‘United Kingdom’ á chur in áit ‘Éire’ ar Wikipedia ag duine i Westminster

Tá duine, nó dream, a bhfuil seoladh IP i bParlaimint Westminster acu i mbun leasuithe a dhéanamh ó mhaidin ar Wikipedia, ag tabhairt le fios gur sa Ríocht Aontaithe a rugadh leithéidí James Joyce, Samuel Beckett agus Éamon de Valera

‘United Kingdom’ á chur in áit ‘Éire’ ar Wikipedia ag duine i Westminster

Tá duine, ar cosúil é a bheith lonnaithe i bParlaimint Westminster, i mbun athruithe a dhéanamh ar iontrálacha ar an Wikipedia faoi Éireannaigh aitheanta, ag tabhairt le fios gur sa Ríocht Aontaithe a rugadh iad.

I measc na ndaoine a bhfuil an t-eolas fúthu athraithe ar maidin, de réir an chuntais @parlimentedits, a choinníonn cuntas ar leasuithe a dhéantar ar Wikipedia ó sheoltaí IP Pharlaimint Westminster, tá go leor polaiteoirí: Charles Stewart Parnell, Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, William T. Cosgrave,  agus John Redmond, chomh maith leis an iontráil faoi Éirí Amach na Cásca athraithe.

Tá leasú déanta freisin ar na hiontrálacha do roinnt mhaith de mhórscríbhneoirí na hÉireann, ag áireamh triúr ar bronnadh Duais Nobel na Litríochta orthu: Samuel Beckett, George Bernard Shaw, agus James Joyce, chomh maith Oscar Wilde agus Bram Stoker.

Tá athruithe déanta chomh maith ar maidin ar chuid den téacs a bhaineann leis an iontráil ar Wikipedia faoi ‘Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann’ agus Cogadh na Saoirse. De réir an leasaithe, ní chun ‘Poblacht na hÉireann’ a bhunú a troideadh Cogadh na Saoirse ach chun ‘féinriail’ a bhaint amach.

Tá athrú déanta freisin san iontráil faoi Éirí Amach na Cásca lena thabhairt le fios gur sa Ríocht Aontaithe, seachas in Éirinn, a tharla an réabhlóid.

Ní fios cén chúis atá ag pé duine nó daoine atá i mbun na n-athruithe seo ach is cosúil iad a bheith fíorghafa le ceist dhlisteanacht náisiún na hÉireann roimh bhunú an stáit. Roimh bhunú an tsaorstáit i 1921 a rugadh, in Éirinn, gach duine de na daoine ar athraíodh na hiontrálacha fúthu chun tabhairt le fios gur rugadh sa ‘Ríocht Aontaithe’ iad.

Fág freagra ar '‘United Kingdom’ á chur in áit ‘Éire’ ar Wikipedia ag duine i Westminster'

  • Norman Pramister

    Bhuel, ‘s dócha go bhfearr liom iad ag “fliúteáil thar timpeall” le ríomhairí i Westminster ná ag “fliúiteáil thar timpeall” le fliúiteanna sna Sé Chontae !!