Cé a bheas in ann srian a chur ar an ngunna a tháinig ar an saol le linn Chogadh Vítneam?

Maraíodh i Meiriceá anuraidh féin 43,000 duine le gunnaí. Sin gar go maith don líon saighdiúirí as Meiriceá a maraíodh de bharr Chogadh Vítneam

Cé a bheas in ann srian a chur ar an ngunna a tháinig ar an saol le linn Chogadh Vítneam?

Nuair a bhí mé féin agus mo dheirfiúr ar cuairt go Washington Mheiriceá roinnt blianta ó shin, rinneamar an rud a dhéanann beagnach gach turasóir – thugamar cuairt ar an mballa ómóis dóibh siúd a maraíodh de bharr an chogaidh i Vítneam.

Bheadh tú ag súil leis sin, agus aithne mhaith againn ón uair a mbímis ag spraoi lena chéile agus muid ina ngasúir, ar dhuine de na mairbh, Bernard Freyne (Brian Óg Freyne) as Bealach a’Doirín.

Téann an balla sin i bhfeidhm ar aon duine a thugann cuairt air. Na mílte agus na mílte ainm, duine i ndiaidh duine, agus a bhformhór mór ina bhfir óga, gan iad ach ag tosú amach sa saol.

Nuair a chuirtear ceist ar dhaoine cén líon saighdiúirí Meiriceánacha a fuair bás sa chogadh nó dá bharr, is minic go mbíonn na freagraí i bhfad ón bhfírinne.

Cé go bhfuair thart ar 1,353,000 duine bás san iomlán is é an figiúr a ghlactar leis mar fhigiúr oifigiúil na marbh as Meiriceá, ná 58,220.

Chaith an cogadh sin scáil ar stair Mheiriceá na linne seo. Cé go mb’fhéidir nach mbeadh an figiúr cruinn ag go leor daoine sa lá inniu, fós féin, ceaptar gur cogadh thar a bheith fuilteach a bhí ann agus gur caibidil náireach i stair Mheiriceá fós atá ann. Cuireann an balla agus liosta na marbh an chaibidil staire sin i gcuimhne do dhaoine gach lá.

Chuir an marú i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo figiúr eile i gcuimhne dom. Maraíodh ógfhear ar an tsráid nuair a caitheadh le gunna é. Luadh sna chéad tuairiscí faoin eachtra, gur caitheadh é le gunna de chineál áirithe – raidhfil ‘grád míleata’ AR-15, a frítheadh gar don láthair.

I Meiriceá anuraidh, maraíodh 43,000 duine le gunnaí. Sin gar go maith don líon saighdiúirí a maraíodh de bharr Chogadh Vítneam – san iomlán. Ach ní bhaineann an figiúr 43,000 ach le bliain amháin. Bhí Arm Mheiriceá sáite i Vítneam ar feadh 10 mbliana.

Agus ar fhaitíos go gceapfá gur rud éigin neamhghnách a bhí sa mbliain 2023, maraíodh beagnach 48,000 duine le gunnaí an bhliain roimhe sin, in 2022. (Tá féinmharú agus timpistí comhairthe sa bhfigiúr sin. Ach is ‘marú’ gach ceann díobh.)

Meastar go bhfuil gunnaí anois ag beagnach an tríú cuid de phobal Mheiriceá. Is é an gunna nó an Raidhfil AR-15, atá i seilbh an cúigiú cuid díobh sin. Agus ar ndóigh bíonn níos mó ná gunna amháin i seilbh go leor, leor daoine. Tuairiscítear go bhfuil os cionn 400 milliún gunna príobháideach i seilbh daoine sna Stáit Aontaithe – sin seachtó milliún níos mó gunnaí ná mar atá daoine sa tír.

Ní gunna beag é an AR-15. Ach ní gunna mór trom é ach an oiread. Tá sé ann ó bhí Cogadh Vítneam ann. Thángthas ar an dearadh sin i gcomhair cogaíocht den chineál sin – bhí sé éasca é a bhaint ó chéile, a ghlanadh agus a chur le chéile arís ar pháirc na cogaíochta. Chomh maith leis sin, bhí an saighdiúir in ann é a iompar go héasca. Ní meaisínghunna sa ghnáthchiall é – ní leanann sé air ag caitheamh piléar gan stad. Ach tá na piléir .223 éadrom agus tá an gnáthshaighdiúir in ann riar maith acu a iompar.

