‘Unhinged’ an chéad scannán móréilimh sa cineama le ceithre mhí, ach an bhfuil aon mhaitheas ann?

Scéinséir aicsin é scannán nua Russell Crowe atá corraitheach a dhóthain den chuid is mó chun do shuim a choimeád

‘Unhinged’ an chéad scannán móréilimh sa cineama le ceithre mhí, ach an bhfuil aon mhaitheas ann?

‘Unhinged’, le Derrick Borte

Russell Crowe  ‘The Man’, an tiománaí craiceáilte, mire.….

Caren Pistorius  ‘Rachel’, ceap milleáin Crowe.…..

Gabriel Bateman ‘Kyle’, mac óg Rachel, an paisinéir sa charr léi…..

‘The Man’ ‘I need you to learn what a bad day is…. I need you to learn how to say sorry…..’

Ceol bagrach, trombhuille druma, clagarnach bháistí, dorchacht na hoíche, vaigín mór de ghluaisteán SUV páirceáilte cois tí, fear murtallach meánaosta den gcine geal ag alpadh piollaí agus ag giurnáil laistigh. Russell Crowe atá ann. Ó, a Íosa Críost sa bhFásach. Ní dea-thoradh a bheas air seo!

Foláireamh: má tá cumha ort i ndiaidh pecs agus matáin bhoilg Russell Crowe in Gladiator, ní hé an scannán seo Unhinged a shásóidh do dhúil. Tá Crowe tite chun feola i scéinséir dubh Derrick Borte.

Tá ualach meáchain curtha in airde ag Crowe, d’aon ghnó tá súil agam, chun ‘An Fear’, tiománaí gréisceach síceapatach ‘Unhinged’ a chruthú dúinn. Scéinséir bóthair é seo a théann go barr na haille agus le fána thairis le farasbarr foréigin agus fuarán fola.

Samhlaigh Psycho mar thúsphointe agus avae sa bhfraoch ar na stéaróidigh leat ansin.

Ní hin le rá go bhfuil scannán Borte inchurtha le héacht Hitchcock. Níl, ach is scéinséir aicsin é atá corraitheach a dhóthain san insint chun do shuim a choimeád nó go n-imíonn Borte, go meafarach, agus Crowe, go litriúil, thar bhéal na binne ar fad ag agairt díoltais ar Caren Pistorius bhocht, a muintir agus a cairde cléibh. Loitfinn an scéal oraibh dá sceithfinn an lúb sa phlota a éascaíonn ruathar díoltais Crowe ar a muintir.

Táid ann a shamhlódh Unhinged mar thráchtaireacht ar Mheiriceá Mo Dhuine. Bigly, tá a fhios agat. Gan aon dabht, luíonn an scéal agus taispeántas Crowe isteach leis an ‘Fíoch Feirge na Sochaí’ sin a aithnítear mar chomhartha sóirt na haimsire. Cas an crios tarrthála timpeall ort agus luigh siar sa chathaoir mhór agus lig duit féin dul leis an gcóir – nó, sa chás áirithe seo, leis an éagóir!

Murach réaltacht tharraingteach thaispeántas Crowe seans nach ngéillfimis don mbunchoincheap, sé sin, i ndiaidh an drochrud a imirt orthusan sa teach mí-ámharach sin ag an tús, go n-imeodh ár mbithiúnach an mhaidin dár gcionn sa tóir mharfach ar thiománaí mná strainséartha ar éirigh argóint bheag sheafóideach eatarthu ag soilse tráchta dearga.

Dá bhfuinfí Unhinged le linn an Chuibhrithe thall, nuair a maraíodh George Floyd, chuirfeadh ‘Black Lives Matter’ roiseanna breise le fíoch feirge an té a dhéanann asarlaíocht ar Russell Crowe de bharr an léamh atá aige ar shochaí bhreoite an Iarthair agus script Carl Ellsworth.

Níl aon dabht ach go bhfuil ‘fearg na bhfear geal méanaosta’ fán spotsolas in Unhinged. Rómhaith is eol dúinn na cnámha spairne ar fad: riastradh feirge na sochaí; an gaol idir fir is mná; an fear atá pumpáilte suas le baothnáisiúnachas agus teidlíocht; an fear atá lán leis an ngráin don chine gorm, d’eachtrannaigh, do Moslamaigh, don tSín, don Rúis, do mhascanna cosanta Cóibhide, don pobal aerach, do Uncle Tom Cobley agus pé rud eile is ansa leat féin. Fear mór gunnaí agus reiligiúin é de ghnáth freisin, mo dhuine, a chaitheann vóta ar son An Té Nach dTig Liom Fiú a Ainm a Lua.

Sula dtiteann an t-iomlán isteach in umar na haimléise is rollchóstóir ceart de scéinséir tóraíochta é ‘Unhinged’ a thugann ardán iontach do Caren Pistorius sinne a thógaint ar thuras sceonmhar ina gcaitear sinn ar fud na mball go dtí go n-imíonn an scannán de ráillí na hinchreidteachta ar fad.

Creidim go raibh sé i gceist ar dtús scannán toirtiúil scéinséara a dhéanamh a chíorfadh an fíoch feirge i sochaí an. Bhí na hacmhainní is na heilimintí go léir ann – stiúrthóir oilte, scriptscríbhneoir den scoth, Russell Crowe, réalta, Caren Pistorius, aisteoir.

Is trua gur gaire toradh na hoibre don Grand Guignol ná do Psycho.

Ach seo an chéad scannán móréilimh a bhí le feiceáil sa cineama seachas ar líne nó ar aon ardán eile ó mhí an Mhárta. Teist mhargaidh, tomhas aeráide, toise iontaoibh an phobail.

In ainneoin gach easnamh, guím rath air. Cineama abú!    

Fág freagra ar '‘Unhinged’ an chéad scannán móréilimh sa cineama le ceithre mhí, ach an bhfuil aon mhaitheas ann?'