‘Without the bit of Irish you’ll never get anywhere’ – d’imigh sin agus tháinig seo…

Briseann sé mo chroí an Ghaeltacht a chloisteáil ag crapadh agus ag cúngú timpeall orm ó bhliain go bliain

‘Without the bit of Irish you’ll never get anywhere’ – d’imigh sin agus tháinig seo…

Bhí mé páirteach le gairid i gcruinniú ar Zoom faoin nGaeltacht agus a bhfuil i ndán di. Ní mé is cumasaí in Éirinn ag láimhsiú na modhanna nua cumarsáide agus bhí mo chroí i mo bhéal le faitíos nach mbeinn le feiceáil ná le cloisteáil.

Níor chall dom imní ar bith a bheith orm mar bhí an bheirt a bhí i gceannas ar chainteanna Teacht Aniar, Breandán Mac Cormaic agus Martin Hawkes, thar a bheith foighdeach liom. 

D’oibrigh chuile shórt go breá ón taobh sin de.

25 nóiméad cainte a bhí le déanamh agam. Bhí díospóireacht ann ina dhiaidh sin. 78 duine againn a bhí páirteach ar fad.

Bhí siad ann as na hinstitiúidí léinn. Bhí iar-státseirbhísigh ansin. Tháinig cainteoir isteach as ollscoil St. Louis i Meiriceá agus cainteoir breá as Conamara atá in Ollscoil Utrecht san Ísiltír.

Ar nós chuile chruinniú eile dá chineál, bíodh sé ar Zoom nó i halla, níor labhair ach cuid acu.

Dúradh i ndiaidh an chruinnithe go raibh mise ródhiúltach faoi chás na Gaeltachta. Dúirt daoine eile gurbh í an fhírinne ghlan a chuir mé i láthair. Is cinnte gurbh í an fhírinne í mar is léir dhomsa í. Gaeilgeoir ó dhúchas mé a bhfuil mo shaol ar fad caite agam sa nGaeltacht, cé is moite de chorrgheábh fánach thar lear.

Briseann sé mo chroí an Ghaeltacht a chloisteáil ag crapadh agus ag cúngú timpeall orm ó bhliain go bliain.

Ní hé amháin go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge ag laghdú go tubaisteach ach tá an teanga féin ag éirí scáinte, slabhctha.

Má d’fhág a mhuintir Gaeilge chraicneach ag Máirtín Ó Cadhain ar éigean a d’aithneodh sé an Ghaeilge atá á labhairt sa lá atá inniu ann.

An féidir meath na Gaeilge sa nGaeltacht a stopadh?

Chuir mé an cheist sin uair amháin ar mhúinteoir Gaeltachta atá chomh dílis dá theanga dhúchais le haon duine dá dtáinig nó dá dtiocfaidh.

Nuair nár tharla sé sa gcuid eile den tír níl cúis ar bith ann go dtarlódh sé anseo anois, ar seisean.

Dúirt an fear céanna liom go mbíodh trua aige scaití do na daltaí nuair a bhíodh sé á múineadh i nGaeilge.

‘Dá bhfeicfeá an loinnir áthais a thagadh ina gcuid súilíní nuair a labhraínn leo sa teanga a bhí siad a chloisteáil sa mbaile—an Béarla,’ ar seisean.

Fiafraítear go minic cén fáth a bhfuil tuismitheoirí na Gaeltachta ag tógáil a gcuid gasúr le Béarla. Níl ach freagra ionraic amháin ar an gceist sin: is ar mhaithe leis na gasúir a dhéanann siad é.

Cuimhníonn cuid mhaith acu ar na deacrachtaí móra a bhí acu féin [nó a muintir] nuair a chuaigh siad go Sasana, go Meiriceá, nó go dtí an baile mór ba ghaire dóibh go deimhin, agus iad ar bheagán Béarla.

Nuair a bhí siadsan ag éirí aníos bhí sé sách deacair Béarla a thabhairt leat sa nGaeltacht. Ní raibh raidió ná teilifís ann. Ní cheannaítí nuachtán ach go hannamh.

Naoi mbliana a bhí mise nuair a thosaigh mé ar a bheith ag iarraidh smeadráil Bhéarla a labhairt. Bhí aintín liom pósta ar an gCaiseal agus cuireadh siar ar saoire chuici mé.

Ceantar Béarla é sin agus ní raibh aon Ghaeilge ag fear an tí. Chaith mé cur ar mo shon féin chomh maith agus a d’fhéadfainn.

Nuair a thosaigh mé ag obair i ndeireadh na seascaidí bhí beagán buntáiste le baint as an nGaeilge fós sa tír. Theastaigh Gaeilge i gcomhair poist stáit agus poist eile.

Nuair a bhí athair Shane Ross ag iarraidh a dhul ina dhlíodóir ní raibh aon Ghaeilge aige. B’éigean dó tréimhse a chaitheamh ar an mBlascaod go bhfoghlaimeodh sé an oiread Gaeilge is a thabharfadh slán é.

Ní le gean ar Pheig Sayers a chuaigh sé ann ach le grá don tairbhe.

An bheirt a raibh mise ar lóistín acu i gCathair na Mart i ndeireadh na seascaidí ní raibh focal amháin Gaeilge acu ach bhí beirt ghasúr acu agus is éard a deireadh an mháthair leo ‘Seosamh will teach you a bit of Irish. Without the bit of Irish you will never get anywhere.’

D’imigh sin agus tháinig seo.

