Tá sé ina chonspóid sna Stáit Aontaithe faoi chinneadh an Washington Post gan a mbeannacht a thabhairt do cheachtar iarrthóir sa toghchán uachtaránachta an tseachtain seo chugainn. Ó1988 i leith tá a bheannacht tugtha ag an nuachtán i ngach toghchán d’iarrthóirí uachtaránachta – Joe Biden go deireadh in 2020 agus Hillary Clinton in 2016.
In alt sa nuachtán ar an Luan rinne Jeff Bezos, an fear gur leis an Washington Post agus bunaitheoir an chomhlachta Amazon, cur síos in eagarfhocal ar chinneadh an bhoird bainistíochta gan a dtacaíocht a léiriú do cheachtar de na hiarrthóirí.
Cuirfidh an cinneadh le hinchreidteacht an pháipéir, a dúirt Bezos. Séanann sé go bhfuil aon bhaint ag an gcinneadh le margadh atá dá phlé aige le Donald Trump infheistíocht a dhéanamh i gcomhlacht taiscéalaíochta sa spás.
Tá cinneadh an nuachtáin cáinte go láidir ag na colúnaithe Bob Woodward agus Carl Bernstein, an bheirt iriseoirí a bhí lárnach in obair an nuachtáin leis an scannal a bhain leis an Uachtarán Nixon agus Watergate a nochtadh. Tá suas le dhá dhuine dhéag colúnaithe éirithe as mar thoradh ar a gcinneadh seo agus tá a gcuid síntiúis curtha ar ceal ag os cionn dhá chéad míle díobh siúd a bhí cláraithe leis an nuachtán.
Maíonn Jeff Bezos gur mó dochar ná leas a dhéanann sé d’inchreidteacht nuachtáin a bheith ag tabhairt a dtacaíochta d’iarrthóir amháin nó d’iarrthóir eile i dtoghchán uachtaránachta agus go bhfuiltear ag filleadh ar an neamhspleáchas a bhí luaite leis an nuachtáin riamh. Tá cinneadh déanta ag nuachtáin eile a mbíodh sé de nós acu é a dhéanamh gan a mbeannacht a thabhairt do cheachtar iarrthóir – an Los Angeles Times agus USA Today. Tá a mbeannacht tugtha ag an New York Times do Kamala Harris mar uachtarán agus ag an New York Post do Donald Trump. Is féidir a bheith cinnte go bhfuil a mbeannacht tugtha ag nuachtáin áitiúla sna Stáit ar fad bealach amháin nó bealach eile. Ach cén tábhacht atá leis go mbeadh nuachtáin ag tacú le taobh amháin nó taobh eile?
Deir oibrithe sa Washington Post gurb í an imní is mó atá orthusan faoi chinneadh na bainistíochta go bhfuil ceisteanna bunúsacha le cur faoin daonlathas féin sa toghchán seo. Tá cinneadh déanta ag sciar d’fhoireann bainistíochta an Post a dtacaíocht a léiriú do Harris ach maíonn Bezos nach straitéis a bhí ansin ach drochphleanáil. Má thugann nuachtán beannacht d’iarrthóir tugann sé an tuairim go bhfuil an nuachtán sin claonta, dar le Bezos, a deir nach dóigh leis go mbeadh duine amháin féin i Pennsylvania meallta ag moladh Washington Post vóta a chaitheamh bealach amháin nó bealach eile.
Tá easpa muiníne ag pobal na Stát Aontaithe sna meáin thraidisiúnta, a deir Bezos agus cuirfidh cinneadh seo an nuachtáin le hinchreidteacht an Washington Post. Tá an chuid is mó den fheachtas seo dá throid ar líne agus ar na meáin shóisialta.
Díospóireacht spéisiúil is ea í agus beidh le feiceáil seachtain ó inniu an bhfuil aon tionchar ag beannachtaí na nuachtán ar thoghchán atá chomh mór sin idir dhá cheann na meá.
Fág freagra ar 'An toghchán idir dhá cheann na meá beag beann ar bheannachtaí na nuachtán '