‘Faigheann muid ar aghaidh go maith lena chéile’ – cultúr na Briotáine á roinnt le muintir na Gaillimhe

Labhair Tuairisc leis an damhsóir Marian Ní Chonghaile faoi Fhéile na Briotáine a bheidh ar siúl in Árainn, i gConamara agus i nGaillimh an deireadh seachtaine seo

‘Faigheann muid ar aghaidh go maith lena chéile’ – cultúr na Briotáine á roinnt le muintir na Gaillimhe

Luna Leon

Damhsóir ar an sean-nós as Leitir Mór na Coille i gConamara í Marian Ní Chonghaile a bhfuil na blianta taithí aici ag dul go Lorient [An Oriant] sa Bhriotáin mar dhuine de thoscaireacht na Gaillimhe agus í ag múineadh ranganna damhsa ag Féile Idircheilteach Lorient.

Le ceithre bliana anuas, tá sí gníomhach in eagrú Fhéile na Briotáine, féile a cuireadh ar bun chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nasc atá idir cultúr na Gaillimhe agus cultúr na Briotáine.

“Thosaigh muid an fhéile seo ceithre bliana ó shin, díreach le linn Covid. Bhí an chéad fhéile a bhí againn ar líne agus ó shin i leith tá muid ag ceiliúradh chuile Bhealtaine.

“Tá an dá áit nasctha lena chéile le beagnach leathchéad bliain ach b’fhéidir nach raibh an oiread sin rudaí ag tarlú le blianta agus bhí muid ag iarraidh an nasc sin a láidriú agus an cultúr a choinneáil ag imeacht idir an dá áit,” a deir Ní Chonghaile.

Tá coiste deonach Gaillimh-Lorient ag obair ar an bhféile gach bliain ó shin in éineacht le hurraitheoirí áitiúla agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, Ambasáid na Fraince agus urraitheoirí eile. Thuig an coiste a tháinig le chéile gur féile bheag a bheadh ann ag an tús, ach go raibh súil acu go mbeadh fás agus forbairt ag teacht uirthi bliain ar bhliain, a deir Ní Chonghaile.

“Tá suim mhór in Lorient, mar atá a fhios ag go leor daoine, sa gceol, sna hamhráin, sa damhsa, sa tseoltóireacht agus sa teanga. Séard a bhí uainne ná ceiliúradh a dhéanamh ar an gcultúr sin atá sa Bhriotáin agus é a roinnt le daoine anseo i nGaillimh.”

Téann toscaireacht as Éirinn anonn go Lorient sa Bhriotáin ag an bhFéile Idircheilteach a bhíonn ar bun ann gach Lúnasa, agus tá an fhéile i nGaillimh ag tógáil ar an gcaidreamh sin. Freastalaíonn suas le 700,000 duine ar Festival Interceltique Lorient [Emvod Ar Gelted An Oriant] gach bliain agus go leor ceoltóirí agus damhsóirí Éireannacha ina measc.

“Chaith mé na blianta ag dul anonn ann ag tabhairt ceardlanna damhsa ar an sean-nós agus gach uile bhliain bíonn ceoltóirí agus damhsóirí ag dul anonn agus iad ag múineadh ceol na hÉireann agus damhsa. Ceann de na rudaí móra a gcuireann muid suim ann ná an oiread spéise atá acu sa gcultúr atá againn anseo,” a deir Ní Chonghaile.

Tagann an tsuim ón dá thaobh a deir sí agus tugann an fhéile i nGaillimh deis chun an cultúr a roinnt idir an dá phobal.

“Cuireann muide suim sa gcultúr atá acusan freisin. Ceapaim gurb in é an spreagadh is mó atá againn leis an bhféile, ná go bhfuil an tsuim sa gcultúr ar an dá thaobh. Cuirimid go leor aithne ar dhaoine ansin agus tá suim acu a bheith ag teacht go hÉirinn agus tá suim againn féin a bheith ag dul anonn agus is dóigh go bhfaigheann muid ar aghaidh go maith lena chéile.”

Den chéad uair i mbliana beidh an fhéile ag tabhairt cuairt ar Árainn nó Inis Mór.

“Thuig muid gur féile bheag a bheadh ann ón tús amach ach gur rud é a bheadh ag fás is ag forbairt de réir a chéile. Bhí muid uilig ag iarraidh í a thabhairt amach go Conamara agus ansin go hÁrainn. Tá sé go hálainn go mbeidh muid ag tosú in Inis Mór, sin é an sprioc a bhí againn ar an gcoiste le cúpla bliain agus tá muid lánsásta go bhfuil sé sin ag tarlú.”

Cuirfear taispeántas de bhia na Briotáine ar bun i Halla Pobail Inis Mór ar an Aoine, an 24 Bealtaine i rith an lae. An tráthnóna sin beidh ceoltóirí ón mBriotáin ag casadh ceoil in éineacht le ceoltóirí Éireannacha ag seisiún ceoil Tigh Joe Watty.

Duine de na ceoltóirí a bheidh ar cuairt ón mBriotáin ag an ngig sin ná Yuna Léon, fidléir aitheanta a bhfuil tionchar ag ceol na Briotáine agus na hÉireann ar a stíl cheoil. Cuirfidh sí ceardlann ar an bhfidil ar fáil do dhéagóirí ar an Satharn i Seanscoil Sailearna in Indreabhán mar chuid den fhéile agus beidh seisiún ceoil do dhaoine óga ina dhiaidh sin Tigh Mholly mar a mbeidh deis acu an ceol a chur i láthair an phobail.

Bhí sé thar a bheith tábhachtach don fhéile go mbeadh daoine óga páirteach ann a deir Ní Chonghaile.

“Tá an-áthas orainn go mbeidh an ghné sin den fhéile á forbairt i mbliana. Mol an óige agus tiocfaidh sí!  Tá roinnt turas eagraithe cheana féin do dhaoine óga idir Gaillimh agus Lorient, ní hamháin leis an gceol ach le cúrsaí spóirt freisin.

“Tá súil againn go mbeidh an cheardlann i mbliana mar thúsphointe chun an nasc atá idir an dá phobal a láidriú tuilleadh. Le cúnamh Dé, an bhliain seo chugainn, mar gheall ar an gceiliúradh mór a bheidh ann, tá súil againn clár malartaithe a chur ar bun do dhaoine óga as Gaillimh agus Lorient.”

Tá lucht na féile ag pleanáil cheana féin don cheiliúradh mór a bheidh acu an bhliain seo chugainn agus leathchéad bliain ó nascadh Gaillimh agus Lorient á cheiliúradh acu. Nascadh an dá áit lena chéile sa mbliain 1975 agus tá coiste na féile ag iarraidh ar dhaoine a gcuid scéalta agus cuimhní cinn a sheoladh isteach chucu.

“Is iomaí duine a chuaigh anonn idir Gaillimh agus Lorient sa 50 bliain sin agus ba bhreá linn cloisteáil ó dhaoine agus muid ag réiteach do cheiliúradh na bliana seo chugainn.

“Tá muid ag tóraíocht scéalta, cuimhní cinn, pictiúir agus smaointe ó dhaoine a raibh páirt nó plé acu leis an nasc idir Gaillimh agus Lorient sna blianta a caitheadh,” a deir Ní Chonghaile agus lucht Fhéile na Briotáine ag súil le ceiliúradh mór a chur ar bun in 2025.

Tá clár na féile agus tuilleadh eolais le fáil anseo

Fág freagra ar '‘Faigheann muid ar aghaidh go maith lena chéile’ – cultúr na Briotáine á roinnt le muintir na Gaillimhe'