5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin cúig cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Bjork – Black Lake (trailer)

Bhí ar an amhránaí Íoslonnach Bjork a halbam úr ‘Vulnicura’ a eisiúint (go digiteach) i bhfad roimh an dáta a bhí socruithe aici, toisc gur scaoileadh leis go mídhleathach ar líne.  Tá an leagan ar an albam den amhrán seo deich nóiméad ar fhaid ach ní rabhas in ann teacht ach ar an mblaiseadh seo le roinnt libh.

Mar sin, seo giota den amhrán ó cheann de na halbaim is fearr a chualathas uaithi le blianta.  Beidh cóipeanna de ar fáil ar dhlúthdhiosca is ar víneal an tseachtain seo chughainn. Má thaitníonn albaim faoin ngrá atá imithe i léig leat, seo ceann a fháiscfidh deoir ghoirt an chumha asat.

Jake Chudnow – Shona

Ní mór an aithne atá ar an ndrumadóir Jake Chudnow ó Londain mar chumadóir ceoil agus chuir sé iontas ar mhórán gur roghnaigh lucht Bloc é – sin iad an dream céanna a chuireann i láthair na féilte ceoil leictrónacha Bloc sa Bhreatain – dá gcéad eisiúint ar a lipéad nua.  Ach is port iontach tarraingteach é seo, é tiomáinte le teann muiníne ag rif arpéitse a lúbann agus a chasann tríd an bport, ar an gcuma chéanna le cuid de na ceirníní is fearr ón lipéad Border Community fadó.

Wiley – From The Outside (Actress’ Generation 4 Constellation Mix)

Faoi mar a bheifeá ag súil leis ó Actress, nuair a dheineann sé ath-mheascán d’amhrán, is beag an gaol a bhíonn idir é is an bunleagan.  Níl glór bladhmannach Wiley le clos ar seo ar chor ar bith.  Ina áit, tá rian dorcha cumtha ag léiritheoir Londain agus blas allúrach ‘sci-fi’ cruthaithe aige ná beadh as áit i scannán le David Lynch.

Rekord 61 – Provset

Ón Rúis don léiritheoir cruthaitheach techno seo agus táim ag baint sásaimh as a chuid ceoil le bliain nó dhó anuas. Ní hann d’aon phort lag ar a EP úr ‘Sverh’ ar a bhfuil gach rian dírithe ar theacht ar anam an urláir rince. Ní hionann is formhór de lucht an cheoil techno comhaimseartha, is maith leis foinn tarraingteacha a shní trína shaothar ar bhealach a chuifeadh fear an phoist féin ag feadáil.

Vessels – Echo In

Roinnt blianta ó shin, dhein an banna Vessels ó Leeds a leagan féin de phort techno James Holden The Sky Is Pink a thaifeadadh.  Aon uair a chasadar beo ar an ardán é chuaigh daoine bán agus dá bharr sin bheartaíodar ar aithris a dhéanamh ar sprid an leagain chlúdaigh ar a n-albam úr ‘Dialate’.  Ní haon ábhar iontais mar sin go bhfuil sprid cheol Holden le clos go tréan ar a singil úr (agus é níos láidre arís sa leagan athmheasctha atá déanta ag Antenna Happy is ag Ripperton).

Ceann ón gCartlann

Ata Kak – Ooba Sima

Sa bhliain 1994, d’eisigh Ata Kak a albam Obaa Sima ar chaiséad i Gána.  Ní raibh ach caoga caiséad i gceist, díoladh trí cinn acu is thug sé an chuid eile dá chlann is dá chairde.  I 2002, d’aimsigh ceannasaí an lipéid Awesome Tapes From Africa, Brian Shimkovitz, ceann de na caiséid agus é ar thuras go Gána.  Bhí sé chomh tógtha leis an albam gur theastaigh uaidh é a eisiúint láithreach ach níor éirigh leis go dtí le déanaí teacht ar an gcumadóir chun a chead a lorg a shaothar a chur amach an athuair ar dhlúthdhiosca.  

Tá an t-amhrán seo i measc na mbuaicphointí ar albam atá lán d’amhráin aeracha a chuirfeadh ghiúmar maith ar éinne a bheadh ag éisteacht leo maidin ghruama, bhaistí ag tús mhí na Márta.