An bhfuil muid ag suansiúl i dtreo an chogaidh núicléach?

Mar stát neodrach, ba chóir dúinn gach ar féidir a dhéanamh ar son na síochána,agus le bealaí a aimsiú le stop a chur leis na cogaí

An bhfuil muid ag suansiúl i dtreo an chogaidh núicléach?

Tá baol láidir ann go bhfuil muid ag dul i dtreo cogadh mór, cogadh a d’fhéadfadh go héasca iompú ina chogadh núicléach, cogadh, sea, a scriosfadh an domhan ar fad.

Ach den chuid is mó, tá muid dall ar an mbaol seo. Tá caint faoina leithéid cloiste againn cheana, is ní dóigh liom go gcreideann daoine go bhfuil a leithéid de chogadh intarlaithe.

Ach is í an fhadhb a bhaineann le cogadh ar bith ná go bhféadfadh sé dul ó smacht. Is tá an chontúirt sin ann go soiléir, táimse ag ceapadh.

Tá sé éasca ar ndóigh seanmóireacht ó chompord an tí faoi chogadh Ghaza nó cogadh na hÚcráine. I gcás na hÚcráine tá ceannairí ar fud na hEorpa ag caint anois faoina gcuid trúpaí féin a chaitheamh isteach san úim bháis sin.

Feictear go bhfuil an Rúis ag buachan, is tá siad ag iarraidh an náire a sheachaint tar éis dóibh ag rá go seasfaidís leis an Úcráin go dtí an deireadh.

Má chuirtear saighdiúirí ón Rúis agus NATO ag troid go díreach i gcoinne a chéile, nárbh éasca a tharlódh go mbainfeadh taobh amháin nó an taobh eile leas as uirlisí níos láidre, fiú an uirlis is marfaí, an buama núicléach, mar a dhein na Meiriceánaigh sa tSeapáin?

Níl ann ach cur i gcéill, a deir na Sasanaigh, ach b’fhéidir gur fíor go gcreideann an Rúis gur bagairt eiseach dóibh NATO.

Chun an fhírinne a rá creidim gur mó an chaint ná an gníomh atá i gceist ag ceannairí an Iarthair, ach ní mór a bheith san airdeall, agus ní mór iarracht a dhéanamh socrú síochána a aimsiú a dhéanfadh freastal ar chearta na hÚcráine agus ar mhian na Rúise, agus mian lucht labhartha na Rúisise san iarÚcráin, gan a bheith faoi bhagairt.

Níl a fhios agam an féidir a leithéid a dhéanamh, ach aon uair a labhraíonn duine ar bith faoi shíocháin, céastar é nó í. Féach sampla Sabina Higgins.

Sa Mheánoirthear, tá an scéal níos práinní mar is léir, ní hamháin mar gheall ar uafás an chogaidh in Gaza, ach mar gheall ar na hionsaithe díreacha atá déanta ag Iosrael agus ag an Iaráin ar a chéile.

Is léir ó chaint Netanyahu le blianta fada gur theastaigh uaidh cogadh a ghríosú idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe, ach, buíochas le déithe na hÉireann, ní léir go bhfuil uachtarán Mheiriceá Joe Biden sásta dul sa treo sin – go fóill ar aon chuma.

Ceapaim gur ionsaigh Netanyahu ambasáid na hIaráine sa Damaisc d’aon ghnó ar mhaithe le freagra míleata a mhealladh ón Iaráin – rud atá déanta – is go dtabharfadh sé sin leithscéal dóibh an cogadh sin a spreagadh.

Faoi láthair níl ar siúl ag an Iarthar i gcoitinne ach caint – ach caint aontaobhach mar sin féin.

Cháin rialtas na hÉireann ionsaí na hIaráine ar Iosrael go láidir (táimid ag smaoineamh ar phobal Iosrael, a dúirt an Tánaiste Micheál Martin). Níor cháin an rialtas ionsaí Iosrael ar ambasáid na hIaráine agus marú na n-oifigeach sinsearach ansin. (Níor mhaígh an Tánaiste go raibh ár gcuid smaointe le pobal na hIaráine ach an oiread.)

