1,071 cás nua fógartha, breis is 101 duine atá buailte ag an víreas sna hospidéil

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh go bhfuil duine amháin eile básaithe ansin de dheasca an víris agus go raibh 1,776 cás nua le fógairt

1,071 cás nua fógartha, breis is 101 duine atá buailte ag an víreas sna hospidéil

1,071 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

101 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 20 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ó 22 inné.

231 cás in aghaidh gach 100,000 ráta coicíse an ghalair anois, an ráta is airde ón 24 Feabhra.

1,159 cás in aghaidh an lae ar an meán a bhí ann le cúig lá anuas, an ráta is airde ón 2 Feabhra, a dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte.

“Fad is atáimid ag baint sásaimh as an aimsir bhreá, faraor tá ardú ag teacht i gcónaí ar ráta an ghalair de réir na slat tomhais go léir,” arsa an Dr Tony Holohan.

D’impigh sé ar dhaoine cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí, go háirithe daoine nach raibh an tsnáthaid faighte go fóill acu.

1,776 cás a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna. Fógraíodh gur bhásaigh duine amháin eile de dheasca an víris ansin.

109 othar Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i 26 d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,185,869 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 982,562 duine.

Fág freagra ar '1,071 cás nua fógartha, breis is 101 duine atá buailte ag an víreas sna hospidéil'