FÍSEÁN: Na cúiseanna go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag páirtithe na heite fíordheise san Eoraip…

Thíos tá ábhar ón gcnuasach Láithreach Bonn mar aon le gníomhaíochtaí don seomra ranga

FÍSEÁN: Na cúiseanna go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag páirtithe na heite fíordheise san Eoraip…

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana

  • Cén fáth ar deineadh an mhír seo?
  • Céard atáthar a thuar?
  • Céard atá ag tarlú i mí an Mheithimh?
  • Cén fáth a luaitear an figiúr 720?
  • Cén fáth a luaitear an céatadán 25%?
  • Céard is cúis le fás na heite deise?
  • Cén fáth a luaitear na meáin shóisialta?
  • Céard atá ag cur as go mór dho dhaoine in Éirinn?
  • Cad deir Eurostat?
  • Cén fáth a bhfuil feirmeoirí míshásta?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
    • Ag tuar
    • Níl aon amhras
    • Na meáin shóisialta
    • Géarchéim
    • Tréimhse
  • Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
    • Eite dheis
    • Bolscaireacht
    • Borradh
    • Agóidí
    • Dul i ngleic
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Cad a cheapann tú féin faoi fhás na heite deise (in Éirinn agus thar lear)?
  • Déan 5-7 bpointe a scríobh.
  • Féach ar an alt ag an nasc seo le cúpla smaoineamh a fháil.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Ansin, léigh na pointí atá scríofa ag do pháirtí agus déan iad a phlé leo. An aontaíonn tú leis/léi?

Gníomhaíocht  5 – Nasc ábhartha eile

Éist agus léigh an t-ábhar agus déan iad a phlé le do pháirtí.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Na cúiseanna go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag páirtithe na heite fíordheise san Eoraip…'