Is binn béal ina thost comhairle Merchan do Trump

Tá Donald Trump ag baint leas as na cásanna cúirte ar fad atá ina aghaidh le bolscaireacht a chruthú dó féin

Is binn béal ina thost comhairle Merchan do Trump

Binn béal ina thost a deir an seanfhocal. Ní léir gur chuala Donald Trump riamh an nath. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an Breitheamh Juan Merchan ag iarraidh cur ina luí ar an gcosantóir Donald John Trump gurbh fhearr dó géilleadh do bhrí an tseanfhocail.

Beidh breithiúnas eile le tabhairt ag Merchan inniu an bhfuil Trump ciontach i ndíspeagadh cúirte trí neamhaird a dhéanamh don ordú gobáin a chuireann cosc air tagairt a dhéanamh do dhlíodóirí, oifigigh cúirte ná baill den ghiúiré. In iarracht teacht timpeall ar an ordú, rinne Trump tagairt d’iníon Merchan ar na meáin shóisialta, chomh maith le cúpla ionsaí eile a dhéanamh ar obair na cúirte. An leathnóidh Merchan coinníollacha an ordaithe inniu? An ngearrfaidh sé pionós ar Trump? Poiblíocht do Trump gach ceann acu sin.

Tá Donald Trump ag baint leas as na cásanna cúirte ar fad atá ina aghaidh le míonna anois le bolscaireacht a chruthú dó féin agus tá suim na meán in imeachtaí na gcásanna éagsúla ag cur leis an méid poiblíochta atá á fháil aige. Mionslógadh toghchánaíochta atá i ngach ceann acu dó. Go deimhin, tá iarracht déanta aige an tseachtain seo a chinntiú go mbeidh sé in ann freastal ar bhreithiúnas sa gCúirt Uachtarach i dtaobh an bhfuil díolúine ó chúisimh ag iar-uachtarán. Tagann sin le straitéis a chuid dlíodóirí ó thús sna próisis dlí seo ar fad. Déan an oiread iarratais agus is féidir ar orduithe. Cuir an oiread moille agus is féidir ar imeachtaí na gcúirteanna éagsúla ionas nach mbeidh aon rud socraithe roimh thoghchán na Samhna. Dá bhfaigheadh sé cead dul go Washington le freastal ar an gCúirt Uachtarach chuirfí moill arís eile ar an triail faoi íocaíochtaí ceilte i Nua-Eabhrac.

Tá an chuma air nach mbeidh cúrsaí chomh héasca aige agus a bhí súil aige. Tá sé déanta soiléir ag an mBreitheamh Merchan nach bhfuil aon rún aigesean caitheamh le Trump mar uachtarán ná aon rud eile seachas mar chosantóir ar chúiseanna. Cosantóir a chaithfidh cloí le rialacha na cúirte. Agus freastal ar imeachtaí na trialach. Triail a mhairfidh go ceann sé seachtaine nó mar sin. Tá chuile sheachtain acu sin ag baint óna chuid deiseanna feachtasaíochta. Mar bharr ar an mí-ádh, ag brath ar pé rud a ordaíonn an Breitheamh Merchan inniu, d’fhéadfadh sé a bheith an-teoranta sa méid a bheidh le rá aige nó a bheidh cead aige a rá. Cuireann sin lena argóint go bhfuil leatrom á dhéanamh air agus gur ionsaí ar an bpróiseas Daonlathach atá sna cúiseanna ina aghaidh. Cén mhaith sin mura bhfuil cead aige a bheith ag maíomh go hoscailte as an éagóir atá déanta air agus ag dul i gcion ar a lucht tacaíochta leis an argóint sin.

Cén dochar a dhéanfaidh sé d’fheachtas Trump má leathnaítear an t-ordú gobáin inniu? Is deacair a rá ach tá an chosúlacht ar chúrsaí go gcaithfidh Trump a thuiscint nach bhfuil seisean i gceannas ar reáchtáil na trialach agus go gcaithfidh sé géilleadh do riar na córa fiú mura n-aontaíonn sé leis.

Fág freagra ar 'Is binn béal ina thost comhairle Merchan do Trump'