1,358 cás nua fógartha, níos mó daoine buailte ag an víreas sna hospidéal ná mar a bhí le seacht mí

1,109 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,358 cás nua fógartha, níos mó daoine buailte ag an víreas sna hospidéal ná mar a bhí le seacht mí

Tá 1,358 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Tá níos mó othar Covid-19 sna hospidéil inniu ná mar a bhí ag aon am eile ó thús mhí an Mhárta.

400 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, 18 duine níos lú ná inné, agus bhí 75 acusan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.

1,109 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,593 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

314 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu,13 duine níos lú ná inné, agus tá 35 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

Fág freagra ar '1,358 cás nua fógartha, níos mó daoine buailte ag an víreas sna hospidéal ná mar a bhí le seacht mí'