Tá lá na cinniúna ag teacht. Dé hAoine seo chugainn déanfaimid rogha: an gcloífidh muid leis an gcóras mífheidhmiúil atá ag teip maidir le tithíocht, sláinte, is saol compordach a chruthú dúinn go léir nó an rachaimid sa seans gur féidir bealach níos fearr a aimsiú.
Níl aon amhras ach go bhfuil córas mífheidhmiúil ann. Tá an oiread sin géarchéimeanna ann, caiteachas gan srian, gan aon réiteach le feiceáil ar fhadhbanna tithíochta is sláinte, agus polaiteoirí nach nglacann leis gur chóir dóibhsean a bheith freagrach as teip a gcuid polasaithe.
Sa díospóireacht oifigiúil pléitear cumas agus ionracas na bpolaiteoirí. An féidir iad a chreidiúint, nó an bhfuil siad in ann don jab? Ach ag deireadh thiar ní easpa cumais ná easpa ionracais is cúis le teip na bpolasaithe.
Le bheith cruinn faoi, ní oireann na polasaithe sin, mar bíonn siad bunaithe ar idé-eolaíocht a chuireann leas an rachmais roimh leas an phobail.
Mar shampla, i gcúrsaí tithíochta, is é an stát a thóg tithe go fairsing ó na ceathrachaidí ar aghaidh agus sáraíodh géarchéimeanna na linne sin. Rud íorónta ar ndóigh ná gurb é Fianna Fáil a stiúir an polasaí sin.
Rinne an stát é toisc nach raibh an brabús a bhí le déanamh sách ard do thógálaithe príobháideacha. Thuig an stát gur cur amú airgid ligean don rannóg phríobháideach a bheith freagrach nuair ba bhrabús níos mó ná tithe a bhí ar intinn acusan.
Ach inniu tá idé-eolaíocht an tsaormhargaidh chomh tréan sin in intinn Fhine Gael agus Fhianna Fáil nach féidir leo smaoineamh taobh amuigh den rannóg phríobháideach. Mar sin, in ionad na tithe riachtanacha a thógáil iad féin baineann siad triail as scéim i ndiaidh scéime chun tógálaithe príobháideacha a mhealladh le tithe a thógáil.
Agus toisc go mbrúnn sin praghsanna in airde tá scéim eile acu le hairgead a thabhairt don cheannaitheoir céaduaire – airgead a théann go díreach isteach le hardú eile eile a dhéanamh ar phraghas na dtithe.
Ciorcal an oilc gan aon réiteach i ndán.
Mar an gcéanna maidir le cúrsaí sláinte, cúrsaí aeráide is eile.
Aithníonn duine ar bith a bhfuil ciall ar bith aige go bhfuil gníomh ag teastáil go géar le tabhairt faoi ghéarchéim na haeráide. Ach ní dhéanann na Glasaigh ach spriocanna a fhógairt. Ni dhéanann siad aon iarracht bealach a aimsiú le go mbeadh daoine faoin tuath in ann taisteal chun na hoibre ar an gcóras poiblí. Níl de réiteach acu ach an cháin charbóin a ardú le costas an taistil aonair a mhéadú in ainneoin nach bhfuil córas iompair poiblí cuí ar fáil in go leor áiteanna.
Níl léiríonn siad ach oiread cén chaoi a mbeidh feirmeoirí in ann ioncam sásúil a choinneáil má éiríonn siad as beithígh. Ag an am céanna, agus iad sa rialtas bhí siad sásta glacadh le conradh an Aontais Eorpaigh leis an mbloc trádála Mercosur in ainneoin go scriosfadh sé sin ioncam fheirmeoirí na hÉireann is go ndéanfadh sé dochar as cuimse don aeráid.
Má vótálann tú ar son an rialtais tá tú ag vótáil ar son na teipe, is ag daoradh an aosa óig do thodhchaí theoranta i dtithe a dtuismitheoirí.
Tuigim go bhfuil leisce ar roinnt dul sa seans le Sinn Féin. AgusTrump ina uachtarán sna Stáit Aontaithe gan mhoill, tá éiginnteacht ann faoin eacnamaíocht.
An seasfaidh Sinn Féin an fód i gcoinne an tsaormhargaidh? Níl a fhios agam. Ach tá a fhios agam nach féidir leo a bheith níos measa ná an dream atá ann faoi láthair.
Tá a fhios agam go bhfuil pleananna cuimsitheacha fiúntacha acu ó thaobh na tithíochta, na sláinte, na Gaeilge agus athaontú na tíre.
Ná bac leis an streachailt armtha. Tá sí sin thart buíochas le Dia. Ni fiú cloí leis an aimsir chaite, mar má tá todhchaí fhiúntach le bheith againn caithfimid athrú polasaí a fheiceáil.
Agus is le rialtas faoi cheannas Shinn Féin a fheicfimid é.
Níl aon rogha eile.
Fág freagra ar 'Vótáil ar son athraithe nó vótáil ar son lucht na teipe – sin é an rogha'