Ach, arsa tusa, tá athruithe móra eile tagtha ar an saol ó shin. Cén fáth nach dtuigeann tuismitheoirí na Gaeltachta go mbeadh sé beagnach dodhéanta ag páiste Gaeltachta gan Béarla a fhoghlaim inniu lena bhfuil de dheiseanna ar fáil lena aghaidh?

Cén fáth nach dtuigeann siad nach meáchan ar bith a bheadh sa dá theanga ar a gclann? 

Ceist í sin ba chóir a chíoradh le tuismitheoirí óga Gaeltachta ag cruinniú eile Zoom.

Fág freagra ar '‘Without the bit of Irish you’ll never get anywhere’ – d’imigh sin agus tháinig seo…'

  • Gabriel Rosenstock

    “Ní hé amháin go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge ag laghdú go tubaisteach ach tá an teanga féin ag éirí scáinte, slabhctha,” a deir Seosamh, duine a bhfuil ardmheas agam ar a sheasamh agus ar a thuairimí. An méid a deir sé san abairt thuas, áfach, is fíor é chomh maith i dtaobh an Bhéarla scríofa agus labhartha. Is feiniméan coitianta é ‘dumbing down’ ar fud an domhain. An bhfuil míniú sásúil ar an bhfeiniméan sin? Cén bhaint atá ag na meáin – na meáin shóisialta san áireamh – leis an scéal? Cén bhaint atá ag an gceartaiseacht pholaitiúil leis an scéal? ‘Tochas Bhantracht an Fháidh air!’mallacht atá i gCré na Cille. Conas nach gcloistear é sin a thuilleadh? Mar go bhfuil an saol ag athrú, ab ea? Mar go bhfuil aigne na ndaoine ag athrú? Má tá aigne na ndaoine ag athrú, cad a d’athraigh a n-aigne? Má tá Ord Nua Domhanda le bheith ann, beidh gá le haon aigne amháin, aon dearcadh amháin; teanga eile is ea meon eile, aigne eile. An bhfuil ár n-aigne á n-ionramháil gan fhios dúinn? Tá níos mó ná ‘dumbing down’ ag tarlú. Tá teangacha ina mílte i mbaol ar fud an domhain agus ní shábhálfaidh Zoom iad.

  • Gearóid de Grás

    An-alt, a Sheosaimh, ach tá amhras orm an bhfuil bun agus barr an scéil agat leis an méid seo:
    “Fiafraítear go minic cén fáth a bhfuil tuismitheoirí na Gaeltachta ag tógáil a gcuid gasúr le Béarla. Níl ach freagra ionraic amháin ar an gceist sin: is ar mhaithe leis na gasúir a dhéanann siad é.”

    Tá aithne agam ar dhaoine fásta de bhunadh na Gaeltachta a labhrann Gaeilge liomsa, stróinséir, i gcónaí, ach a labhrann Béarla eadarthu féin. Cad chuige an cur i gcéill? Níl aon bhaint aige sin le páistí a chosaint ó chontúirt an aonteangachais Ghaeilge i dtír ina bhfuil Béarla de dhíth le maireachtáil inti. Braithim féin go bhfuil na daoine seo níos compórdaí ag caint i mBéarla agus bíodh sin mar atá – tá an cur i gcéill truamhéileach áfach.

    Maidir le páistí a chosaint ó chontúirt an aonteangachais Ghaeilge i dtír ina bhfuil Béarla de dhíth le maireachtáil inti, tá an-chuid buntáistí ag baint leis an dátheangachas agus níl seans dá laghad sa lá atá inniu ann go dtógfaí éinne in Éirinn gan tuiscint réasúnta a bheith acu ar an mBéarla! Ní féidir é! Cad chuige an dearcadh sin gur gá Béarla a labhairt leo ag an mbaile mar sin?
    Is dócha gurb í an chéad chéim eile i ndiaidh (iarracht a dhéanamh) dallamullóg a chur ar dhaoine eile ná dallamullóg a chur ort féin.

  • Séamas Mac Coitir

    Tá lán-mhuinín agam as tuairimí agus breithiúnas Sheosaimh Uí Chuaig. Tá staid léanmhar na Gaeilge sa lá atá inniu ann go hainnis truamhéalach i gcomórtas leis an nGaeilge chraicneach chréúil a fuair Máirtín Ó Cadhain mar oidhreacht óna mhuintir. Is lom aithris ar bhéarlagair Mheiricea an bhlobaireacht gan dealramh a bhíonn le cloisteáil go síoraí seasta fiú amháin ar na meáin shóisialta. Sea, tá uair na cinniúna gaibhte tharainn anois nó riamh, agus ní dóigh liomsa, um an dtaca seo, go bhféadfadh fortacht teacht ar an nGaeilge sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair .

  • Louisa Mostert

    Louisa Mostert
    I hope sincerely that the Irish language will be revived. Maybe this is not a forum on which I should express my views, but as a Afrikaans speaking South African with some Irish ancestors I could not resist! Only while doing genealogical research into my Irish ancestry, did I find out that Ireland had it’s own language which was not English. Have been trying to learn this – for me difficult – language. Am finding difficulties with the pronunciation, as well as the sentence construction.
    Ní raibh mé in ann teacht ar dhuine amháin fiú a labhraíonn an teanga go líofa a d’fhéadfadh cabhrú liom!

  • S. Mac Muirí

    @Louisa:
    Scéal gan leigheas, foighid is fearr air. Tiocfaidh tú ar dhuine éicint am éicint. Caith léine chnis (t-léine) a bhfuil an Ghaeilg feiceálach uirthi sa samhradh agus aimseoidh tú duine nó beirt.
    Go n-éirí sin leat!