Tá airgead á shíneadh chuig chuile mhac an pheata sa tír seachas an Gaeilgeoir

Tá an t-anam á fháisceadh as foilsitheoireacht na Gaeilge agus ní leor ‘milseacht briathar is sínteoireacht aimsire’

Tá airgead á shíneadh chuig chuile mhac an pheata sa tír seachas an Gaeilgeoir

I dTeach Laighean Dé Céadaoin, tháinig an tAire Stáit Thomas Byrne os comhair comhchoiste Oireachtais le ceisteanna a fhreagairt maidir le tuarascáil ar an Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta a d’fhoilsigh an Comhchoiste faoi Shamhain.

Is mar gheall ar an gciorrú a déanadh ar bhuiséad Chlár na Leabhar Gaeilge ó 2008 i leith, agus mar gheall ar imní faoin earnáil fré chéile, a cuireadh an cruinniú den chomhchoiste ar bun. Mar fhoilsitheoir, tá mé in ann a rá go bhfuil an-imní orainn féin faoina bhfuil i ndán dúinn.

Is iad na príomhphointí atá sa tuarascáil sin go n-aithníonn an Comhchoiste Oireachtais go bhfuil géarchéim i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge, gur gá buiséad Chlár na Leabhar Gaeilge a ardú go dtí an pointe ina raibh sé in 2008 (€1.8 milliún) agus gur gá é sin a ardú go bliantúil as seo amach. Beagán os cionn milliúin atá sa bhuiséad sin anois (móide suimeanna aon-uaire).

Ag cruinniú an Chomhchoiste Dé Céadaoin, dúirt an tAire Stáit go raibh sé riachtanach go gcuirfí an buiséad a bhí ag Clár na Leabhar Gaeilge ar fáil dóibh arís. Dúirt sé gur mhaith leis é sin a dhéanamh, agus tuilleadh. Níor dhúirt sé, áfach, go ndéanfadh sé é.

Is é a dúirt Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách, go raibh foilsitheoirí na Gaeilge ag streachailt, agus go raibh gá le beart. Dúirt Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fháil, go raibh míshásamh ann leis an gcaoi a rabhthas ag caitheamh leis an nGaeilge, agus go raibh an Ghaeilge anois in áit na leithphingine.

Creidim gur duine cneasta é Thomas Byrne, go bhfuil sé báúil leis an nGaeilge agus gur aire stáit éifeachtach é. Ach, i ndeireadh na cúise, tá ciorrú déanta ag a chomhghleacaithe ar mhaoiniú do leabhair Ghaeilge ó 2008 i leith, agus is é a bhreithiúnas ar an gceist iomlán nach géarchéim í seo ach dúshlán.

Údar imní é seo. Is ionann é i ndáiríre agus dearcadh rialtais Fhianna Fáil agus dearcadh rialtais Fhine Gael is Fhianna Fáil ar phobal na Gaeilge ó 2008 i leith. Le blianta beaga anuas, nuair atáthar ag maíomh as méadú ar chistí stáit agus airgead á shíneadh amach chuig chuile mhac an pheata eile sa tír, tá Clár na Leabhar Gaeilge fós in áit na leithphingine.

“Má bhreathnaíonn muid ar bhuiséad na Roinne, tá méadú ollmhór ar an gcaiteachas atá ar an gComhairle Ealaíon, mar shampla, agus ar na healaíona ar fad,” a dúirt an Teachta Ó Cuív, “agus ag an am céanna, thóg airí sinsearacha éagsúla cinneadh sa Roinn sin go bhfáiscfí an t-anam as foilsitheoireacht na Gaeilge.”

Gan boilsciú a chur san áireamh, €800,000 a chosnódh sé ar an stát maoiniú na bliana 2008 a thabhairt ar ais do léitheoirí na Gaeilge (sin níos lú ná mar a bhí i mBarter Account RTÉ le caitheamh ar shlipéirí agus mangarae eile mar iad). Is beag é le hais na suimeanna móra atá á dtabhairt amach ag an rialtas faoi láthair.

Go deimhin, níl láí le cur i dtalamh ag an Aire Stáit ná fód lena iompú, níl le déanamh aige ach a dhul i bhfeidhm ar a chomhghleacaí, an tAire Airgeadais Michael McGrath leis an sprus airgid seo a chur ar fáil. Ach ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ag an rialtas seo an méidín sin féin a dhéanamh ar mhaithe le pobal na Gaeilge.

Is beag a chreidfeadh go ndéanann Fine Gael aon imní faoi chúrsaí na Gaeilge, agus ní de thimpiste a d’fhágadar aireacht na Gaeltachta ag an bPáirtí Glas. Ní de thimpiste, ach an oiread, a d’fhág an Taoiseach cúram na Gaeilge ag Aire Stáit Fianna Fáileach. Bíodh sin amhlaidh, is mór i gceist ag Fianna Fáil a gcuid dindiúirí Gaelacha.

Ach ní bheathaíonn na briathra na bráithre. Tá toghchán tuartha do mhí an Mhárta. Ní móide go mbeidh cloch na Gaeilge ar an gcloch is lú, fiú, ar phaidrín Fhianna Fáil mura gcuirtear é sin i gcuimhne dóibh. Ní leor ‘milseacht briathar is sínteoireacht aimsire’, déanaidís beart roimh dheireadh na bliana seo.

Fág freagra ar 'Tá airgead á shíneadh chuig chuile mhac an pheata sa tír seachas an Gaeilgeoir'

  • Lillis Ó Laoire

    Baineadh an “snip” de gach rud ach tá an Ghaeilge gearrtha i gcónaí.

  • Ciarán Ó Maitiú

    Tuar dóchais dhúinn go bhfuil na foilsitheoirí sásta an fód a sheasamh. Seasaimis leo. Ciarán Ó Maitiú.

  • Padraig O Gallachoir

    Ní miste sá diabhal liomsa cé ta ag fail airgead , mar nach choir a bheith ann a rial amhain. Mura bfhuil Rialtas na tire no Comhairle na Condae ,sasta tacú lena dteangaidh dhuchais , ní linne iad agus caith amach iad . Cead acú dul go Sasainn no Meiricea mas Bearla ata uamfa.

  • Broc Salach

    Ní léitear in Éirinn. Sin an fadhb. Tá teanga níos-éirimúla againn ná daoine toilteanach le léamh í. Agus beidh de dhíth ar Ukrainian, Igbo agus Arabic ar feadh acmhainní. D’oscailíonn Cathair na Gaillimhe Leabharlann Russian dhá bhliain ó shin. Níl aon rud amhlaidh in Éirinn pé faoi Gaillimh. Cén fáth? Níl aon suim i litríocht i measures na Gaeil. Luach ar kelp mar a dúirt Synge, sin an.méid leo.