Tá Comóradh 1916 ar ceal! Ó mo thaobhsa de ar aon nós. Ní bheidh mise á chomóradh. Cén fáth san?
Tuig i gceart mé. Bhí gá le hÉirí Amach 1916. Gá le poblachtachas. Le náisiúnachas. Gá le Emmet. Gá le Tone. Agus na céadta eile. Na Peep O’ Day Boys. (Chaithfeá a bheith i do shuí roimh ghiolc an ghealbhain chun breith orthu siúd). Ach an bhfuil gá leis an náisiúnachas a thuilleadh? An bhfuil gá le náisiúin, le bratacha?
Cuid riachtanach dár n-éabhlóid ar an bpláinéad seo ab ea an náisiúnachas – arm éifeachtach in aghaidh an impiriúlachais. Bhí meas agam riamh ar an náisiúnachas cultúrtha, an neamhspleáchas aigne agus an saghas náisiúnachais sin a chleacht an Mahatma, an easumhlaíocht shibhialta nuair ba ghá. Easumhlaíocht shibhialta a léirigh muintir na hÉireann le déanaí i dtaca le táillí uisce de.
Easumhlaíocht shibhialta is ceart a chleachtadh sa bhliain 2016. Nach bhfuil idéil 1916 tréigthe againn, idéil an Ghaelachais ach go háirithe? Níl siad tréigthe agatsa, seans, ach nach bhfuil siad tréigthe cuid mhaith ag na meáin, ag an státchóras, ag an earnáil ghnó, ag státseirbhísigh, ag lucht siamsaíochta is ag ‘aos dána’ na hÉireann trí chéile? Ar aon chuma, ní gá teanga a cheangal le náisiún. Bhí an Ghaeilge ann sula raibh náisiún againn agus beidh sí ann nuair a bheidh deireadh le náisiúin an domhain.
Fiú amháin dá mbeadh an státchóras is na dreamanna go léir thuasluaite, is dreamanna nach iad, tar éis a bheith dílis don Ghaelachas, an mbeadh 1916 á cheiliúradh agam? Ní bheadh. Tá an freagra i bhfoilseachán dar teideal Against Nationalism (Anarchist Communist Editions, Paimfléad Uimh. 20, Meán Fómhair, 2009). Meabhraíodh dom agus mé á léamh nach gá féachaint ar an domhan mar scata náisiún ag iomaíocht lena chéile: ‘brat deataigh’, fantaisíocht atá sa náisiún, brat a cheileann cath na n-aicmí. Níl ‘aon phobal’ ann laistigh den ‘náisiún’ ná leas náisiúnta ann a d’aontódh an pobal sin. Níl sa náisiúnachas ach ‘paróisteachas eagraithe’, dar le Paimfléad Uimh 20.
Aisteach go leor, tháinig mise ar an Ainrialachas via spioradáltacht na hIndia. I dtraidisiún ársa Advaita na hIndia, ceistítear an nóisean atá againn den rud is féiniúlacht ann. Bristear síos an coincheap atá agat díot féin d’fhonn teacht ar an bhfírinne lom: ní tusa d’ainm is do shloinne, ní tusa do theanga, do chultúr, do chreideamh, do chuid tuairimí, ní tusa an aois atá agat, an jab atá agat, an chuma atá ort agus mar sin de go heireaball siar go dtí nach mbeadh lipéad ar bith fágtha.
Tagtar ar an síol beo síoraí ionat sa tslí sin, an Féin atá neamhspleách ar na ‘fíricí’ eile go léir a bhaineann leat, náisiúntacht, ar ndóigh, san áireamh agus na ‘dílseachtaí’ polaitiúla agus creidimh a bhaineann leat anois ach nach raibh a fhios agat iad a bheith ann nuair a saolaíodh tú, ar ndóigh.
Bíonn trodairí na saoirse ag caint ar shaoirse ach le bheith saor i gceart, ní mór duit gach lipéad a dhó.
Tháinig an náisiúnstát chun cinn i dteannta an chaipitleachais. Tháinig deireadh leis an Laidin agus chuir tionscal na clódóireachta le héifeacht lucht riaracháin gach áit, go háirithe i dteangacha na hEorpa; chabhraigh baincéirí is trádálaithe le leathnú na n-impireachtaí Eorpacha ar fud an domhain, impireacht na Breataine mar chomharsa bhéal dorais againn féin.
‘Sea, tá a lán le slogadh sa mhéid sin. An iomarca, b’fhéidir, ach nílimse ach ag iarraidh a bhfuil sa phaimfléad thuasluaite a thuiscint i gceart agus is mór an áis a bheith in ann smaoineamh mar seo os ard! Sin is aiste ann, i mo thuairimse.
Ar aon nós, chuir Réabhlóid na Fraince a stampa breá ar ‘cheannas an tsaoránaigh’ agus ní bheadh aon 1916 ann murach sin, is dócha. Ach an mbraitheann tusa ceannas seo an tsaoránaigh? Bheadh fonn orm 1916 a cheiliúradh dá mbraithfinn.
Agus na náisiúnstáit ag teacht chun cinn go rábach, bhí gá le gliú éigin a choimeádfadh slán iad. Scaipeadh idéal an ‘tírghrá’ agus thacaigh na heaglaisí leis sin. Tacaíonn fós.
