An Claiḋeaṁ Soluis – ‘Glacann ár gComhairleoirí le breabanna agus díolann siad a nguthanna ar airgead síos’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (25 Samhain 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh-207

34             (Iomlán 970.)             Cláraithe mar pháipéar nuachta             Samhain 25, 1916             Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Deich agus trí fichid bliain sa gheimhreadh seo a mothaíodh an Gorta Mór ar dtús, agus mhair an Gorta sin dhá bhliain. Tháinig meath ar na prátaí an chéad bhliain. Bhí siad go fairsing san ithir ach thosaigh siad ar lobhadh tar éis a mbainte. Bhí an síol go dona san earrach agus an barr go holc san fhómhar. Mhill an Gorta faoi na daoine an bhliain sin, bliain 1847, agus lean an milleadh go dtí fómhar na bliana ina dhiaidh sin. Bhí leigheas ar an nGorta Mór. Bhí an oiread bia sa tír is a chothódh na daoine ar fad, ach na daoine a raibh an Gorta orthu ní bhfuair siad an bia. Fuair na Tiarnaí Talún é, ina chíos; fuair na ceannaithe é agus cuireadh thar sáile go Sasana é. Bhí mórán curaíochta sa tír aimsir an Ghorta Mhóir thar mar atá anois ann, neart arbhair de gach cineál, agus is beag plúr nó min iasachta a bhí ag teacht isteach. Is beag nach raibh Éire taobh leis an mbia a d’fhás as talamh na hÉireann. Ba leor dóibh mar chothú torthaí na talún. Bhí a ndóthain bia dóibh iontu, ach níor dóibh na torthaí cé go mba leo iad.

Níl an Gorta orainn i mbliana, buíochas le Dia, ach de réir cosúlachta beidh ganntanas bia orainn ar ball. Ní raibh na barraí go maith an fómhar seo caite. Mhill an doineann fúthu. Ní raibh an t-arbhar ach go measartha agus ní mó ná go maith a bhí na prátaí – agus loic siad in áiteanna. Ní hiad na prátaí an t-ábhar bia is mó ag na daoine faoi láthair, ach is iad an beathú is fearr agus is fairsinge do mhuca, do bha agus d’éanlaith iad. Is ar éigean atá a ndíol féin díobh ag muintir na hÉireann faoi láthair agus ní cóir go mbeadh cead ag aon duine a ndíol le ceannaithe Sasanacha agus a gcur thar sáile. Níl cumhacht dlíthiúil againn an tráchtáil amach a chosc agus dhiúltaigh an Rialtas go dtí seo cosc a chur uirthi. Sin díreach an rud a rinne an Rialtas i mbliain an Ghorta Mhóir. D’fhógair an Rialtas an lá cheana go mbeidh cosc ar an tráchtáil isteach tar éis na Nollag. Riarfar an bia orainn, is cosúil, de réir mar is toil leis an Rialtas é, agus cá bhfios dúinn nach ndéanfaidh an Rialtas díreach mar a rinne an Rialtas a bhí ann in aimsir an Ghorta.

Is éard is indéanta dúinn an bia atá againn a choinneáil sa tír. Is mian le gach duine in Éirinn nach mór go gcoinneofaí na torthaí – an t-arbhar agus na prátaí – sa tír. Is mian le Comhairle na Talmhaíochta é. Is mian leis an Ruiséalach é. Ní hé amháin gur mian linn an bia a choinneáil ach is riachtanach dúinn a choinneáil. Níl an chumhacht dhlíthiúil againn chun earraí amach a chosc, ach is gaire dúinn beatha ná dlí. Tá cumhacht dhlíthiúil ag an Rialtas an tráchtáil isteach a chosc agus tá siad tar éis a fhógairt go ndéanfaidh siad é. Coiscfear an tráchtáil ar mhaithe le Sasana. Ní choiscfear tráchtáil amach as Éirinn agus is ar mhaithe le Sasana nach ndéanfar é. Nuair a bhí galar ar eallach na tíre seo níor ligeadh isteach i Sasana iad. Tá ganntanas prátaí anois ar Éirinn. Ní ligfidh muintir na hÉireann prátaí as an tír feasta. Déanann an Rialtas rud ar mhuintir Shasana. Déanadh muintir na hÉireann a leas féin.

Scríobh Edward Lysacht [Éamonn Mac Giolla Iasachta] leabhar ar an Ridire Horas Pluincéid [Sir Horace Plunkett] agus a ionad sa náisiún. Leabhar ar Éirinn, ar chúrsaí Éireann, ar ghustal, ar ghnó agus ar oideachas na tíre is ea an leabhar seo. Níl mórán cainte ann faoin Ridire féin agus is soiléir dúinn nach dtagann an t-údar agus an Ridire le chéile i ngach ní. Sin mar is taitneamhaí linn agus sin mar is fearr. Nochtann an t-údar a bharúil féin agus is iondúil gur mó den fhírinne a bhíonn ag údar dá shaghas ná mar a bhíonn ag údar claonta. De phór uasal ab ea an Ridire. Bunadh nach bhfuair an Gaelachas greim daingean orthu riamh a bhí iontu. Dá mbeidís dílis don Ghaelachas ní bheadh dúichí gan cíos sa Mhí dóibh. D’imigh an Pluincéadach go hóg go dtí an tOileán Úr [Meiriceá] agus nuair a d’fhill sé ar Éirinn bhí tríocha is a sé bliain dá shaol caite aige. Bhí fonn oibre air agus fonn mór air feirmeoirí na hÉireann a chur ar a leas.

