‘Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta’ – Catherine Martin

‘Tá todhchaí na Gaeltachta faoi chlóca dubh. Suan ná séan, ní bhfaighidh sí choíche, gan tacaíocht an stáit seo, láithreach bonn,’ a deir an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin sa Dáil

CATHERINE MARTIN

Bhí an chéad óráid a thug an Teachta Dála Catherine Martin sa Dáil go mór i mbéal an phobail toisc a phaiseanta is a bhí sí, agus bhí an paisean céanna le braistint ar a cuid cainte ar maidin agus a bhfuil i ndán don Ghaeltacht faoi chaibidil aici an turas seo.

Agus ráitis faoin nGaeilge á dtabhairt sa Dáil ar maidin, dúirt an Teachta Dála ón gComhaontas Glas go bhfuil pobal na teanga ag brath ar gach polaiteoir sa Dáil “ceannaireacht a léiriú i dtaobh cearta agus seirbhísí teanga a chur chun cinn”.

“Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta,” a dúirt sí.

Dhein Martin idirdhealú idir cás na Gaeilge sa Ghaeltacht agus cás na teanga lasmuigh don Ghaeltacht.

“Ní mór dúinn cuimhneamh gurb é an difríocht idir Gaeilge phobal na Gaeltachta agus an Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ná gur slabhra neamhbhriste lenár sinsir Cheilteacha í teanga phobail na Gaeltachta.

“Síneann fréamhacha na teanga siar i bhfad roimh ré na Normannach, roimh ionsaí na Lochlannach, siar roimh ré na Críostaíochta fiú, siar go dtí ré na miotaseolaíochta,” a dúirt sí.

Mhaígh an Teachta Dála  go bhfuil an teanga ag dul i léig sa Ghaeltacht mar gheall ar easpa tacaíochta an Stáit agus “bagairt an Bhéarla chuile áit”.

“Is ceist phráinneach é an meath seo. Seo am an ghátair do chainteoirí dúchais,” a dúirt sí.

Dhein an Teachta Dála, a toghadh i mBaile Átha Cliath-Ráth an Dúin san olltoghchán, ceangal idir cás na Gaeltachta agus cás na timpeallachta.

“Is maith is eol dúinn go bhfuil athrú aeráide mar bhagairt ar an timpeallacht agus go bhfuil an timpeallacht  i mbaol. Mar an gcéanna, dearbhaíonn an Comhaontas Glas  go bhfuil todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Tá géarghá le haghaidh plean éigeandála tarrthála gan a thuilleadh moille.”

Dúirt sí gur “obair in aisce” a bheidh sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge gan infheistíocht chuimsitheach i seirbhísí tacaíochta teaghlaigh, agus seirbhísí don óige”.

Mhol an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais go dtabharfaí “tús áite do na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an lámh in uachtar ag an teanga mar theanga an phobail”.

Chaithfí a chinntiú, a dúirt sí, go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag ábhair oidí agus múinteoirí agus go dtabharfaí cosaint do “shaibhreas” na teanga.

Chaithfí tacú leis na teaghlaigh sin “atá ag déanamh a seacht ndícheall ár dteanga agus ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a chothú”.

Dúirt Martin go raibh “frustrachas” ar phobal na Gaeltachta agus go raibh dualgas ar gach polaiteoir i nDáil Éireann cluas éisteachta a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta féin.

Mhol sí go mbunófaí Lárionad Náisiúnta don Oideachas i mBaile Bhuirne agus go leagfaí tuilleadh cúraimí sóisialta, cultúrtha agus teanga ar Údarás na Gaeltachta.

Ba ghá bonn reachtúil láidir a chur faoi straitéisí teanga náisiúnta agus Gaeltachta agus cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga.

“Má táimid dáiríre faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, caithfear cearta Gaeilge a neartú seachas iad a mhaolú is a laghdú. Molann an Comhaontas Glas go mbunófaí Aonad na Gaeilge i roinn an Taoisigh chun a chinntiú go gcuirfear an tAcht seo i bhfeidhm i ngach eagraíocht stáit agus sna ranna rialtais.”

Dúirt Martin go raibh borradh faoin teanga lasmuigh den Ghaeltacht i bhfianaise fhás na Gaelscolaíochta agus gur cheart aird a dhíriú ar bhonn práinne ar chás na Gaeltachta.

“Ag eascairt as an dearcadh dearfach seo [fás na Gaelscolaíochta] caithfear géarchéim na Gaeltachta a phlé agus réiteach a fháil ar na dúshláin.

“Is fúinne atá sé mar pholaiteoirí tacaíocht a thabhairt don chainteoir óg dúchais nach bhfuil sa mhóramh a thuilleadh agus sealbhú na teanga a chinntiú.  Dar le Sorcha Ní Chéilleachair, comhbhunaitheoir Tuismitheoirí na Gaeltachta, ‘in áit an foghlaimeoir a bheith báite  i measc na gcainteoirí dúchais mar a bhíodh a mhalairt atá ag tarlú sa Ghaeltacht sa lá inniu ann’.

“Is fúinne uilig atá sé sa teach seo brú a chur ar Airí Rialtais tearmann teanga a chothú do theaghlaigh Ghaeltachta agus maoiniú a thabhairt dóibh ionas go mbeidh rath ar shealbhú teanga á bpáistí, agus don fhoghlaimeoir sa mhórthimpeall feasta.”

Dúirt Martin nach mairfeadh an Ghaeltacht “leochaileach leonta” dá dtabharfaí an chluas bhodhar do na “deacrachtaí” ann.

“Muna ndéanaimid beart de réir ár mbriathar sa Teach seo, agus má ligimid ár maidí le sruth, ar thábhacht na Gaeltachta, beimid uilig ciontach as slad a dhéanamh ar  anam agus ar chuisle an náisiún seo.

“I bhfocail an Phiarsaigh: ‘Mór mo ghlóir/Mé do rug Cú Chulainn Cróga/Mór mo náire/Mo chlann féin/A dhíol a máthair.’ Mar fhocail scoir, tá todhchaí na Gaeltachta faoi chlóca dubh. Suan ná séan, ní bhfaighidh sí choíche, gan tacaíocht an stáit seo, láithreach bonn.”