Gradam idirnáisiúnta bronnta ar fhear gnó de bhunadh Árainn Mhór

Bronnadh Bonn James Clark, gradam aitheantais ó Ghrúpa Tollán na Breataine, ar Josie Gallagher as Oileán Árainn Mhór le gairid, úinéir comhlacht Joseph Gallagher Teoranta

Gradam idirnáisiúnta bronnta ar fhear gnó de bhunadh Árainn Mhór

Tá gradam idirnáisiúnta bronnta ar fhear gnó de bhunadh Árainn Mhór, ar chósta Thír Chonaill, ar leis ceann de na comhlachtaí innealtóireachta agus déanta tollán is mó in Éirinn agus sa Bhreatain.

Bronnadh Bonn James Clark, gradam aitheantais ó Ghrúpa Tollán na Breataine, ar Josie Gallagher as Oileán Árainn Mhór le gairid, úinéir comhlacht Joseph Gallagher Teoranta

Tugadh an bonn dó mar aitheantas ar an tréimhse atá caite aige ag obair sna tolláin fud fad na Breataine.

Chuaigh Josie Gallagher ar imirce go hAlbain ina óige agus thosaigh sé ag obair sna tolláin. Thosaigh sé a ghnó ag deireadh na 1960í agus rinne sé obair ar tholláin ar nós an New Cross Line agus Bank Station i Londain.

Tá clú agus cáil ar na Conallaigh, fir Árainn Mhór go háirithe, as a gcumas sna tolláin. Baisteadh ‘Na Tunnel Tigers’ orthu as na héachtaí faoi thalamh a rinne siad i rith na mblianta agus iad ag obair ar tholláin do chórais uisce, línte iarnróid agus leictreachais sna Garbhchríocha, Tollán an Phoirt i mBaile Átha Cliath agus Tollán Mhuir nIocht idir an Bhreatain agus an Fhrainc.

Fág freagra ar 'Gradam idirnáisiúnta bronnta ar fhear gnó de bhunadh Árainn Mhór'