Foireann na bhfear beag – cúigear déag a bhí cúig troithe is naoi n-orlaí nó níos lú…

Le trí bliana anois tá sé cruthaithe ag Adam Screeney gur beag iománaí dá aois atá chomh hoilte leis ach ní hé an chéad imreoir a chruthaigh nach iad na fir mhóra a bhaineann an fómhar i gcónaí

Foireann na bhfear beag – cúigear déag a bhí cúig troithe is naoi n-orlaí nó níos lú…

Thar a bheith spréachta a bhí fear a chuir glaoch gutháin orm i dtús na seachtaine. Leagan amach Chraobhacha Iomána na hÉireann a thosaigh an deireadh seachtaine seo ba mhó ba chúis lena chuid cantail.

Tús agus deireadh á chur leis i bhfad níos túisce ná mar ba cheart agus Iomarca cluichí a bheith ag teacht i mullach a chéile san achar gairid sin na gearáin ba thúisce a luaigh sé. B’fhurasta dó comrádaí a fháil a thacódh leis ansin.

Ach ba léir gan mhoill gurbh é an rud ba mhó a bhí ag cur as dó nach bhfeicfí a chontae dúchais féin i bpríomhchraobh iomána na bliana seo mura n-éireodh leo babhta ceannais chorn Sheosamh Mhic Dhonncha a bhaint amach.

Cuireann sé soir é go mbeidh Aontroim agus Gaillimh san iomaíocht i gCraobh Laighean agus cosc ar a chontae féin atá i gceartlár an chúige sin.

Thagair sé gur ansiúd atá fáil ar an sampla is fearr ar an gcruthúnas gur féidir cluiche na fuinseoige a chur chun cinn i gceantar gur bheag dá thraidisiún a bhí ann tráth.

Faoin tráth seo tá sé tomhaiste agat gur as Contae an Rí an té a ghlaoigh. Níl aon locht aige sin a thabhairt fós air ach an oiread. Níl uaidh ach a inseacht go mba as Ríocht an Rí Failge a baisteadh ar dtús é. Fiú nuair a rinne na Sasanaigh athbhaiste air sa 16ú Céad, deir sé gur in onóir Philib II na Spáinne a tugadh Contae an Rí air.

Bhí an racht a bhí á ligean ag mo chara ionann is ídithe aige, gan agamsa ach an anmmmm…sea…sea…mmmm nuair a dúirt sé go raibh locht eile fós ar an gcóras.

‘Mura mbainfidh Uíbh Fhailí na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais amach beidh an samhradh caite agus gan amharc faighte ag formhór na tíre ar iománaí óg a d’fhéadfadh a bheith chomh maith le haon duine a tharraing geansaí ar a dhroim ariamh’, a deir sé. ‘Tuigeann tú gur ar Adam Screeney atá mé ag caint.’

Ní dheachaigh muid níos faide leis an scéal. Ar ócáidí mar é bheadh fonn ort a lua gur chríochnaigh Aontroim ar comhscór le hÁth Cliath anuraidh i gCraobh Laighean, gur bhuaigh siad ar an Iarmhí, nach raibh idir iad agus Loch Garman ach ceithre chúilín agus gur scóráil siad 3-20 in aghaidh Chill Chainnigh.

Ach is beag is fiú a bheith ag cur tuilleadh lagmhisnigh orthu siúd atá in ísle brí mar atá siad. Cheadaigh mé dó a raibh ar a intinn a chur de agus d’fhág mé slán aige, ach ó shin is minic an pointe deireanach a rinne sé tagtha isteach i m’intinn.

Le trí bliana anois tá sé cruthaithe ag Adam Screeney gur beag iománaí dá aois atá chomh hoilte leis. Ba thrua gan a chumas a bheith le feiceáil ag pobal iomána na tíre fré chéile. Ina áit sin ní dhéanfaidh sin ach scata beag agus an léargas 90 soicind a bheas ar an teilifís.