Deirtear go bhfuil sé thar a bheith éasca margaíocht a dhéanamh ar an AR-15. Tá cúis ar leith leis sin – is féidir an gunna bunúsach a cheannach agus ansin, do rogha dearadh agus áiseanna breise a chur leis. Mar shampla, is féidir soilse a fheistiú air, is féidir giuirléidí a chabhróidh leis an scaoileadh a chur air, is féidir clúdach a fháil don stoc nó don bhairille a choinneoidh ‘sábháilte’ é.

Agus ar ndóigh is féidir do rogha féin dath a fháil – ‘raidhfil dubh’ a thugtaí air uair amháin ach tá an ré sin thart anois. Tá réimse dathanna agus dearadh ar fáil ón ‘aol snasta’ go ‘réalta agus stríocaí’ agus fiú ‘Hello Kitty’.

I mí Feabhra na bliana seo, thug Ionadaí Poblachtánach ó Stát Alabama, Barry Moore, bille os comhair na Comhdhála i Meiriceá. Is éard a bhí uaidh ná go n-aithneofaí an AR-15 (nó a chomhionann) mar ‘Gunna Náisiúnta na Stát Aontaithe’. Bhí tacaíocht aige ó thriúr ionadaithe eile, Lauren Boebert, George Santos agus Andrew Clyde, fear a rinne saibhreas as díol gunnaí. Chuir seisean bioráin ornáideacha ‘AR-15’ ar fáil dá chomhionadaithe sa gComhdháil.

Níor éirigh leis an mBille. Bheadh tú ag ceistiú cén sórt meoin a bhí taobh thiar den iarracht seo – an gunna is mó a úsáideadh sna heachtraí marfacha ba mheasa riamh i Meiriceá a fhógairt mar shiombail de na Stáit Aontaithe.

Ní chuireann tragóidí le gunnaí isteach ná amach ar na daoine atá tiomanta do ghunnaí agus don ghunnadóireacht. Fiú amháin nuair a thagann tragóid uafásach amháin sna sála ar thragóid eile – ní dhéanann sé pioc difríocht. Is cosúil go dtagann méadú ar cheannach gunnaí i ndiaidh gach eachtra uafáis – le faitíos go gcuirfí dlí nua i bhfeidhm a chuirfeadh cosc ar ghunnaí.

Ba sa mbliain 2022, an bhliain ar thagair mé di thuas, nuair a maraíodh 48,000 duine, a tharla dhá mhóreachtra lámhaigh a fhanfaidh i gcuimhne daoine.

Tharla an chéad cheann, in Buffalo, Nua-Eabhrac i mí na Bealtaine 2022, agus an dara ceann, deich lá ina dhiaidh sin i scoil in Uvalde, Texas. Idir an dá shléacht sin, maraíodh 31 duine san iomlán. Bhí 19 duine acu sin ina bpáistí. Sa dá eachtra sin, d’úsáid an marfóir gunna den stíl AR-15.

Cúig bliana roimhe sin, mharaigh gunnadóir seasca duine nuair a sheas sé ar bhalcóin in óstán i Las Vegas, agus scaoil 1,000 piléar le slua a bhí ag freastal ar choirm cheoil.

Cheap mé ar feadh i bhfad gur sheas na litreacha ‘AR’ do ‘Assault Rifle’. Ní hea, ar chor ar bith. Seasann siad do ‘Armalite Rifle’ nó ‘Armalite Research’. Anois, nach dtugann sé sin ‘back’ muid?

Agus má tá an Armalite ag teacht ar ais ar na sráideanna agus in úsáid i gcogaí idir coirpigh i mBaile Átha Cliath, cén t-achar go bhfeicfimid é in úsáid in eachtraí eile, cosúil leis na ‘móreachtraí lámhaigh’ sna Stáit Aontaithe? Cé a bheas in ann srian a chur ar an ngunna a tháinig ar an saol le linn Chogadh Vítneam agus atá anois i gcófraí seomraí leapa ar fud Meiriceá?

Agus, cá bhfuil an balla ómóis don dá scór míle agus tuilleadh a mharaítear le gunnaí ansin chuile bhliain?

Fág freagra ar 'Cé a bheas in ann srian a chur ar an ngunna a tháinig ar an saol le linn Chogadh Vítneam?'

  • Carraig

    Nach mór an obair é nach mbíonn gunnaí ar iompar ag na saighdiúirí óga a ghabhann trí Aerfort na Sionna ina mílte gach bliain? Óir is cinnte go bhfuil stór mór ar na heitleáin amuigh acu, i measc rudaí eile.