‘Weaponisation’ na Gaeilge ar RTÉ
Fainic! Fainic! D’imigh aláram áit éigin in RTÉ, samhlaím, nuair a luaigh Catherine Connolly Acht na dTeangacha Oifigiúla i rith na díospóireachta uachtaránachta ar Prime Time san oíche Dé Máirt.
Seans gur thit léiritheoir nó dhó i laige nuair a chuala é. Cén chaoi ar tharla sé? Céard a d’fhéadfadh a bheith déanta againn roimh ré leis seo a sheachaint?
“It’s actually the living language of quite a number of people in Ireland who are without services,” arsa Connolly go dána i rith na cúig nóiméad agus ceathracha soicind a tugadh don Ghaeilge sa díospóireacht.
Ní féidir pleanáil do na rudaí seo, a déarfaidh siad ag an gcruinniú iar-léiriúcháin, níor cheap mé go deo go labhródh sí ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge, ach ní bheadh a fhios agat beo céard a déarfadh Catherine Connolly. Déanfaidh siad nóta a bheith níos cúramaí amach anseo.
Ní raibh aon chall imní ar an léiritheoir, ar ais go beo le Miriam O’Callaghan go dtí an t-ábhar ‘weaponisation’ na Gaeilge, ag tagairt don aighneas ó thuaidh maidir le comharthaíocht dhátheangach. Tarraingíodh focal mór eile amach ina dhiaidh sin, ‘alienation’. Agus, céard eile? Má tá tú ag iarraidh lánmharcanna? Na drochlaethanta ar scoil.
‘Cinnte, cinnte,’ a dúirt Miriam le Connolly nuair a luaigh sí easpa seirbhísí do phobal beo na Gaeilge. Is níor lig Miriam tada uirthi cé gur dóigh go raibh an léiritheoir ag cailleadh na céille isteach ina cluasán. “But on that point Heather…” a deir sí, agus chuir sí ceist nar bhain leis an bpointe ar chor ar bith.
‘Heather you are from a different community to a lot of people on this island, do you feel it can be alienating or it can be weaponised?’ Ní raibh aon suim ag Heather géilleadh don cheist ach an oiread, is labhair sí ar na deiseanna a chreideann sí a bheith ann go mbeadh an Ghaeilge ina ‘unifying force’ ag pobail éagsúla. Go bhfóire Dia orainn.
Ar ais chuig Catherine ina dhiaidh sin agus í ag clabaireacht léi féin. Rud éigin faoi ‘living language’ agus ‘easpa seirbhísí’ agus an ‘reachtaíocht teanga’ agus ‘baile sa Ghaeltacht’.
‘Ok, ok,’ a deir Miriam, “I’m very sorry to interrupt you but we have to take a break.”
***
Stoirm trí lá
Trí lá, nó 72 uair a chloig atáthar ag moladh dúinn a bheith in ann aige má thagann stoirm eile cosúil le Stoirm Éowyn a rinne scrios ar fud na tíre ag tús na bliana.
I measc na moltaí, beidh bileoga eolais á scaipeadh ar an bpobal ar an mbealach le réiteach le bheith in ann trí lá a dhéanamh gan leictreachas ná uisce. Níl aon dochar ansin mar mholadh agus is dóigh gur chóir dúinn a bheith á dhéanamh sin cheana féin. Moltar ann freisin go ndéanfaí socruithe cearta le go mbeadh mol pobail ar fáil agus acmhainní acu ar nós gineadóirí, uisce agus mar sin de, le go mbeadh daoine in ann teacht ar sheirbhísí i gcás éigeandála.
Ag cuimhnemh siar ar an toradh a bhí ar an stoirm mhór ag tús na bliana, áfach, ní leor do dhaoine atá amuigh faoin tuath a bheith réitithe le haghaidh trí lá. Bhí pobail amuigh faoin tír fágtha gan leictreachas ná uisce ar feadh os cionn trí seachtaine i gcásanna ar leith.
Is é an feall gur thóg sé chomh fada leis an tuairisc seo a réiteach, go háirithe agus séasúr na stoirmeacha linn cheana féin. Rinne Amy beagáinín damáiste cheana féin agus níl a fhios againn beo céard a bheidh romhainn as seo go Lá Fhéile Pádraig. Ach is fiú ann é ina dhiaidh sin féin, agus má thagann an leithéid arís go mbeidh muid níos réitithe dhó ná mar a bhí d’Éowyn.
***
Comórtas na Samhna imithe ó smacht
Tá an chomórtasaíocht ar an tsráid imithe ó smacht i mbliana ar na maisiúchán Samhna is tá faitíos orm go bhfuil sé ag cur isteach ar shláinte intinne cuid againn. Maidin Dé Luain chuala mé duine de na comharsana agus é, chomh fada le mo bharúil, ag titim as a chéile. Bhí sé ag canadh i mbarr a ghutha, “Tá an teach is fearr againne, is muide is fearr, is fearr!”
Ar an drochuair bhí orm a ghabháil amach ar an tsráid chomh fada leis an gcarr mar go raibh duine do na gasúir le tabhairt ag cluiche peile agam. Bhí na maisiúcháin crochta ar thosach an tí. “Comórtas atá ann!” a deir sé liom, agus ní raibh mé cinnte amach is amach gur ag magadh a bhí sé. “Tá an-jab déanta agat!” a deir mé leis agus mé ag iarraidh coinneáil orm ag siúl go scioptha sula mbeinn tarraingthe isteach in aon chaint eile. “Is tú is fearr uilig.”
Ach i mo chroí istigh, bhí a fhios agam nárbh é, ach níor mhaith liom é sin a rá leis, go háirithe agus é ina Fred Astaire ag canadh suas agus síos os comhair an tí á mholadh féin.
Ní muide is fearr ach an oiread, le bheith soiléir, ag ag an teach eile atá píosa suas an bóthar uainn atá an bua. Agus é saothraithe go maith acu. Chonaic mé fear an tí sin thuas ar dhréimire an lá cheana agus é ag crochadh nead damhán alla bréige ar an mballa agus damhán alla mór millteach. Chaithfeá an corn a thabhairt dhó. Dá mbeadh corn ann. Agus b’fhéidir go mbeadh fós, má leanann sé seo ar aghaidh mórán níos faide.
Fág freagra ar '‘Weaponisation’ na Gaeilge ar RTÉ, an chéad stoirm eile, comórtas na maisiúchán Samhna'