Talmhaíocht an ealaín is mó ar a raibh eolas aige agus chonacthas dó go raibh droch-chruth ar fad ar thalmhaíocht in Éirinn. Ní raibh coláiste talmhaíochta sa tír. Ní raibh teagasc ealaíonta le fáil ag na feirmeoirí. Bhí púcán an aineolais orthu i dtaobh síl, i dtaobh leasuithe, i dtaobh beathú beithíoch, agus i dtaobh ceannaíochta. Bhí siad ag ceannach go daor agus ag díol go saor. Bhí an siopadóir agus an fear gaimbín go teann agus an feirmeoir go lag ag stracadh leis. B’olc an scéal do na feirmeoirí é agus b’olc an cháil orthu é. Ní raibh faic suime iontu ag an Rialtas ach a mhalairt ar fad. D’ardaigh an Ridire a ghlór agus d’fhógair sé cath ar an aineolas. D’áitigh sé ar an Rialtas Roinn na Talmhaíochta a chur ar bun. Chuir sé an Cumann Comhchúnta ar bun agus leathnaigh é ar fud na tíre. Bhí aon locht amháin ar an Ridire a tháinig ina choinne; aontachtach a bhí ann, agus thug sin leithscéal do na Feisirí an ruaig a chur air as Roinn na Talmhaíochta.

Ní aontachtach údar an leabhair ámh. “Níl sé de cheart ag Sasana an tír seo a rialú,” a deir sé, “níl Sasanach sách cliste leis an tír seo a rialú.” Is dóigh leis go ndearna a pholaitíocht dochar don Ridire agus dá chuid oibre, agus ceapann sé nach n-éireodh go maith le ceannfort ar bith in Éirinn gan é a bheith ar thaobh an phobail i gcúrsaí polaitíochta. Bhí laincis na polaitíochta ba dhual dó ar an Ridire, agus níl an laincis sin curtha de fós aige. Níor thaitin sé le Gaeil gur labhair sé i bhfabhar na preasála anuraidh. In ainneoin sin is cóir dúinn a admháil go bhfuil maitheas mór déanta ag an lucht Comhchúnta agus is iad an Ridire agus a chairde a dhúisigh na feirmeoirí ón tromshuan a bhí orthu. Tá malairt pholaitíochta déanta ag an bPluincéadach freisin. Is eol don saol Fódlach go bhfuil sé i bhfabhar Hóm Rúil, agus, rud nach féidir a rá i dtaobh ár bhFeisirí, Hóm Rúil d’Éirinn uile gan roinnt atá uaidh.

Ní raibh an Ridire i bhfad ar ais in Éirinn nuair a tuigeadh dó go raibh obair mhaith á déanamh ag Conradh na Gaeilge. Chonacthas dó go raibh athrú mór á chur ar mhuintir na tíre ag gluaiseacht na teanga. Bhí obair mhór curtha rompu ag lucht an Chomhchúnta. Ba mhó ná sin an obair a bhí curtha rompu féin ag lucht athbheochana na Gaeilge. Chorródh agus mhúsclódh an dá ghluaiseacht aigne na ndaoine ach a gcur chun cinn. Thuig an Ridire an scéal agus mhol sé obair an Chonartha dá lucht leanúna féin. Ní dheachaigh sé níos faide leis an scéal, agus is mór an trua nár chuir sé Gaeilgeoirí ag timireacht dá chumann sa Ghaeltacht.

Ba dhóigh leat ó chaint lucht molta an Phluincéadaigh go bhfuasclódh Comhchúnamh ár ndearcaí. Ní thagann Lysacht leo sa scéal sin. Is é an rud is mó dá rinne an Pluincéadach na feirmeoirí a mhúscailt agus a mbrostú chun machnamh a dhéanamh ar chúrsaí feirmeoireachta agus ceannaíochta, agus chun na sean-nósanna gan rath a chur díobh. Tráchtann Lysacht ar oideachas agus ar dhéantúsaí tuaithe. Réitíonn sé le soiscéal an Chonartha nach mór i dtaobh an oideachais. Ba chóir, dar leis, an Ghaeilge a chur ar aon chothrom leis an mBéarla sna scoileanna, agus creideann sé gur fearr a thiocfaidh linn déantúsaí tuaithe a chur ar bun gan bacadh le Comhchúnamh.

Níl boirbe ná gaisce sa leabhar seo. Tá an t-údar go mín múinte, ach má tá féin ní raibh drogall air an tsearbhfhírinne a nochtadh. Feictear dó nach mbíonn tithe na ndaoine chomh glan le hómra acu. Is eol dó go bhfuil ár ndochtúirí, nó mórchuid acu, gan a bheith róchliste, agus deir sé go maraítear go leor de na bochtáin acu. Glacann ár gComhairleoirí ar na boird phoiblí le breabanna agus díolann siad a nguthanna ar airgead síos. Níl na huaisle gan locht – is ar éigean atá duine gan smál orthu. Ól is ragairneacht, sin a ndéanann a bhformhór.

Ní fuath le Lysacht Sasana, ach is fuath leis an éagóir atá á déanamh ar an tír. An Hóm Rúil atá anois ina Acht níl meas aige air. Mura mbíonn cumhacht againn féin ar chúrsaí cánach agus airgid ní bheidh suaimhneas ná saibhreas i ndán dúinn. Má bhíonn cead ag Seán Buí gach cíos is mian leis a thógáil beidh sé dár lomadh i gcónaí. Cuireadh Hóm Rúil ar cairde i dtús an Chogaidh. B’fhéidir go dtiocfadh maitheas as an gcairde. Má dhéanann daoine machnamh ar an scéal tuigfear dóibh nach bhfuil san Acht ach caolchuid den tsaoirse, cuidín bheag nach sásódh an Astráil, ná an Afraic Theas, ná Ceanada.