Conradh na Gaeilge ag diúltú bille a íoc le hUisce Éireann go dtí go gcuirfear chucu as Gaeilge é

Tá ráite ag Uisce Éireann go bhféadfaí an dlí a chur ar Chonradh na Gaeilge ach deir an eagraíocht teanga nach bhfuiltear chun an cheist a phlé a thuilleadh go dtí go gcuirfear bille ar fáil dóibh i nGaeilge

Conradh na Gaeilge ag diúltú bille a íoc le hUisce Éireann go dtí go gcuirfear chucu as Gaeilge é

Tá Conradh na Gaeilge ag diúltú billí a íoc le hUisce Éireann go dtí go gcuirfear comhfhreagras ar fáil dóibh as Gaeilge.

Tá ráite ag Uisce Éireann go bhféadfaí an dlí a chur ar Chonradh na Gaeilge mura n-íoctar an méid atá le híoc ach deir an eagraíocht teanga nach bhfuiltear chun an cheist a phlé a thuilleadh go dtí go gcuirfear bille ar fáil i nGaeilge.

Chaith úinéir teach tábhairne i nGaeltacht na Gaillimhe seacht mbliana ag diúltú billí Uisce Éireann a íoc toisc gur i mBéarla a bhíodar.

Tháinig deireadh sásúil leis an scéal in 2021 nuair a sheol Uisce Éireann bille as Gaeilge chuig Peadar Ó Máille, úinéir Tigh Mholly sna hAille in Indreabhán.

Ghabh Uisce Éireann leithscéal ag an am le cainteoirí Gaeilge nach raibh in ann cumarsáid cheart a dhéanamh leis an bhfóntas ina dteanga féin. Dúradh gur aithin Uisce Éireann go bhféadfaidís “feabhas” a chur ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil do dhaoine i nGaeilge ach is léir go bhfuil fadhb ann go fóill maidir le comhfhreagras a fháil i nGaeilge.

Ag tús na bliana, sheol Uisce Éireann comhfhreagras chuig Conradh na Gaeilge ag rá go bhféadfadh go gcuirfí lucht dlí ag plé leis an gcás mura n-íocfaí an bille atá le híoc.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil an eagraíocht ag plé na ceiste seo le hUisce Éireann ó 2021, agus nach bhfuiltear sásta an bille a íoc go dtí go gcuirfear ar fáil i nGaeilge é.

“Níl muid chun aon aird a thabhairt ar rud éigin a íoc leo nuair nach bhfuil siad ag plé linn trí Ghaeilge,” a deir sé le Tuairisc.

Deir de Spáinn gur pléadh an scéal arís agus arís eile le hUisce Éireann, gur cuireadh bille ar fáil as Gaeilge ag pointe amháin agus gur íoc an Conradh é ach gur billí i mBéarla a cuireadh chuig an eagraíocht ó shin.

“Ní hé nach ndearna muid iarracht é seo a réiteach. Aon uair go ndearnadh teagmháil linn, ghlaoigh mé ar Uisce Éireann ag lorg duine le Gaeilge. Ar ndóigh, ní raibh duine ar fáil agus dúradh go nglaofaí ar ais orm ach níor glaodh.

“Ag pointe éigin, ghlaoigh duine éigin le Gaeilge agus bhí comhrá breá againn. Cuireadh bille ansin as Gaeilge agus d’íoc muid é ach is i mBéarla a bhí siad ó shin.

“Ní thuigim conas gur féidir leo bille i nGaeilge a chur chugainn ag pointe éigin i rith an phróisis seo in 2021 agus ansin a bheith fós ag cur comhfhreagras chugainn i mBéarla.”

Deir de Spáinn nár chóir go mbeadh ar dhaoine le Gaeilge “stró breise” a chur orthu féin ag iarraidh a bheith ag plé le comhlacht stáit i nGaeilge.

Níl aon dualgas reachtúil ar Uisce Éireann bille a chur ar fáil do chustaiméir i nGaeilge agus níl aon scéim teanga acu.

Tá ceist curtha ag Tuairisc ar Uisce Éireann maidir le polasaí agus dualgais an chomhlachta maidir le comhfhreagras i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag diúltú bille a íoc le hUisce Éireann go dtí go gcuirfear chucu as Gaeilge é'

  • Proinnsias Ó hUrmoltaigh

    Aontaím go hiomlán le Julian faoin ábhar seo. Ar a laghad ba chóir don bhille a bheith dhá- theangach, cosúil le íocaíochtaí Motarchánacha agus srl.

    Proinnsias