San am a raibh cónaí orm i dteach mo mhuintire agus is maith an píosa de bhlianta anois é, tháinig mé abhaile tar éis freastal a bheith déanta agam ar chluiche i gCraobh Peile Chonnacht. Ní raibh romham ach mo mháthair. Bhí suim mhór i gcluichí ag an mbean chéanna, go háirid dá mbeadh foireann de chuid na Gaillimhe i mbun imeartha. Dá bharr sin bhí barúil mhaith agam go mbeadh a cluas leis an raidió le linn na himeartha a chonaic mise.
“Shílfeá ó bheith ag éisteacht le Micheál Ó hEithir go raibh haidhfreáil go leor ann, ba dheacair é a chloisteáil dá bharr,” a deir sí.
Le fírinne, ní mórán de fhreagra a thug mé uirthi mar nach raibh mé an-siúráilte céard a bhí i gceist aici.
Tamall fada ina dhiaidh agus mé buailte faoin saol ag an tráth seo, chuaigh mé isteach chuici maidin agus mé ar mo bealach ag obair dom. Ceartlár an tsamhraidh a bhí ann agus an ceantar ag dul thar maoil le daoine óga a bhí ag freastal ar choláistí Gaeilge.
Ar fhiafraí díom di cén chaoi a raibh sí, ba é an freagra a fuair mé. “Maith go leor agus maith go leor é. Níor chodail mé néal aréir ag Gaeilgeoirí ag dul an bóthar i gcaitheamh na hoíche. Iad féin agus a gcuid haidhfreála.”
Ní raibh an focal cloiste agam ó dúirt sí féin é blianta roimhe agus an babhta seo d’admhaigh mé mo chuid aineolais agus d’iarr míniú ar a bhrí.
Ceann a bhí ann a tháinig óna hóige.
Ag an am sin bhí an paróisteachas i bhfad níba láidre ná atá sé sa lá inniu ann. Le fírinne siad na Cluichí Gaelacha amháin atá ag cothú an treibheachais anois. Ach ní hamhlaidh an uair údaí. Níorbh le linn imirt na peile ná na hiomána ba mhó a léiríodh é sa taobh sin againn mar gur bheag díobh a bhí ann. An uair údaí bhíodh daoine chomh ceanúil, bródúil céanna as na bailte fearainn inar rugadh iad agus atá siad as foirne a bparóiste nó a gcontaetha sa lá atá inniu.
Ba bheag baint a bhí ag cluichí le caitheamh aimsire na linne sin. Ba ag céilithe, ‘timeanna’ agus a leithéid a thagadh an pobal le chéile eile ar agus ar ndóigh, na fir go háirid i dteach an óil, ach a luach a bheith acu.
Go minic ag a leithéid siúd ba nós le fear, go háirid má bhí sé súgach, seasamh suas agus blaoch ar son a cheantair féin a dhéanamh. “High for an mbaile s’againne” a deireadh sé, nó níos minice ná a chéile luadh sé ainm na háite “High for Leac a’ Rois”.
Bhí an dúshlán tugtha.
Má bhí aon nduine a mba as bailte éicint eile i láthair, ba dhona iad mura seasfadh siad suas dá bpaiste féin. Ní fada go n-éireodh rudaí teasaí go leor agus anois agus arís tharlaíodh babhtaí achrainn.
Ach ba as an scread a tháinig an focal haidhfreáil.
Bhí an gháir ‘High’ ligthe i léig faoin am a raibh mise i m’ógánach agus focal Béarla eile tagtha ina áit – ‘Up’.
Ag cuimhneamh dom anois air, meas tú nach mba leis na Cluichí Gaelacha amháin a bhaineann an ‘Up’ céanna. Tá sé ceangailte le chuile chontae in Éirinn, fiú ‘Up Down’, ach ní mé an raibh sé sa sacar ná sa rugbaí. B’fhéidir gur amhlaidh nár fhreastal mé ar mhórán cluichí den mhianach sin le linn m’óige, ach feictear dom nach ann do ‘Up Shamrock Rovers’ nó ‘Up Cork Constitution’. Tharlódh dul amú a bheith orm.
‘Up Soir’ agus ‘Up Siar’ na gairmeacha a bhíodh sa mbunscoil agus mé inti. An chéad ghlaoch ag na mic léinn a thagadh anoir an bóthar ar maidin agus an ceann eile acu siúd a thagadh aniar.
Ní raibh aon pháirc pheile sa gceantar ag an am, ní áirím a leithéid a bheith i Scoil Shailearna, rud a chuir cosc ar an gcomhrac a shantaigh muide, na daltaí, a chéile a imirt i gcluiche peile. Ní raibh againn mar sin ach a bheith taobh leis an té a bhí ag moladh a bhaile beag féin ag an gcéilí fadó agus tosaí ar an ‘Up Soir’ agus ar an ‘Up Siar’.
Anois agus arís a thiteadh a leithéid amach agus ní thugtaí faoi go mbíodh muid taobh amuigh de gheataí na scoile. Ansin gan fáth, gan údar, ligfeadh duine blao ar chasadh soir nó siar dóibh. Sheasadh chuile dhuine in áit na mbonn.
Ní mba nós fanacht ann i mbun grágaíola go dtáinig piachán orainn, scaití ní mhairfeadh an liúireach ach nóiméad nó dhó, scaití eile tharlódh go mbeadh beagán ‘brú, brú, sa gcarnán’ i gceist. Uair sa gcéad thabharfaí faoi chaitheamh na gcloch.
B’in an comhartha do mháistir a theacht amach agus muid a dhíbirt abhaile.
Ní raibh aon chailleadh ar ‘Olé, Olé’, an ‘Glory, Glory’ ná ‘Ní Shiúlfaidh Tú i d’Aonar go Deo’.
Ach is beag an ghaire atá acu ar ‘High For Leac an Rois’, ‘Up Soir’ nó ‘Up Siar’.
Fág freagra ar '‘Up Soir’ agus ‘Up Siar’ – is deacair an haidhfreáil a shárú'