is arís nó de ghnáth, roimh an ráig seo de Covid-19.

Cé go bhfuil an líon a bhíonn ag obair ón mbaile sa tír seo beagán os cionn an mheáin Eorpaigh, tá difríocht mhór ann ó thír go tír. Níl ach 1% a dhéanann amhlaidh sa Bhulgáir i gcomparáid le breis is 30% sa tSualainn.

Tá difríocht mhór freisin idir líon na n-oibrithe baile ó earnáil go hearnáil eacnamaíochta. Oibríonn 37% in earnáil an oideachais ón mbaile, 36% in earnáil na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide, agus 26% in earnáil an airgeadais, na trí earnáil is mó a mbíonn daoine ag obair ón mbaile iontu.

Níl ach 2% de na fostaithe i réimse an lóistín agus an bhia ag obair ón mbaile.
Scrúdaigh na taighdeoirí na fostaithe atá ar liosta oifigiúil an Rialtais d’fhostaithe riachtanacha.

Tá thart ar 23% d’fhostaithe na tíre ag obair i ngairmeacha atá riachtanach agus níl ach 6% acusan ag obair ón mbaile.

Léiríonn an taighde gur mó an seans atá ann go mbeadh náisiúnaigh de chuid na hÉireann, fostaithe lánaimseartha agus daoine atá i ngairmeacha a bhfuil tuarastal maith ag dul leo, ag obair ón mbaile ná tuismitheoirí aonair. Is mó seans atá ann chomh maith go mbeidh lánúineacha a bhfuil páistí acu ag obair ón mbaile ná tuismitheoirí aonair.

Dúirt an Dr Paul Redmond, duine d’údair na tuarascála:

“Ní gnáthchuid den saol é in Éirinn a bheith ag obair ón mbaile, go háirithe sna gairmeacha is lú pá. D’fhéadfadh go bhféadfaí a chur ar chumas níos mó daoine oibriú ón mbaile i bpostanna áirithe. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chuidiú le postanna a chosaint agus an cúlú eacnamaíochta a tharlóidh de bharr Covid-19 a mhaolú.”

Fág freagra ar '14% d’fhostaithe na hÉireann a bhí ag obair ón mbaile roimh an ngéarchéim – taighde nua'