Tá na meáin mar an gcéanna, ag agus scéalta Iosrael a rá arís acu.

Mar shampla, tá sé le tuiscint ó thuairiscí RTÉ nach raibh mórán feidhme leis an ionsaí a rinne an Iaráin. Ach d’éirigh leo dhá bhunáit airm déag de chuid Iosrael a bhualadh, péire acu i bhfásach Negev, an láthair óna ndearnadh an t-ionsaí ar ambasáid na hIaráine.

Thug an Iaráin fógra roimh ré go raibh an gníomh seo le déanamh acu agus mhaígh siad nach raibh siad ag iarraidh an scéal a chur chun donais ina dhiaidh. Ach tuairiscítear go bhfuil rialtas Iosrael ag caint faoi dhíoltas a bhaint amach arís.

Go fóill beag, tá Meiriceá ag cur i gcoinne na meargántachta sin ach an bhfanfaidh siad as má bhrúnn Iosrael an scéal ar aghaidh go dtí an fíorchogadh atá ó Netanyahu?

In ionad aithris ar scéalaíocht a dhéanamh chogúil an Iarthair, nach cóir don stát s’againne, mar stát neodrach, gach ar féidir a dhéanamh ar son na síochána, le bealaí a aimsiú le stop a chur leis na cogaí?

Ach is cosúil nach dteastaíonn ó Mhicheál Martin gan a bheith ar aon fhocal leis an Iarthar i gcoitinne agus nach bhfuil plean dá laghad aige feachtas síochána a mholadh.

Is tír bheag muid. Níl aon chumhacht mhíleata againn (agus ní chabhróidh muid le síocháin a chur chun cinn trí páirt a ghlacadh in aon chomhghuaillíocht mhíleata), ach is cóir dúinn ár nguth a ardú ar son na síochána, cibé olc a chuirfeadh muid ar dhream ar bith.

Fág freagra ar 'An bhfuil muid ag suansiúl i dtreo an chogaidh núicléach?'

  • Déaglán

    An é sin an taon smaoineamh atá fágtha ag Ó Murchú anois? A bheith á bhréagnú fhéin chomh follasach sin ó alt go halt go bhfágfaidh daoine teachaireachtaí feargacha faoina altanna agus gur féidir a mhaíomh go bhfuil sé ag cothú ‘díospóireacht’? An fhadhb leis seo ná gur féidir linn an cinéal seo gríosadh a aimsiú saor in aisce ar na meáin shóisialta. Faigheann Tuairisc airgead poiblí chun ábhar le téagar a chur ar fáil. Bhíodh rud éigin spéisiúl le rá Ó Murchú tráth den saol. Anois is saghas one trick pony atá ann.

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart agat, ba chóir do thír neodrach a bheith ag saothrú ar son na síochána agus comhréiteach a mholadh chun stop a chur ar an marú agus an scrios nach bhfuil ach ag déanamh brabúis do lucht déanta armlóin.

  • An tSean Commie Bocht

    Ba chóir d’Éire tacú le misean coimeádta síochána na Rúise san Úcráin.

  • Indrek

    Deir údar an ailt gur fearr dúinn gan ár ladar a chur isteach sa gcogadh idir an Rúis agus an Ucráin, ar mhaithe leis an tsíocháin, mar dhea. Ach féach a éifeachtaí is a d’éirigh leis na Stáit Aontaithe, leis an Ríocht Aontaithe agus le tíortha eile an Iarthair bac a chur ar ionsaí na hIoráine ar Israel le déanaí. Scríosadh 99% de na diúracáin agus de na dróin sular shroich siad a sprioc. Nach mbeadh sé go hiontach a leithéid de chosaint a bheith ag an Ucráin ar ionsaithe na Rúise agus is beag a d’fhéadfadh Putin a dhéanamh faoi cosúil le ceannairí na hIaráine.