Uisce Éireann ‘sásta’ billí agus comhfhreagras i nGaeilge a chur ar fáil don phobal

Thug Conradh na Gaeilge le fios an tseachtain seo nach rabhthas chun bille a íoc le hUisce Éireann toisc nach gcuirfí chucu i nGaeilge é

Uisce Éireann ‘sásta’ billí agus comhfhreagras i nGaeilge a chur ar fáil don phobal

Tá ráite ag Uisce Éireann go gcuireann siad comhfhreagras i nGaeilge ar fáil dóibh siúd a bhfuil a leithéid uathu.

Thug Conradh na Gaeilge le fios an tseachtain seo nach rabhthas chun bille a íoc le hUisce Éireann toisc nach gcuirfeadh an fóntas chucu i nGaeilge é. I gcomhfhreagras a cuireadh chuig an eagraíocht teanga, dúirt Uisce Éireann go bhféadfaí an dlí a chur ar Chonradh na Gaeilge mura n-íoctar an bille.

Nuair a cheistigh Tuairisc Uisce Éireann maidir leis an scéal agus na dualgais atá ar an bhfóntas comhfhreagras a chur ar fáil i nGaeilge, níor tagraíodh do chás an Chonartha ach dúirt a n-urlabhraí go rabhthas sásta comhfhreagras i nGaeilge a chur ar fáil do dhaoine.

“Nuair a iarrann custaiméir leagan Gaeilge dá bhille, cuireann muid seo ar fáil agus tá sé seo déanta againn go minic,” a dúirt an t-urlabhraí.

“Chomh maith leis sin, má dhéanann ball den phobal cumarsáid le hUisce Éireann trí Ghaeilge trí ríomhphost, trí litir nó ar na meáin shóisialta, tá an duine sin i dteideal freagra a fháil as Gaeilge.”

Faoin tseanreachtaíocht teanga, ní raibh aon dualgas ar Uisce Éireann teagmháil a dhéanamh le daoine i nGaeilge toisc nach raibh scéim teanga aontaithe ag an bhfóntas le hAire na Gaeltachta.

Faoin reachtaíocht nua a ritheadh ag deireadh 2021, áfach, cuirfear deireadh le córas na scéimeanna teanga agus tabharfar isteach scéim na gcaighdeán faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil an fhadhb le hUisce Éireann ag dul siar go dtí 2021, nuair a diúltaíodh bille a íoc toisc go raibh an comhfhreagras i mBéarla. Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go bhfuair an eagraíocht bille i nGaeilge agus gur íocadh sin ach gur billí i mBéarla a tháinig ó shin in ainneoin iarratais ar cheann i nGaeilge.

“Ní thuigim conas gur féidir leo bille i nGaeilge a chur chugainn ag pointe éigin i rith an phróisis seo in 2021 agus ansin a bheith fós ag cur comhfhreagras chugainn i mBéarla,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt sé nár chóir go mbeadh ar dhaoine le Gaeilge “stró breise” a chur orthu féin ag iarraidh a bheith ag plé le comhlacht stáit i nGaeilge.

Chaith úinéir teach tábhairne i nGaeltacht na Gaillimhe seacht mbliana ag diúltú billí Uisce Éireann a íoc toisc gur i mBéarla a bhíodar.

Tháinig deireadh sásúil leis an scéal in 2021 nuair a sheol Uisce Éireann bille as Gaeilge chuig Peadar Ó Máille, úinéir Tigh Mholly sna hAille in Indreabhán.

Ghabh Uisce Éireann leithscéal ag an am le cainteoirí Gaeilge nach raibh in ann cumarsáid cheart a dhéanamh leis an bhfóntas ina dteanga féin. Dúradh gur aithin Uisce Éireann go bhféadfaidís “feabhas” a chur ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil do dhaoine i nGaeilge ach is léir go mbíonn fadhb ann go fóill maidir le comhfhreagras a fháil i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Uisce Éireann ‘sásta’ billí agus comhfhreagras i nGaeilge a chur ar fáil don phobal'

  • Dónall

    An bhfuil aon ráiteas lorgaithe ó Oifigeach Gaeilge Uisce Éireann ar an ábhar ná go deimhin ar chaighdeán an uisce sna ceantair Ghaeltachta le tréimhse anuas?