Níl LibrariesNI ag déanamh freastal mar is ceart ar lucht léitheoireachta na Gaeilge. Is í sin an bharúil atá ag an chomhalta de chuid Thionól Stormont ón SDLP, Patsy McGlone
Tá, san iomlán, 1,811,078 leabhar ag LibrariesNI ach ní leabhair Ghaeilge ach 18,299 díobh nó 0.1%. Is leabhair do pháistí iad 10,718, nó rud beag faoin 60%. De réir an daonáirimh is déanaí deir 14% den phobal go bhfuil Gaeilge de shaghas éigin acu.
Dúirt McGlone go bhfuil sé “scannalach” a laghad leabhar Gaeilge atá ann. “Níl ár sáith againn,” ar seisean. “Leis an líon daoine go bhfuil Gaeilge acu, bheadh na leabhair de dhíth. Cuid acu, is dóigh go bhfuil cumas cumadóireachta acu. Caithfear an chumadóireacht sin a spreagadh.”
Bíonn an pobal go mór i muinín leabharlann le teacht ar leabhair Ghaeilge, a dúirt sé. Níl ach ceithre shiopa leabhar ó thuaidh ina mbíonn soláthar ceart leabhar Gaeilge ar díol.
Tá an-tábhacht ag baint le leabharlanna don scríbhneoir Gaeilge, dar leis an úrscéalaí Séamas Mac Annaidh. “Ní bhíonn díol rómhór ar laeabhair Ghaeilge,” arsa Mac Annaidh. “Mar sin, tá na leabharlanna iontach tábhachtach fríd an tír ar fad.”
Fágann sin go bhfuil sé deacair teacht ar leabhair. Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine ábalta dul isteach “agus leabhar nár chuala siad iomrá air a phiocadh suas”.
Dar leis go mbíonn stádas ag leabhair Ghaeilge a mbíonn teacht sa leabharlann orthu. “Is cinnte gur saghas aitheantais é go bhfuil tú ar comhchéim le scríbhneoirí Béarla,” ar seisean.
“Minic go maith, deireann daoine liom ‘Where can I get your books?” arsa Mac Annaidh. “Tig liom a rá ‘In the Library’.
“Tá sin thar a bheith tábhachtach mar go bhfuil tromlach na siopaí beaga leabhar chun siúil,” ar seisean. “Mar shampla, tá sé deacair teacht ar leabhair Ghaeilge i Waterstones. Tugann na leabharlanna deis do na leabhair féinfhoilsithe, agus do na foilsitheoirí beaga – agus sin leabhair Ghaeilge.”
Tá LibrariesNI faoin Roinn Pobal sa Tuaisceart. Tá rún ag Patsy McGlone ceist a chur ar an Aire sa roinn sin, Gordon Lyons an DUP, nuair a bheidh an Tionól ar ais i ndiaidh bhriseadh na Samhna.
Colin Ryan
Suimiúil, ach an bhfuil an scéal i bhfad níos fearr sa Phoblacht féin?