Is maith linn go léir an grá. Cé a chuirfeadh in aghaidh an ghrá, in aghaidh an tírghrá?
Cúpla duine ciallmhar, bail ó Dhia orthu, cúpla duine a theith ó pháirc an áir sa Chéad agus sa Dara Cogadh Domhanda – agus gach cogadh ó shin. Níor lucht sniffeála an ghliú sin iad. Mo ghreidhin go deo na tréigtheoirí!
Tírghrá? Abair é sin leis an mBanc Domhanda, leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, le NATO agus a gcairde, leis an Troika. An mbeidh ionadaithe ó na heagraíochtaí sin i láthair ag Comóradh 1916? Conas a aithneofar iad?
An mbeidh adharca orthu? Nó an mbeidh siad cosúil leatsa, cosúil liomsa?
Seasamh in aghaidh an impiriúlachais ab ea Seachtain na Cásca. Feictear domsa nach féidir an seasamh sin a chomóradh fad is atá árfort déanta ag na Meiriceánaigh d’Aerfort na Sionainne chun cogaí impiriúla a fhearadh i gcéin.
Beidh an bhratach thrídhathach le feiceáil gach áit ó thús 2016 ar aghaidh. Is deise liomsa bratacha bána, caithfidh mé a rá:
Bratacha Bána
Tá bratach Mheiriceá
ar an ngealach
iompaithe bán,
tuartha ag an ngrian.
Ní faic anois iad
na réaltaí, na stríoca,
brionglóid.
Lá breá gréine
is beidh gach brat tréigthe
Mar fhocal scoir. Cad a chuirfinnse in áit an náisiúnstáit? Tá na hainrialaithe an-soiléir ina thaobh: domhan gan teorainneacha, gan náisiúin, gan bhratacha, saortheacht ar tháirgí daoine chun riachtanais daoine a shásamh, domhan gan stát a ligfeadh dúinn bláthú gan choimhlint inár neacha cruthaitheacha dúinn.
Domhan mar sin, b’fhiú é a cheiliúradh.
– Beidh an aiste seo i gcnuasach aistí leis an údar faoin teideal Éist leis an gCruinne. Evertype na foilsitheoirí agus seolfar an bailiúchán i dtús mhí na Nollag
Michael Everson
Sa nasc thuas atá leathanach lín maidir leis an leabhar “Éist leis an gCruinne”.
Fearn
Bail ó Dhia, nó ó na déithe Hiondúcha uile ar Ghabriel, Ní ag ceasacht air atáim nuair a maím nach bhfuil mé ag teacht go hiomlán leis.
Is maith liom á léamh. Spreagann sé mé.
Ach tá mé ar son an tÉirí Amach a cheiliúradh, bíodh go bhfuil sé faoi chrann smola ag an móramh,bíodh go bhfuil an Gaelachas caite i dtraipísí aige.
Mar mheafar, ceiliúrím mo lá breithe , cuma an dearcadh agam, cuma a shílím díom fhéin, agus ní dóigh liom gur gníomh leithleachais é. Is cuma liom go bhfuil a gcuid laetha bhreithe eile ag an Ádhamhchlann. Ní leithleachas agam é sin, ach an oiread. Mar an gcéanna liom “cúrsaí Náisiún”.
“ní mór duit gach lipéad a dhó.”
Ní mór dúinn amharc thar lipéidí, sílím. Ná bac le tinte.
“Tháinig an náisiúnstát chun cinn i dteannta an chaipitleachais. Tháinig deireadh leis an Laidin agus chuir tionscal na clódóireachta le héifeacht lucht riaracháin gach áit, go háirithe i dteangacha na hEorpa; chabhraigh baincéirí is trádálaithe le leathnú na n-impireachtaí Eorpacha ar fud an domhain, impireacht na Breataine mar chomharsa bhéal dorais againn féin.”
Ara, ní hionann comhtharlúcháin agus comhghaolúcháin .i. níl greim ag ceachtar acu ar a chéile
Ná sílimis ceangailte iad.
“Is maith linn go léir an grá”
Is maith
“. Cé a chuirfeadh in aghaidh an ghrá, in aghaidh an tírghrá?”
Deamhan duine ná mise!
John Prendergast
Fíorspéisiúil. Agus aontaímse leat — le bheith saor i gceart, ní mór duit gach lipéad a dhó. Bealach díreach i dtreo na fírinne agus i dtreo sochaí cothrom ceart (dar leis an bhfealsúnaí John Rawls ar aon chuma), fé mar a leag tú síos san alt.
Im’ thuairimse mheaite féinig, is uirlis é an féiniúlachas domsa chun teacht ar fhreagra na ceiste sin. Is céim beag é chun teacht ionam féin. Is dócha go gcabhríonn an “Gaelachas” liom mo chuisle is mo chroí a bhraith go lom; bímse in ann mé féin a aithint níos nadúrthaí agus níos cruinne.
Míle buíochas as an ábhar tábhachtach seo a chur os ár gcomhair!
Darren Ó Riagáin
Seo an alt ab fhearr atá léite agam faoin ábhar seo.