12 duine earcaithe ag na Gardaí trí chomórtas Gaeilge ó 2016

Níos lú ná 50 duine ar fad earcaithe tríd an gcomórtas a tugadh isteach i gcóras earcaíochta an Gharda Síochána in 2014 chun go mbeadh dóthain Gardaí le Gaeilge sa bhfórsa chun freastal ar an nGaeltacht

12 duine earcaithe ag na Gardaí trí chomórtas Gaeilge ó 2016

Níor earcaigh an Garda Síochána ach 12 duine ó 2016 tríd an gcomórtas ar leith atá acu do chainteoirí líofa Gaeilge.

De réir eolais nua, rinne 420 duine iarrtas ar an gcomórtas Gaeilge sna trí bhabhta earcaíochta is déanaí ag na Gardaí, 2016, 2017 agus 2018.

In 2016 agus 2017 a earcaíodh an 12 duine tríd an gcomórtas a tugadh isteach i gcóras earcaíochta an Gharda Síochána chun go mbeadh Gaeilge líofa ag 10% den fhórsa.

Níl aon duine earcaithe ón sruth Gaeilge ó chomórtais na bliana 2018 fós.

16,600 duine a rinne iarratas tríd an ngnáthchomórtas Béarla idir 2016-2018.

Thart ar 800 garda nua atá geallta in aghaidh na bliana idir 2016-2021.

Mar sin, de réir socruithe a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga ba chóir go mbeadh áit curtha ar leataobh ag an nGarda Síochána do 80 Gaeilgeoir líofa gach bliain. 

Deir Coimisinéir na nGardaí go bhfuil an Garda Síochána “lántiomanta dá n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh”.

Den 534 Garda nua a ceapadh idir 2014-2016, tháinig 29 duine acu, nó 5% den iomlán, tríd an sainsruth Gaeilge a tugadh isteach i gcóras earcaíochta an Gharda Síochána chun go mbeadh Gaeilge líofa ag 10% de bhaill an fhórsa.

Fágann sin gur earcáiodh níos lú ná 50 duine tríd an gcomórtas Gaeilge ó tugadh isteach é.

D’aontaigh Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána, níos túisce i mbliana go gcaithfí dlús a chur le feidhm a thabhairt do na moltaí ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh Gaeilge líofa ag baill uilig an fhórsa a chuirtear ar dualgas sa Ghaeltacht.

Bhí cruinniú ag Harris sa Ghaillimh leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill mí an Mhárta, cruinniú ag ar pléadh an dualgas atá ar Choimisinéir na nGardaí ó thaobh soláthar Gardaí le Gaeilge don Ghaeltacht.

Nuair a tháinig sé chun solais in 2014 nach raibh Gaeilge ag ochtar den naonúr Gardaí a bhí lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, rinne an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin socrú go gcuirfeadh an Garda Síochána áiteanna ar leataobh feasta do Ghaeilgeoirí líofa.

Sárú a bhí san easpa Gaeilgeoirí i measc bhaill foirne na nGardaí i nGaoth Dobhair ar Acht an Gharda Síochána 2005. Éilítear san Acht sin go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag Gardaí a mbeadh plé acu le daoine sa Ghaeltacht.

Bíonn ar iarrthóirí ar an sruth Gaeilge scrúdú labhartha agus scrúdú scríofa a dhéanamh lena léiriú go bhfuil siad líofa sa teanga agus go mbeadh siad in ann “réimse seirbhísí leathan” a chur ar fáil i nGaeilge.

Cuirtear iarrthóirí shruth na Gaeilge a n-éiríonn leo sa bhabhta earcaíochta chun na Gaeltachta ar feadh tréimhse.

Fág freagra ar '12 duine earcaithe ag na Gardaí trí chomórtas Gaeilge ó 2016'