Sa mbliain 2021 agus gan é ach 16 bliain, scóráil sé 1-8 in aghaidh Chill Chainnigh i gCluiche Leathcheannais Laighean i ngrád na mionúr. An bhliain dár gcionn bhain Uíbh Fhailí cluiche ceannais na hÉireann agus cé gur buadh orthu, ba ar Screeney a bronnadh gradam Imreoir na Bliana. Anuraidh d’aimsigh sé 2-59 sa gCraobh Faoi 20 áit ar theip ar a fhoireann arís sa mbabhta ceannais.

‘Neart agus Aclú’. Níl nath cainte is minice a úsáidtear ar fud an domhain faoi aon spórt sa lá atá inniu ann – lá a fhágann lúthchleasaithe ag crochadh meáchain, á dtarraingt féin ar phollaí agus á lúbadh féin mar a dhéanfadh eascann – ar mhaithe lena gcuid matán, a gcuid cnámh, a gcuid teannán agus a gcuid ballnasc a neartú.

Agus é i mbun imeartha in aghaidh Laoise ar Pháirc Uí Mhórdha inné 5’8’ (1.73m) a bhí Screeney nuair a bhain sé fad as féin.

Bhí sé 9 gclocha 10 bpunt – deir siad go bhfuil cloch mheáchain curtha suas aige ó rinne sé na gaiscí sin faoi aois!

Fear deisbhéalach é Johnny Pilkington a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann faoi dhó le hUíbh Fhailí. Tá aithne aige ar an iománaí óg ó bhí sé ina ghasúr agus bhí ar dhuine den fhoireann bainistíochta ar na foirne faoi aois sin ar a raibh Adam.

Lá a raibh cuid de na gaiscí atá luaite agam déanta ag Adam, chuir fear a raibh amhras air faoina mhéid (nó a easpa) ceist ar Pilkington an raibh Screeney róbheag don chúram. ‘Meas tú nach bhfuil sé róbheag le bheith ina mharcach?’ a deir Johnny.

Chuala tú riamh é nach iad na fir mhóra a bhaineann an fómhar i gcónaí?

Ní leis féin atá Adam Screeny. Chuir an t­­-ábhar atá tarraingthe anuas ag smaoineamh mé ar sháriománaithe a chonaic mé féin nach raibh aon airde mhór iontu. Ar 5’9’ (1.77m) a leag mé mo mhiosúr. Dá gceadóinn orlach eile bheadh D.J Carey cáilithe, ach fiú leis an gcaoi ar fhág mé rudaí, is maith an geall a chuirfinn go dtabharfadh siad lán a léine do fhoireann fathaigh.

 

Fág freagra ar 'Foireann na bhfear beag – cúigear déag a bhí cúig troithe is naoi n-orlaí nó níos lú…'

  • Carraig

    Ní raibh Phil ‘Fran’ Larkin, leathchúlaí ar chlé ar fhoireann Chill Choinnigh, ach 5’4″.
    Ach an-iománaí ab ea é, é stuifiúil, seiftiúil, aicillí, tathagach, tréan agus máistreacht aige ‘sna healaíona dorcha’.
    Bhíodh Ringy , Corcaigh, (fear ná raibh ard ná naofa ach oiread leis féin) á mharcáil aige go hiondúil agus naimhdeas na mblian eatarthu.
    Bhí an láimh uachtair á fháil ag Fran ar Ringy sa chluiche áirithe seo.
    Gan dada scórálta ag laoch Chorcaí agus deich nóiméad caite sa dara leath.
    – Féach, arsa Larkin le Ringy, tá fear ionaid á ullmhú acu thall, tógfaidh siad tusa den bpáirc láithreach, bailigh leat a scriosúnaigh!
    -Tá chomh maith acu mé bhaint den bpáirc, arsa Ringy agus conach air….
    siúr níl focál im mharcáil!
    (Tá sé ráite gur scóráil sé dhá chúl i ndiaidh a chéile dá éis sin. Má tá bréag ann, bíodh!)